Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Gradam an Uachtaráin

pdsa2016

Maidir leis an nGradam

Bronnann an tUachtarán Gradam Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin d’Éireannaigh Thar Lear gach aon bhliain. Aithnítear leis an tseirbhís a thugann daoine a chónaíonn lasmuigh d’Éirinn don tír seo nó do phobail na hÉireann a bhfuil cónaí orthu thar lear.

Ní córas onóracha an Gradam seo. Ní thugann an gradam aon teidlíochtaí dlí ná sochair do na daoine a mbronntar orthu é, lena n-áirítear saoránacht na hÉireann.

Maidir leis na hainmnithigh

Cibé más saoránaigh de chuid na hÉireann iad, go bhfuil siad i dteideal saoránacht na hÉireann nó go dtagann siad ó shliocht Éireannach, bíonn tionchar ollmhór ag obair chrua, ag fuinneamh agus ag tiomantas na n-ainmnitheach ar shaol daoine agus tá ár mbuíochas agus meas tuillte acu.

Cé is féidir ainmniúchán a fháil?

Bíonn ar dhaoine a fhaigheann ainmniúchán don Ghradam a bheith ina gcónaí lasmuigh d’oileán na hÉireann. Ní mór dóibh na nithe a leanas a chomhlíonadh:

  • Seirbhís dearscna a bheith tugtha acu d’Éirinn agus/nó do chlú na hÉireann thar lear
  • Gur chuidigh siad le hÉirinn agus/nó le clú idirnáisiúnta na hÉireann agus/nó le pobail na hÉireann thar lear in aon chatagóir amháin ar a laghad atá sa liosta thíos
  • Gur thacaigh agus go rabhadar rannpháirteach le hÉirinn agus/nó lena clú idirnáisiúnta agus/nó le pobail na hÉireann thar lear ar feadh cúig bliana ar a laghad.

Cé go raibh an scéim oscailte do gach duine atá ina gcónaí thar lear, tá sé dírithe go bunúsach ar shaoránaigh na hÉireann, iad sin atá i dteideal saoránacht na hÉireann agus daoine de shliocht na hÉireann a bhfuil seirbhís leanúnach agus dearscna curtha isteach acu d’Éirinn nó do phobail na hÉireann thar lear. 

Cé a chinneann na hainmnithigh?

Tríd líonra na nAmbasáidí a dhéantar na hainmniúcháin agus déanann Ardphainéal machnamh ar na hainmniúcháin sin. Molann an painéal suas le deichniúr gach bliain ó na hainmniúcháin ar a mbíonn duine amháin ar a laghad ó gach ceann de na réimsí seo:

  • Tacaíocht do phobal Éireannach
  • Na healaíona, cultúr agus spórt
  • Obair charthanachta
  • Gnó agus oideachas
  • Síocháin, athmhuintearas agus forbairt

Cuireann an painéal a moltaí siúd ar aghaidh ansin chuig an Rialtas lena gceadú a fháil.

An coincheap

Tá an Gradam bunaithe ar choincheap an dorais oscailte, a threoraíonn tú go dtí tírdhreach na hÉireann. Léiríonn sé seo dúchas fáiltiúil mhuintir na hÉireann agus Éire mar náisiún araon.

Ábhar an Ghradaim

Tá an gradam déanta as crua-adhmaid na hÉireann agus ábhair eile a fhaightear go háitiúil, agus baintear leas as meascán teicneolaíochtaí nua-aimseartha agus traidisiúnta ag Institiúid Theicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo i Leitir Fraic.

Na dearthóirí

Spear Product Design a dhear an gradam, stiúideo deartha ildisciplíneach a bhfuil gradaim bainte amach aige atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

2014

Na hEalaíona, Cultúr agus Spórt

Fionnula Flanagan (US)
Thomas Keneally (Australia)

Obair Charthanachta

Fr. PJ McGlinchey (Korea)

Gnó agus Oideachas

Jim Flaherty (deceased, Canada)
Catherine Day (EC)
Colm McLoughlin (UAE)

Tacaíocht do Phobal Éireannach

Mary Allen (Britain)
Avril Conroy (Russia)

Síocháin, Athmhuintearas agus Forbairt

Niall O’Dowd (US)
Kevin Cahill (US)

2013

Tionóladh an searmanas Gradam do 2013 in Áras and Uachtaráin i Samhain 2013 agus tugadh onóir do na daoine seo a leanas:

Na hEalaíona, Cultúr agus Spórt

  • Mick Moloney

Gnó agus Oideachas

  • Craig Barrett
  • John Martin

Obair Charthanachta

  • Anne Merriman
  • Sr Cyril Mooney

Tacaíocht do Phobal Éireannach:

  • Mary Tilki
  • Seamus McGarry
  • Rodney Walshe

Síocháin, Athmhuintearas agus Forbairt

  • George Mitchell
  • Ambassador Dan Rooney

Na chéad Ghradaim

Bhí an chéad searmanas de chuid na nGradam ar siúl in Áras an Uachtaráin i mí na Samhna, 2012 agus seo a leanas na daoine ar bronnadh gradam orthu:

Na hEalaíona, Cultúr agus Spórt

  • Pat Kelly (Ceanada)
  • Pierre Joannon (An Fhrainc)
  • Jim Stynes (básaithe, An Astráil)

Gnó agus Oideachas

  • Donald Keough (Na Stáit Aontaithe)
  • Andy Rogers (An Bhreatain Mhór)

Obair Charthanachta

  • Chuck Feeney (Na Stáit Aontaithe)

Tacaíocht do Phobal Éireannach:

  • Sally Mulready (An Bhreatain Mhór)
  • An tSiúir Lena Deevy (Na Stáit Aontaithe)

Síocháin, Athmhuintearas agus Forbairt

  • An tAthair Michael Kelly (An tSaimbia)
  • Loretta Brennan Glucksman (Na Stáit Aontaithe)

Ní ghlacfar le hainmniúcháin do 2013 a thuilleadh.

Déantar daoine a ainmniú do Ghradam Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin trí líonra Ambasáid na hÉireann.

Ainmniúchán

  • Seol an t-ainmniúchán chuig Ambasáid na hÉireann de chuid na tíre ina gcónaíonn an duine a theastaíonn uait a ainmniú
  • Cinntigh go bhfuil na nithe seo a leanas san áireamh:

An catagóir faoina bhfuil an duine á ainmniú/hainmniú

Cur i láthair mionsonraithe de chúlra an duine agus an obair atá déanta acu d’Éirinn, do phobail na hÉireann thar lear nó do chlú idirnáisiúnta na hÉireann

Dáta deiridh

Bíonn an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais don ainmniúchán chuig an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála de ghnáth i mí Aibreáin.

Ach ba chóir duit dul i dteagmháil le d’Ambasáid áitiúil maidir leis an dáta deiridh mar d’fhéadfadh dáta éagsúil a bheith i gceist le hAmbasáidí éagsúla.

Ag dul i dteagmháil leis an Ambasáid

Féach liosta iomlán na nAmbasáidí Éireannach agus a mionsonraí teagmhála

Tabhair ar aird le do thoil go bhfuil an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála faoi réir na nAchtanna um Saoráil Faisnéise 1997 go dtí 2003.

Níl an leagan Gaeilge ar fáil go fóill, más maith leat an leagan Béarla a léamh féach thíos.

See the full selection of videos and galleries at our YouTube Presidential Distinguished Service Awards Playlist