Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ceol & Damhsa Gaelach

Tá an-tóir i gcónaí ar cheol agus ar dhamhsa traidisiúnta agus nua-aimseartha na hÉireann i measc diaspóra na hÉireann.

Le fiche bliain anuas féin tá damhsa na hÉireann feicthe ag lucht féachana níos mó ná riamh ar fud an domhain a bhuíochas i bpáirt don ábhar iontais dochreidte, Riverdance.

Tacaíonn Comhaltas Ceoltóirí Éireann le ceol agus le damhsa traidisiúnta na hÉireann ar fud an domhain agus cuidíonn an obair a dhéanann siad go hidirnaisiúnta leis na traidisiúin seo a choinneáil beo. Agus na céadta craobh ar fud an domhain acu, cuireann Comhaltas ranganna ar fáil, eagraíonn féilte, tugann ceoltóirí agus damhsóirí ar camchuairt agus foilsíonn taifid, leabhair agus ábhair teagaisc ceoil traidisiúnta na hÉireann. 

Ceiliúradh

Le linn Chuairt Stáit an Uachtaráin Higgins ar an mBreatain in Aibreán 2014, reáchtáladh ceiliúradh ceoil ar naisc chultúrtha idir Éire agus an Bhreatain, a coimisiúnaíodh go speisialta- Ceiliúradh – san  Royal Albert Hall i Londain.  Bhí ealaíontóirí mór le rá sa cheolchoirm seo a choimisiúnaigh Cultúr Éireann. Chuaigh sé i bhfad agus i gcéin trí chraoladh traidisiúnta agus ar líne.