Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Bainistíocht Bord

Baineann tábhacht ollmhór le boird láidre, neamhspleácha, thiomanta maidir le rath a bheith ar eagraíochtaí carthanúla agus eagraíochtaí pobail, rialachas éifeachtach a bheith orthu agus iad a bheith inbhuanaithe. Is príomhcheist é ról agus comhdhéanamh an bhoird a mheasann an tAonad um Éireannaigh thar Lear mar chuid dá mheasúnú foriomlán ar inbhuanaitheacht na heagraíochta i dtaobh maoiniú faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach. Bíonn súil againn go bhfuil na dlíthe áitiúla ábhartha lena rialaítear boird agus eagraíochtaí carthanúla á gcomhlíonadh go hiomlán.

Tá comhairle úsáideach á soláthar ag Institiúid na Stiúrthóirí in Éirinn ar a láithreán gréasáin maidir le comhdhéanamh agus gníomhaíochtaí bord i gcás eagraíochtaí neamhbhrabúis. Tugtar ar aird ansin gurb é príomhchuspóir an bhoird rathúnas na heagraíochta a chinntiú trí ghnóthaí na heagraíochta a threorú ar bhonn comhpháirteach agus é ag freastal ar leasanna cuí na bpáirtithe leasmhara ábhartha, agus ag comhlíonadh na reachtaíochta agus na rialachán go léir atá riachtanach. Bítear ag súil go mbeidh ardchaighdeán rialachais, trédhearcachta agus cuntasachta i réim i ngach eagraíocht, agus ní dhéantar eisceacht ar bith i gcás eagraíochtaí pobail, eagraíochtaí deonacha agus eagraíochtaí carthanúla.

Tá sé sonraithe ag an Rialálaí Carthanas in Éirinn freisin gur iontaobhaithe de chuid na heagraíochta iad comhaltaí an bhoird agus dá réir sin go bhfuil ról caomhnóireachta agus maoirseachta acu. Is iad iontaobhaithe carthanachta na daoine a dhéanann rialú ar bhainistíocht na carthanachta, agus atá freagrach aisti faoin dlí. Is saorálaithe iad a thugann a gcuid ama chun na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí carthanúla atá i gceist a fheabhsú agus a chosaint agus chun tacú leo. Cé gur saorálaithe iad, bíonn freagracht nach beag ag gabháil le ról iontaobhaí carthanachta. Tá bord iontaobhaithe carthanachta freagrach, ina iomláine, as maoirseacht na carthanachta sin. Cé gur féidir le hiontaobhaithe carthanachta tascanna a tharmligean, ní féidir leo an chuntasacht a tharmligean.

Cé gur féidir le bord fónamh ar bhonn deonach, tá sé de dhualgas ar stiúrthóirí, oifigigh nó iontaobhaithe eagraíochtaí iad féin a chur ar an eolas faoi na hoibleagáidí atá ar an eagraíocht agus na hoibleagáidí atá orthu féin, lena chinntiú go bhfuil an eagraíocht ag feidhmiú go héifeachtach agus go héifeachtúil agus go bhfuil comhaltaí an bhoird á n-iompar féin go hionraic.

Ba cheart don bhord spriocanna straitéiseacha na heagraíochta a leagan síos freisin agus a bheith in ann féachaint chuige go mbainfear amach iad. Is iad na spriocanna straitéiseacha na cuspóirí dár bunaíodh bhur n-eagraíocht agus leagtar amach leo an méid atá i gceist agaibh a bhaint amach thar thréimhse ama áirithe, 3 go 5 bliana de ghnáth. Ba cheart go sonrófaí sna spriocanna straitéiseacha athrú nó toradh ar mhaith libh a bhaint amach, gníomhaíocht ná aschur. Ba cheart go n-áireofaí leo spriocanna ar furasta iad a thomhais, atá réalaíoch agus atá faoi cheangal ama (féach na nósanna imeachta tuairiscithe). Baineann tábhacht le cuspóirí straitéiseacha mar go sainítear leo tosaíochtaí na heagraíochta agus go gcabhraíonn siad leis an mbord díriú ar phleanáil fhónta gnó agus ar bhainistiú eagraíochta.

Baineann tábhacht ar leith le pleanáil i gcomhair na hinbhuanaitheachta agus na todhchaí, lena n-áirítear uainíocht agus pleanáil comharbas do na comhaltaí boird féin. Is gné thábhachtach de sin é an ghlúin níos óige a spreagadh chun a bheith páirteach sna boird. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh boird pleananna comharbais i bhfeidhm. Is é an príomhchuspóir atá le plean comharbais éascú don aistriú de réir mar a fhágann comhaltaí an bord agus a thagann daoine eile ina n-áit, agus ar deireadh thiar is bealach í inar féidir le heagraíocht a chinntiú go leanfaidh sí ar aghaidh ag feidhmiú go héifeachtach agus ar shlí inbhuanaithe. Tá sé tábhachtach smaoineamh ar éagsúlacht an bhoird i dtéarmaí cúlra agus eispéiris chomh maith le líon na gcomhaltaí boird. Ní mór do bhord a bheith seasta ag lorg comhaltaí ionchasacha agus ní mór dó bealaí nua a aimsiú chun iarrthóirí oiriúnacha a aimsiú i gcomhair poist bhoird. 

Tá comhdhéanamh an Bhoird ina ghné an-tábhachtach maidir le maoirseacht fhónta a dhéanamh ar eagraíocht agus ní mór an comhdhéanamh ceart a bheith ar bhoird chun a gcuid oibre a dhéanamh. Ina fhianaise sin, d'fhéadfadh roinnt treoirlínte dea-chleachtais, a eascraíonn as ceachtanna ó iniúchtaí ar eagraíochtaí a fuair maoiniú CTE, a bheith úsáideach i dtaobh comhdhéanamh boird a fhorbairt agus a chothabháil. Áirítear leo sin:

  • Ba cheart do chomhaltaí an Bhoird fónamh ar feadh tréimhse atá sainithe go soiléir seachas ar feadh tréimhse oscailte. De réir an dea-chleachtais, ba cheart gur tréimhse uasta trí bliana a bheadh i gceist
  • San iomlán, níor cheart do chomhaltaí fónamh ar bhord ar feadh níos mó ná naoi mbliana (trí théarma trí bliana).
  • Níor cheart do chomhaltaí bhoird níos mó ná dhá théarma (sé bliana) a chur isteach i ról ar leith (cathaoirleach nó cisteoir, mar shampla).
  • Níor cheart go mbeadh boird comhdhéanta de dhaoine éagsúla den teaghlach céanna.
  • Níor cheart go mbeadh comhaltaí an Bhoird ag obair don eagraíocht freisin.
  • Ba cheart do chomhaltaí an Bhoird coinbhleachtaí leasa a sheachaint i dtaobh chúrsaí airgeadas na heagraíochta agus na seirbhísí a úsáideann an eagraíocht.