Dintiúir Reatha na nAmbasadóirí
21/5/13Chuir triúr Ambasadóirí nua a gcuid dintiúir i láthair an Uachtaráin ag searmanas in Áras an Uachtaráin le déanaí.
Chuir na Soilsí, Ambasadóir Phoblacht na Cosaive, Ambasadóir Phoblacht na Maláive agus Ambasadóir Phoblacht na hÚisbéiceastáine a litreacha faoi bhráid an Uachtaráin in Áras an Uachtaráin inniu.
In éineacht lena Shoilse, an tUasal Lirim Greiçevci, Ambasadóir Phoblacht na Cosaive, bhí a bhean, Lindita Greiçevci, a mhac Ben agus an tUasal Arion Krasniqi, Céad-Rúnaí ag an Ambasáid.
In éineacht lena Shoilse, an tUasal Bernard Herbert Sande, Ambasadóir Phoblacht na Maláive, bhí an tUasal Vupé Kunkwenzu, Comhairleoir ag an Ambasáid.
In éineacht lena Shoilse, an tUasal Otabek Akbarov, Ambasadóir Phoblacht na hUisbéiceastáine bhí an tUasal Bakhtiyor Turayev, Ataisé ag an Ambasáid.
Rinne an tUasal Joe Costello, T.D., Aire Stáit do Thrádáil agus Forbairt, ionadaíocht thar ceann an Rialtais ag an searmanas.
Bhí na daoine seo a leanas i láthair chomh maith: An tUasal Adrian O’Neill, Ard-Rúnaí chuig an Uachtarán; an tUasal Brendan Rogers, Leas-Ard-Rúnaí ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála; an tUasal Joe Brennan, Leas-Cheannasaí Prótacal, Marion O’Donnell Uasal agus Emma Madigan Uasal, Ceannasaithe Cúnta Prótacal, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
Bhí Tionlacan Onóra ag na hAmbasadóirí chuig agus ó Áras an Uachtaráin a bhí comhdhéanta de dhíorma gluaisrothar ón 2ú Scuadrún Marcra, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, faoi cheannas an Leifteanaint Richard Piggott.
Chuir an 1ú Cathlán Coisithe, Dún Uí Mhaoilíosa, An Rinn Mhór, faoi cheannas an Leifteanaint James Mulderrig, Garda Onóra ar fáil ag Áras an Uachtaráin.
Stiúir an Captaen Armbhanna Uimh.1.