Minister Byrne announces MyEU50 Youth Competition Winners
Press release
01 December 2022Over 5000 pupils and students participate in landmark competition to mark 50 years of Ireland’s EU membership.
The winners of the MyEU50 youth competition for primary and second-level schools were announced at a ceremony hosted by the Minister of State for European Affairs, Thomas Byrne T.D., in Iveagh House, Dublin today.
- Primary Level winners – Balbriggan ETNS, Co Dublin
- Post – Primary Level winners - Gaelcholáiste Mhaigh Nuad (Maynooth), Co. Kildare
Fifth class from Balbriggan ETNS, Dublin emerged as winners in the primary level category. Their entry was a video project on Poland as an EU Member State, where they presented their favourite Polish facts using a combination of live recordings and artistic graphic design.
Post-primary Level winners come from Gaelcholáiste Mhaigh Nuad in Co. Kildare. Their entry was undertaken by seven second year students who presented a roleplay news feature, as Gaeilge, on life as a young person in the European Union.
Both winning entries were awarded prizes worth €2000 at the ceremony in Dublin and also met with the Taoiseach Micheál Martin T.D. and the President of the European Commission, Ursula von der Leyen, at Government Buildings.
Speaking at the ceremony, Thomas Byrne T.D. said:
“Every school that participated in the MyEU50 youth competition deserves to be commended for their participation and their engagement in EU affairs. I would like to congratulate the winners on their superb entries which presented unique and creative takes on EU membership from the perspective of young people.
The Taoiseach and the Government were determined to bring the milestone of 50 years of EU membership directly to our youth through MyEU50. The creativity, experience and opinions expressed in the winning entries, and indeed throughout all entries we received, shows how engaged our young people are in these issues.”
All finalists were invited to the awards ceremony featuring Reem El-Hassany from RTÉ News2day and Israel Olatunde, Ireland’s fastest man. The finalists and their projects were:
- Fifth class, Gaelscoil Aonach Urmhumhan, Co. Tipperary – A rap song on Denmark
- Ballinlough Church of Ireland NS, Co. Roscommon – A video on Luxembourg
- Fourth year students in St Mary’s Secondary School, Co. Cork - A focus on farming
- Fourth year students in St Louis Secondary School, Dublin – A video on Ireland since joining The EU
MyEU50 is an initiative of the Government of Ireland, led by the Department of Foreign Affairs and managed by European Movement Ireland to mark the 50th anniversary of Ireland’s EU membership.
MyEU50 launched in September 2022. Primary level pupils were asked to get creative about the 26 other EU countries by picking a Member State and sharing in the most colourful and creative way facts about that country. Post-primary level students were tasked to make a short 2-to-5-minute video news feature to explore how the EU affects their school and community.
A third level version of MyEU50 will launch in January.
ENDS
Press Office
1 December 2022
Glacann breis agus 5000 dalta agus scoláire páirt i gcomórtas suntasach chun 50 bliain d'Éirinn a bheith mar bhall den Aontas Eorpach a chomóradh.
Fógraíodh buaiteoirí an chomórtais óige MyEU50 do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna ag searmanas arna óstáil ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, Thomas Byrne T.D., i dTeach Uíbh Eachach, Baile Átha Cliath inniu.
- Buaiteoirí Leibhéal na Bunscoile – Scoile Náisiúnta Bhaile Brigín - Ag Foghlaim Le Chéile, Co. Bhaile Átha Cliath
- Buaiteoirí ag Leibhéal na Meánscoile – Gaelcholáiste Mhaigh Nuad (Maigh Nuad), Co. Chill Dara
Thug rang a cúig ó Scoile Náisiúnta Bhaile Brigín - Ag Foghlaim Le Chéile, Baile Átha Cliath an lá leo mar bhuaiteoirí i gcatagóir ag leibhéal na bunscoile. Ba thionscadal físe a n-iontráil atá dírithe ar an bPolainn mar Bhallstát den AE, áit ar chuir siad na fíricí faoin Pholainn ab fhearr leo i láthair ag baint úsáide as meascán de thaifeadtaí beo agus dearadh grafach ealaíonta.
Tháinig buaiteoirí ar Leibhéal na Meánscoile ó Ghaelcholáiste Maigh Nuad i gCo. Chill Dara. Rinne seachtar scoláirí ón dara bliain a n-iontráil agus léirigh siad mír nuachta le rólghlacadh, i nGaeilge, ar an saol mar dhuine óg san Aontas Eorpach.
Bronnadh duaiseanna ar luach €2000 ar an dá iontráil a bhuaigh ag an searmanas i mBaile Átha Cliath agus chas siad leis an Taoiseach Micheál Martin T.D., agus le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, ag Tithe an Rialtais freisin.
Ag labhairt dó ag an searmanas, dúirt Thomas Byrne T.D.:
“Tá moladh tuillte ag gach scoil a ghlac páirt sa chomórtas óige MyEU50 as a rannpháirtíocht agus as a rannpháirteachas i ngnóthaí an AE. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na buaiteoirí as na hiontrálacha iontacha a rinne siad a thugann léargas uathúil cruthaitheach ar bhallraíocht an AE ó thaobh daoine óga de.
Bhí rún daingean ag an Taoiseach agus ag an Rialtas an chloch mhíle de 50 bliain de bhallraíocht san Aontas Eorpach a thabhairt chuig an aos óg go díreach trí MyEU50. Léiríonn an chruthaitheacht, an taithí agus na tuairimí a léiríodh sna hiontrálacha a bhain, agus go deimhin ar fud na n-iontrálacha go léir a fuaireamar, a ghafa is atá ár ndaoine óga leis na saincheisteanna seo.”
Tugadh cuireadh do gach iomaitheoir sa bhabhta ceannais chuig an searmanas bronnta ina raibh Reem El-Hassany ó RTÉ News2day agus Israel Olatunde an fear is tapúla in Éirinn ann. Ba iad seo a leanas na hiomaitheoirí sa bhabhta ceannais agus a gcuid tionscadal:
- Rang a cúig, Gaelscoil Aonach Urmhumhan, Co. Thiobraid Árann – Amhrán rap ar an nDanmhairg
- Scoil Náisiúnta Eaglais na hÉireann, Baile an Locha, Co. Ros Comáin – Físeán ar Lucsamburg
- Daltaí sa cheathrú bliain i Meánscoil Mhuire, Co. Chorcaí - Fócas ar an bhfeirmeoireacht
- Daltaí sa cheathrú bliain in Ard Scoil San Lughaidh, Baile Átha Cliath – Físeán ar Éirinn ó chuaigh sí isteach san AE.
Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann é MyEU50, atá faoi stiúir na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus atá á bhainistiú ag Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun comóradh 50 bliain a dhéanamh ar bhallraíocht na hÉireann san AE.
Seoladh MyEU50 i mí Mheán Fómhair 2022. Iarradh ar dhaltaí bunscoile a bheith cruthaitheach faoi, 26 tír eile den Aontas Eorpach trí Bhallstát a roghnú agus fíricí faoin tír sin a roinnt ar an mbealach is ildaite agus is cruthaithí. Cuireadh de chúram ar dhaltaí iar-bhunscoile gné ghearr nuachta físe 2 go 5 nóiméad a dhéanamh chun iniúchadh a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag an Aontas Eorpach ar a scoil agus ar a bpobal.
Seolfar leagan tríú leibhéal de MyEU50 i mí Eanáir.
CRÍOCH
An Phreasoifig
1 Nollaig 2022
Note for Editors:
MyEU50 received submissions from 5,000 students across both primary and post-primary level. From this, a judging panel selected 6 finalists who attended the awards ceremony on 1 December, where the two overall winners for primary and post-primary were announced.
An initiative of the Government of Ireland, led by the Department of Foreign Affairs and managed by European Movement Ireland, MyEU50 is a competition across all three levels of education in Ireland, primary schools, post-primary schools, and third level Institutions. As Ireland celebrates 50 years of Ireland’s membership of the EU throughout 2022 and 2023, MyEU50 is an opportunity to re-emphasise the role the EU plays in the lives of European citizens, the cultural and linguistic diversity of Europe, and the career opportunities the EU can also provide.
Nóta d’Eagarthóirí:
Fuair MyEU50 aighneachtaí ó 5,000 dalta ar fud leibhéil na bunscolaíochta agus na hiar-bhunscolaíochta araon. As seo, roghnaigh painéal moltóirí 6 iomaitheoir a d'fhreastail ar an searmanas bronnta ar an 1 Nollaig, áit ar fógraíodh beirt bhuaiteoirí foriomlána do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna.
Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann é MyEU50, atá faoi stiúir na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus atá á bhainistiú ag Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn, agus is comórtas é ar fud na dtrí leibhéal oideachais in Éirinn, bunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus Institiúidí tríú leibhéal. Agus Éire ag ceiliúradh 50 bliain de bhallraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach i rith 2022 agus 2023, is deis é MyEU50 chun béim a leagan an athuair ar an ról atá ag an Aontas Eorpach i saol shaoránaigh na hEorpa, ar éagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa, agus ar na deiseanna gairme is féidir leis an AE a chur ar fáil freisin.