Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Seirbhís na bPasanna Luais - Cén fhaid a thógann sé faoi láthair?

Féach ar na meán-Amanna Eisiúna faoi láthair le do thoil. Baineann na hamanna eisiúna seo le hiarratas a cuireadh isteach in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór. Má chuir tú iarratas isteach trí Ambasáid nó Consalacht thar lear, féach ar láithreán gréasáin na hAmbasáide i do thír chónaithe le do thoil.

Pas ar Líne

Is féidir le saoránaigh Éireannacha athnuachan a dhéanamh ar Leabhar Pas nó ar Chárta Pas, nó iarratas a dhéanamh ar a gcéad Chárta Pas ar líne anois ach an tSeirbhís um Athnuachan Pas ar Líne a úsáid. Is féidir le saoránaigh Éireannacha úsáid a bhaint as an tseirbhís ghasta, shlán, seo is cuma cén áit ar domhan ina bhfuil siad ina gcónaí, seirbhís atá ar fáil 24 huaire an chloig, 7 lá na seachtaine, 365 lá na bliana.

An cineál Iarratais ar PhasAn Meán-Aga Comhlánaithe Reatha
Iarratais Pas Ar Line

10 Laethanta oibre

Cé atá in ann an tSeirbhís um Athnuachan Pas ar Líne a úsáid?

Seirbhís na bPasanna Luais

Is é Seirbhís na bPasanna Luais an t-aon mhodh iarratais poist amháin a nglactar leis in Éirinn le haghaidh iarratais ar phas. Cuir iarratas isteach ag d’oifig phoist áitiúil, in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Más athnuachan ar phas atá agat cheana féin atá i gceist, tá sé mar aidhm ag Seirbhís na bPasanna do phas a bheith ar ais agat laistigh de 15 lá oibre ón dáta ar a bhfaigheann muid an t-iarratas, ar an gcoinníoll gur cuireadh an t-iarratas isteach mar is ceart. Ní mór seiceálacha slándála breise a dhéanamh i gcás pasanna atá caillte nó goidte nó a ndearnadh damáiste dóibh. Fág ar a laghad ceithre seachtaine (fiche lá oibre) i gcomhair phróiseáil an iarratais.

An cineál Iarratais ar PhasAn Meán-Aga Comhlánaithe Reatha
Seirbhís na bPasanna Luais Iarratais: Athnuachana 15 Laethanta oibre
Seirbhís na bPasanna Luais Iarratais: Chéaduaire 18 Laethanta oibre
Seirbhís na bPasanna Luais Iarratais: Ionadaithe i gComhair Pas Caillte/Goidte/Damáistithe 18 Laethanta oibre
Tuasiceart Éireann Seirbhís na bPasanna Luais Iarratais: Athnuachana 15 Laethanta oibre

Tuasiceart Éireann Seirbhís na bPasanna Luais Iarratais: Chéaduaire

15 Laethanta oibre

Tuasiceart Éireann Seirbhís na bPasanna Luais Iarratais: Ionadaithe i gComhair Pas Caillte/Goidte/Damáistithe

15 Laethanta oibre

Seirbhís na bPasanna Luais: Conas iarratas a dhéanamh

An Bhreatain Mhór

Is féidir le cónaitheoirí na Breataine Móire iarratas a dhéanamh ag na hOifigí Poist ainmnithe i nGlaschú nó i Learpholl nó ag Ambasáid na hÉireann i Londain.

Tá tuilleadh eolais maidir le pasanna ar fáil ar suíomh gréasáin Ambasáid na hÉireann i Londain.

An cineál Iarratais ar PhasAn Meán-Aga Comhlánaithe Reatha
An Bhreatain Mhór Iarratais Athnuachana 15 Laethanta oibre
An Bhreatain Mhór Iarratais Chéaduaire 70 Laethanta oibre (íosmhéid)
An Bhreatain Mhór Seirbhís na bPasanna Luais ** 15 Laethanta oibre

Moltar go láidir d’iarratasóirí gan eitiltí a chur in áirithe go dtí go mbeidh a bpas acu

Ina gcás siúd a bheidh ag taisteal sa tréimhse trí seachtaine atá romhainn (15 lá oibre), féadfaidh daoine ar gá dóibh a bpas a athnuachan coinne a dhéanamh le hOifigí na bPasanna i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Tá líon teoranta coinní is féidir a dhéanamh in aghaidh an lae agus beidh cruthúnas taistil ag teastáil. 

Má tá sé i gceist agat taisteal laistigh de thrí lá ón lá inniu, soláthraíonn Oifig na bPasanna i mBaile Átha Cliath seirbhís mear-athnuachana trí choinne, lenar féidir pas a fháil an lá céanna. Tá líon teoranta coinní is féidir a dhéanamh in aghaidh an lae agus beidh cruthúnas taistil ag teastáil. 

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais: www.passportappointments.ie