Fógraíonn an Tánaiste ciste €1.5m le haghaidh tionscadal síochána agus athmhuintearais
22/5/13D’fhógair an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore T.D. €1,562,500 i ndeontais chun tacú le heagraíochtaí pobail ar an dá thaobh den teorainn.
Gheobhaidh 77 tionscadal athmhuintearais agus frithsheicteachais maoiniú i ndiaidh fógra a rinneadh an 22 Bealtaine. Tacaíonn na Cistí Athmhuintearais agus Frithsheicteachais – a leathnaíodh go dtí an méid reatha i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta – le for-rochtain trasphobail i dTuaisceart Éireann agus i gcontaetha na teorann. Tacaíonn na Cistí le comhoibriú trasteorann agus imeachtaí comórtha agus cultúir íogaire.
Agus an maoiniú á fhógairt aige, dúirt an Tánaiste:
“Cothrom an lae inniu cúig bliana déag ó shin tionóladh reifrinn i dTuaisceart agus i nDeisceart na hÉireann chun Comhaontú Aoine an Chéasta a dhaingniú. Chruthaigh an Comhaontú sin féidearthachtaí agus deiseanna nua do ghlúin atá ag fás aníos in am síochánta. Is sochaí an-roinnte í Tuaisceart Éireann fós áfach, agus cé go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar chomhoibriú agus caidreamh Thuaidh/Theas, tá tionchar ag oidhreacht an am atá caite ar phobail, gnóthaí agus bonneagar ar an dá thaobh den teorainn go fóill.”
Tá an obair gan staonadh atá ar siúl ag na grúpaí seo ag cabhrú chun caidreamh pobail inbhuanaithe
I measc na ngrúpaí a bheidh ag fáil gradam faoi na Cistí beidh Co-operation Ireland, a fhaigheann an gradam is mó, as an obair a dhéanann siad le daoine óga i mbaol agus i bpobail ar an imeall. Tá tacaíocht á soláthar chomh maith do Mediation NI i gcomhair oiliúna chun ceannairí pobail i mBaile Meánach, Léim an Mhadaidh agus an Ómaigh a chur ar a gcumas dul i ngleic le saincheisteanna conspóideacha ina bpobal, agus do Chumann Pobail an Ghrianfoirt-Chaisleán na hOireanaí as an fhorbairt atá déanta maidir le naisc trasteorann idir Contae Lú agus Contae an Dúin. Léiríonn na samplaí sin chomh fada agus a sroicheann na Cistí ar fud na bpobal i dTuaisceart Éireann agus i réigiún na teorann.
Mhol an Tánaiste na grúpaí go léir a fuair maoiniú as an méid a bhí déanta acu chun athmhuintearas a bhaint amach, agus chun caidreamh níos fearr a chur chun cinn ar Oileán na hÉireann: “Tá an obair gan staonadh atá ar siúl ag na grúpaí seo ag cabhrú chun caidreamh pobail inbhuanaithe a thógáil bunaithe ar chomh-mheas agus caoinfhulaingt. Ní mór an dúshlán a bhaineann le síocháin a chothú agus a leabú a chur chun tosaigh ag leibhéal polaitiúil agus ag leibhéal an phobail chomh maith.”