Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Clár Tacaíochta Eisimirceach

Is léiriú praiticiúil é an Clár Tacaíochta Eisimirceach ar thacaíocht agus tiomantas an Rialtais do phobail Éireannacha an domhain, agus ar an spéis atá aige iontu. Tá sé d'aidhm leis pobal idirnáisiúnta na hÉireann a neartú, mar aon lena cheangal le hÉirinn. Tríd an gclár seo, ba mhaith leis an Rialtas tionscadail a mhaoiniú a mbeidh tionchar soiléir, inaitheanta acu ar phobail dhomhanda Éireannacha a chothú agus tacú leo. Déanann an tAonad um Éireannaigh thar Lear sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála bainistiú agus comhordú ar an gclár i gcomhpháirtíocht le hAmbasáidí agus Consalachtaí na hÉireann thar lear.

Cuirfear tús leis an tréimhse ina nglacfar le hiarratais faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach ar an 15 Eanáir 2018 agus cuirfear deireadh léi ar an Aoine an 16 Feabhra 2018. Tabhair faoi deara go gcuirfear an spriocdháta i bhfeidhm go docht agus nach mór an fhaisnéis go léir a theastaíonn a bheith uaslódáilte ina hiomláine faoin 16 Feabhra. Ní féidir glacadh le hiarratais neamhiomlána.

Cuir Iarratas isteach Ar Líne

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar an gClár Tacaíochta Eisimirceach ar an bhfoirm iarratais ar líne amháin.

Ní ghlacaimid le haon iarratas cruachóipe.

Tá doiciméid faisnéise curtha le chéile againn chun cuidiú le heagraíochtaí atá ag déanamh iarratas ar mhaoiniú faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach. Leagtar síos sna doiciméid sin an méid a bhíonn á lorg againn agus iarratais á mbreithniú againn agus dírítear aird ar an dea-chleachtas chun cuidiú le heagraíochtaí ionas go n-éireoidh leis na hiarratais uathu.