Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Ghaeilge

Tugann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála tacaíocht do chláir sa Léann Éireannach in ollscoileanna ar fud an domhain agus tugann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta ags Gaeltachta tacaíocht d’fhorbairt ar chúrsaí Gaeilge in insitiúidí tríú leibhéal thar lear.

Irish language

Tá cláir sa Léann Éireannach, sa Léann Ceilteach agus sa Ghaeilge á gcur ar fáil in institiúidí tríú leibhéal i Meiriceá Thuaidh, san Eoraip agus in áiteanna níos faide ó lathair.

Cuireadh tacaíocht do thionscnaimh sa Ghaeilge thar lear ar fáil do Ghlór na nGael tríd an gClár Tacaíochta Eisimirceach ó 2007.  Reáchtálann Glór na nGael an scéim Ghaeilge Dhomhanda a thacaíonn le tionscnaimh Ghaeilge idirnáisiúnta. 

Cuireadh maoiniú suntasach Chlár Tacaíochta Eisimirceach ar fáil freisin do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ó 2005 dá ghníomhaíochtaí sa Bhreatain agus sna SA, ar a n-áirítear cothú agus cur chun cinn na Gaeilge.