Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

CLG

Tá príomhról ag CLG i saol cultúrtha agus sóisialta phobail Éireannacha thar lear agus tugann tacaíocht agus spreagadh d’oidhreacht agus féiniúlacht Éireannach ar fud an domhain.

Ról CLG thar lear

  • Is é CLG an eagraíocht Éireannach is mó thar lear. Tá breis agus 400 cumann CLG ann thar lear anois. Is minic gurb iad na cumainn seo an chéad áit a dtugann eisimircigh Éireannacha nua aghaidh orthu.
  • Cuireann CLG líonra sóisialta agus pobail láidir ar fáil agus, níos mó ná aon eagraíocht aonair eile b’fhéidir, cuidíonn sé chun braistint láidir phobail agus oidhreachta a chothú i measc ár bpobal thar lear.
  • Maoiniú Chlár Tacaíochta Eisimirceach do CLG
  • Is príomhchuspóir na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála é naisc le Pobail Éireannacha thar lear a neartú agus naisc le hÉireannaigh agus le daoine de bhunús na hÉireann a spreagadh. Tá an Clár Tacaíochta Eisimirceach (ESP) lárnach do bhaint amach an chuspóra seo.
  • D’éascaigh comhshocrú maoinithe le CLG tacaíocht ESP d’Oifigigh Forbartha Cluichí CLG sa Bhreatain agus sna SA agus do Chiste Forbartha Cluichí Domhanda. Is í aidhm an Chiste Forbartha Cluichí Domhanda tacú le tionscadail CLG thar lear, lasmuigh den Bhreatain agus de na SA, a sheachadann agus a spreagann deiseanna do chluichí forbartha bríocha agus a chuireann aidhmeanna agus cuspóirí ESP chun cinn tuilleadh.
  • Cuireadh maoiniú ar fáil freisin do CLG do roinnt tionscadal caipitiúil. Trí thacú le tionscadail dá leithéid, tá an Rialtas ag tabhairt cúnaimh chun todhchaí fadtéarmach pobal Éireannach thar lear a chinntiú, agus trí sin a dhéanamh tá sé ag infheistiú sa chaidreamh idir na pobail seo agus an baile.

GAAGO

Féadfaidh tú breathnú ar Chluichí uile CLG, lena n-áirítear Craobhchomórtais, an tSraith Náisiúnta agus an Sunday Game (Beo agus Ar Éileamh), ar GAAGO