Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ciste Meán an Líonra Domhanda Éireannach

Bunaíodh “Ciste Meán an Líonra Domhanda Éireannach” (GIMF), chun tuairisciú ardcháilíochta scéalta an diaspóra Éireannaigh sna meáin Éireannacha a chur chun cinn. 

Fágann an babhta reatha den imirce go bhfuil a lán daoine óga ag fágáil na hÉireann de bharr riachtanais eacnmaíochta. Tá cuid mhór acu ag díriú ar lárionaid thraidisiúnta na himirce ach tá cuid eile ag tarraingt ar láithreacha nua mórthimpeall an domhain. Is ábhar suime d’Éireannaigh, sa mbaile agus thar lear, a scéalta, lena n-áirítear a ngnóthachtálacha agus na dúshláin atá rompu thar lear, mar atá scéalta na ndaoine a d’imigh i mbabhtaí níos luaithe, agus a sliocht siúd.

Tá soláthraithe na meán in Éirinn tar éis freagairt go dearfach don bhabhta seo eisimirce. Anuas ar bhreathnú ar an eisimirce, mar is ceart, mar shaincheist beartais phoiblí, tá siad tar éis a tionchair dhaonna a scrúdú, mar shampla Generation Emigration de chuid an Irish Times. Is mian linn clúdach breise dea-cháilíochta a spreagadh ar na scéalta ó eispéireas an eisimircigh Éireannaigh, i raon réimsí lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do leas/folláine, gnó, cultúr agus spórt.

Tá mionsonraí na scéime seo le fógairt.