Is mian le roinnt mhaith Éireannach freisin filleadh ar Éirinn le dul ar scor. Tá ceart uathoibríoch ag saoránaigh Éireannacha a fhilleann ar Éirinn cónaí anseo. Ach mar sin féin tá roinnt saincheisteanna ar ghá machnamh a dhéanamh orthu má táthar ag cuimhneamh ar dhul ar scor in Éirinn, mar shampla pinsean, cúrsaí cánach, tithíocht agus seirbhísí sláinte.
Cuireann Safe Home raon seirbhísí comhairliúcháin agus tacaíochta ar fáil dóibh siúd atá ag cuimhneamh ar fhilleadh go hÉirinn agus tá cuid mhaith dá seirbhísí dírithe orthu sin atá ag cuimhneamh ar dhul ar scor anseo.