Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Líonra Domhanda Éireannach

Cuidíonn an diaspóra go mór le hÉirinn agus oibrímid le chéile chun tacú le forbairt eacnamaíoch, le cobhsaíocht agus lenár gclú go hidirnáisiúnta. Is gné thábhachtach é an Líonra Domhanda Éireannach den tslí a mbímid i dteagmháil le muintir na hÉireann ar fud an domhain.

The Global Irish Economic Forum 2013

Cad é an Líonra Domhanda Éireannach?

Seo líonra de 300 duine mór le rá as Éirinn agus daoine a bhfuil baint acu le hÉirinn ó thar lear agus a chuireann saineolas idirnáisiúnta luachmhar ar fáil d’Éirinn.

Tagann na baill ó réimsí leathana, iad bunaithe i mbeagnach 40 tír agus iad sásta a bheith páirteach i bhforbairt eacnamaíoch a chinntiú in Éirinn.

Tá mar atá ag éirí le baill an Líonra mar thoradh ar a n-obair chrua, a nuálaíocht agus ar a gcumas agus is tréithe iad sin atá forleathan i measc na nÉireannach thar lear.

Cad a dhéanann sé?

Oibríonn an Líonra go dlúth leis an Rialtas agus le gníomhaireachtaí stáit chun teachtaireachtaí eacnamaíochta, cultúir agus turasóireachta na hÉireann a chur chun cinn i margaí tábhachtacha.  Lena réimse, cumhacht agus tionchar, féadfaidh Éire fabhar iomaíoch tábhachtach a chinntiú agus margaí nua agus margaí atá i mbéal forbartha á ngníomhú acu.

Tá an Líonra Domhanda Éireannach comhdhéanta de 300 duine mór le rá as Éirinn agus daoine a bhfuil baint acu le hÉirinn ó thar lear agus tá siad lonnaithe i mbeagnach 40 tír.

Mar aon lena ról comhairleach agus éascaithe, oibríonn an Líonra go dlúth leis na hAmbasáidí, na Consalachtaí agus le hoifig na ngníomhaireachtaí stáit thar lear chun cuidiú leo tionscnaimh sonracha a sheachadadh, lena n-áirítear:

Mar a thosaigh sé

An Chéad Fhóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain

Tharla an chéad Fhóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain in Eastát Farmleigh, Baile Átha Cliath, i mí Mheán Fómhair 2009.

Ag an gcéad fhóram seo, d’aithin rannpháirtithe líonra domhanda buan mar chuspóir tábhachtach agus seoladh an Líonra Domhanda Éireannach in 2010.

An Dara Fóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain

Reáchtáladh an dara Fóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair 2011 agus tugadh le chéile thart ar 270 ball den Líonra Domhanda Éireannach agus an Taoiseach, an Tánaiste, an Rialtas, gníomhaireachtaí stáit agus ceannairí gnó sa bhaile.

D’éirigh thar cionn leis an bhfóram, agus roinneadh go leor smaointe go neamhbhalbh ar thosaíochtaí an Rialtais maidir le hathnuachan eacnamaíoch, cruthú post agus mar is féidir clú na hÉireann thar lear a athbhunú.

An Tríú Fóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain

Thionóil an Taoiseach agus an Tánaiste an tríú Fóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an 4 agus an 5 Deireadh Fómhair 2013. I láthair bhí comhaltaí an Líonra Domhanda Éireannach, an Rialtais, ghníomhaireachtaí stáit, ceannairí gnóthaí Éireannacha agus cinn institiúidí tríú leibhéal.

Bhí thart ar 100 Fiontar Beag agus Meánmhéide (SME) as oileán na hÉireann i láthair ag an bhfóram i mbliana ag ócáid inar bhuail siad le comhaltaí an Líonra Domhanda Éireannach chun foghlaim faoi uas-scálú i gcomhair onnmhairithe. Tionóladh cruinnithe boird réigiúnacha le SME-anna áitiúla freisin i gCorcaigh, i nGaillimh agus i mBéal Feirste an 3 Deireadh Fómhair 2013.