Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ceisteanna Coitianta faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach

1.       Cé na Cineálacha Eagraíochtaí a ndéanann sibh Maoiniú orthu?

Is mian linn maoiniú a dhéanamh ar charthanachtaí, comhlachtaí carthanúla nó tionscadail dheonacha/neamhbhrabúis atá dírithe ar cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí seo a leanas:

Leas

  • Freastal ar na riachtanais éagsúla atá ag teacht chun cinn i measc imircigh Éireannacha, go háirithe daoine scothaosta, daoine faoi mhíbhuntáiste agus daoine leochaileacha;
  • Éascú don fháil atá ar sheirbhísí reachtúla agus seirbhísí deonacha ina dtír chónaithe d'eisimircigh Éireannacha;
  • Tacú le tionscadail a théann i ngleic leis an aonrú sóisialta agus a chuireann feabhas ar shláinte choirp agus meabhairshláinte Éireannach scothaosta.

Ceangal

  • Na naisc idir Éire agus Éireannaigh an Domhain a cheiliúradh, a chothú agus a neartú;
  • Cur le bríomhaire an mheoin pobail agus mheon na féiniúlachta Éireannaí;
  • Tacú le líonraí gnó chun Éireannaigh a chur i dteagmháil le chéile sa bhaile agus thar lear;
  • Taighde agus sainiú a dhéanamh ar riachtanais atá ag teacht chun cinn i measc pobail Éireannacha thar lear;
  • Tacú le forbairt bealaí nua chun dul i dteagmháil le hÉireannaigh an domhain, dream atá ag dul in éagsúlacht, lena n-áirítear daoine den diaspóra neamhthraidisiúnta agus eisimircigh óga;
  • Cur leis an bhfeasacht agus an tuiscint ar eispéiris na n-imirceach Éireannach agus an diaspóra.

Ceangal ó Ghlúin go Glúin

  • In 2018 tá suim ar leith againn i dtacú le tionscadail idirghlúine faoina soláthraítear bealaí idirghníomhaíochta idir daoine de phobail Éireannacha, beag beann ar aois. Chuige sin, tá suim €200,000 á cur ar fáil againn i gcomhair na gcineálacha tionscadal sin.

Comhar

  • Glactar le hiarratais ó eagraíochtaí aonair nó ó roinnt eagraíochtaí atá ag obair i gcomhar le chéile chun dul i ngleic le riachtanas nó deis aitheanta. Tá spreagadh ar leith á thabhairt againn do thionscadail chomhoibritheacha in 2018 agus cuirfimid €200,000 ar fáil go sonrach le haghaidh tionscadail chomhoibritheacha.

2.       Cén chaoi ar féidir le m'Eagraíocht iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú CTE?

Ní mór iarratais a dhéanamh tríd an gcóras ar líne ar láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Ní ghlacfar le hiarratais i gcruachóip ná iarratais ar an ríomhphost. Déan cinnte le do thoil go mbeidh na treoirlínte don phróiseas iarratais léite agat sula ndéanfaidh tú iarratas.

Gach bliain, cuirtear isteach ar thart timpeall is dhá oiread an méid maoinithe atá ar fáil. Cuirtear iarratais in ord tosaíochta ag brath ar mar a chomhlíonann siad na critéir/cuspóirí atá leagtha amach. Ba cheart d'iarratasóirí nár éirigh leo smaoineamh ar iarratas eile a dhéanamh i mbabhtaí amach anseo. Mar gheall ar líon mór na n-iarratas, ní féidir deontas a sholáthar do gach eagraíocht atá incháilithe agus a mbaineann fiúntas léi.

 3.       Cad é an sceideal?

Cuirfear tús leis an tréimhse ina nglacfar le hiarratais faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach ar an 15 Eanáir 2018 agus cuirfear deireadh léi ar an 16 Feabhra 2018. Tabhair faoi deara go gcuirfear an spriocdháta i bhfeidhm go docht agus nach mór an fhaisnéis go léir a theastaíonn a bheith uaslódáilte ina hiomláine faoin 16 Feabhra. Ní féidir glacadh le hiarratais neamhiomlána. Déantar na cinntí i rith an tsamhraidh gach bliain.

Ritheann bliain deontais CTE ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh. Ní mór tuairiscí ar dhul chun cinn a bheith istigh faoi dheireadh mhí an Mhárta gach bliain ó eagraíochtaí a fuair maoiniú an bhliain roimhe sin. Cuirtear na tuairiscí sin san áireamh sa phróiseas meastóireachta, agus ní bheidh eagraíochtaí incháilithe le haghaidh maoiniú CTE breise go dtí go gcuirfear tuairiscí sásúla isteach.

4.       Cad NACH nDÉANTAR MAOINIÚ AIR faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach?

Cé go meastar gach iarratas ar a fhiúntas féin, i gcoitinne ní féidir Maoiniú faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar na rudaí seo a leanas:

  • Táillí ealaíontóirí, taibheoirí nó cainteoirí, lena n-áirítear taisteal agus cóiríocht – bíodh gairmithe iad nó nach ea
  • Staidéar pearsanta nó taisteal thar lear
  • Iasachtaí nó easnaimh a aisíoc
  • Gníomhaíochtaí a bhaineann le páirtí polaitíochta
  • Tionscadail ag a bhfuil cuspóir tráchtála
  • Na costais a bhaineann le freastal ar imeachtaí Ambasáide nó Consalachta
  • Ceannach duaiseanna i gcomhair raifil
  • Táillí ballraíochta d'eagraíochtaí eile a fhaigheann maoiniú faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach

5.       Cén Cineál Tionscadal ar féidir a mhaoiniú faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach?

Mar threoir ghinearálta, ní mór iarratais a dhéanamh faoi na catagóirí seo a leanas:

Oidhreacht: Tionscadail a chuireann oidhreacht agus féiniúlacht na hÉireann chun cinn thar lear.

Áirítear leo sin, i measc eile:

  • Cláir agus féilte ealaíon, ceoil agus cultúir Éireannaigh (ionad ar cíos, poiblíocht agus costais infreastruchtúir).
  • Tionscadail lena gcothaítear tuiscint níos fearr ar an bhféiniúlacht Éireannach.
  • Tionscadail for-rochtana cultúrtha agus oidhreachta do scoileanna agus do ghrúpaí pobail, go háirithe tionscadail a bhaineann le hÉireannaigh den chéad ghlúin agus glúine ina diaidh sin.
  • Tionscadail oideachais a chuireann cultúr, oidhreacht agus féiniúlacht na hÉireann chun cinn.

Leas (Daoine Scothaosta): Tionscadail atá dírithe go sonrach ar thacaíocht a thabhairt do dhaoine scothaosta den phobal Éireannach. Áirítear leo sin, i measc eile:

  • Tionscadail a chuideoidh leis an bhfáil atá ag eisimircigh Éireannacha leochaileacha ar sheirbhísí reachtúla agus seirbhísí deonacha ina dtír chónaithe.
  • Tionscadail a sholáthraíonn seirbhísí leasa túslíne lena n-áirítear comhairle, comhairleoireacht, tacaíocht mheabhairshláinte, abhcóideacht, eolas agus seirbhísí teagmhála.
  • Tionscadail a fheabhsóidh leas agus folláine na ndaoine is leochailí inár bpobal, lena n-áirítear daoine scothaosta, pobal Lucht Siúil na hÉireann agus iad siúd a bhfuil riachtanais chasta acu.
  • Tionscadail a laghdóidh an t-aonrú sóisialta i measc Éireannaigh scothaosta. Féadfaidh an CTE maoiniú a chur ar fáil maidir le costais clubanna lóin rialta d'Éireannaigh scothaosta (mar shampla, cíos ionaid, costas bia agus b'fhéidir cuidiú le costais iompair do bhaill nach bhfuil ar lánchumas). Déanfar measúnú freisin ar iarratais ar mhaoiniú i leith na gcostas iompair a bhaineann le turais shóisialta anois is arís.

Leas (Eile): Tionscadail a bhaineann le seirbhísí leasa túslíne a sholáthar don phobal lena n-áirítear seirbhísí comhairle, comhairleoireachta, eolais agus teagmhála. Áirítear leo sin, i measc eile:

  • Tionscadail a chabhróidh le heisimircigh nua Éireannacha socrú síos ina bpobal nua.
  • Tacaíocht do phobail Éireannacha i gcásanna géarchéime i gceantair atá i bhfad i gcéin ón Ambasáid nó ón gConsalacht is gaire dóibh.
  • Taighde ar riachtanais phobal na n-eisimirceach Éireannach.

Líonraí: Tionscadail faoina mbunaítear líonraí gnó, gairmiúla, pobail agus ealaíon Éireannacha thar lear, faoina dtacaítear leo agus faoina gcothaítear iad. Áirítear leo sin, i measc eile:

  • Cíos ionaid agus costais phoiblíochta i gcomhair imeachtaí líonraithe.
  • Tionscnaimh atá dírithe ar an Diaspóra agus a léiríonn go soiléir feabhas ar an gceangal idir pobail Éireannacha agus Éire, chun a dtairbhe araon.
  • Tionscadail a mheasann an tAonad um Éireannaigh thar Lear agus/nó Ambasáid nó Consalacht na tíre atá i gceist go mbeidh tionchar dearfach acu ar an bpobal a mbeidís ag freastal air, nó ar dhea-chlú na hÉireann sa réigiún.

Caipiteal: Tionscadail ina bhfuil sé i gceist sócmhainní caipitil a rachaidh chun tairbhe pobail Éireannacha thar lear a thógáil, a athchóiriú nó a cheannach. Áirítear láithreáin ghréasáin agus mórthionscadail dhigiteacha/bogearraí faoin gcatagóir chaipitil freisin.

Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh an maoiniú caipitil a leithdháilfear gach bliain ag brath ar na cistí atá ar fáil agus ar ord tosaíochta na dtionscadal a chuirfear isteach. Mar atá sonraithe san fhoirm iarratais ar líne, ní mór go n-áireofaí le hiarratais ar mhaoiniú caipitil ar a laghad trí luachan i leith na hoibre atá beartaithe. Ina theannta sin, ba chóir go mbeadh plean tionscadail mionsonraithe, sceideal agus forbhreathnú buiséid ag gabháil leis na hiarratais sin, ina dtaispeántar go soiléir go bhfuil cuid shuntasach de chostas an tionscadail geallta ag foinsí eile seachas an CTE.

Tá maoiniú caipitil faoi réir coinníollacha breise lena n-áirítear aisíoc féideartha an mhaoinithe má dhíoltar sócmhainn laistigh de thréimhse ama shonraithe.

6.       An féidir Eagraíocht a bheith á Maoiniú ag CTE as féin?

Táthar ag súil go mbeidh foinsí maoinithe éagsúla ag eagraíochtaí a mhaoineofar faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach lena chinntiú go bhfuil an eagraíocht inbhuanaithe. Tá bearta tiomsaithe airgid atá láidir agus éagsúil ar cheann de na gnéithe a bhíonn á lorg againn agus maoiniú eagraíochta á mheas againn. Go ginearálta, b'fhearr linn go mór nach mbeadh eagraíochtaí ag brath an iomarca ar mhaoiniú faoin CTE.

Ní dócha go dtabharfaí maoiniú faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach d'aon ghníomhaíocht ná tionscadal dar deonaíodh cistí ó rannóg eile de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, ná ó dheontóir eile laistigh den Roinn. Ar an gcaoi chéanna, sa chás ina bhfuil eagraíocht á maoiniú ag Roinn eile de chuid Rialtas na hÉireann, beimid ag obair leis an Roinn sin chun a chinntiú nach bhfuil dúbailt mhaoinithe i gceist.

7.       Cén Maoiniú Caipitil atá ar fáil?

Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh an maoiniú caipitil a dhéanfar a leithdháileadh gach bliain ag brath ar na cistí atá ar fáil agus ar ord tosaíochta na dtionscadal a chuirfear isteach. Mar atá sonraithe san fhoirm iarratais ar líne, ní mór go n-áireofaí le hiarratais ar mhaoiniú caipitil ar a laghad trí luachan i leith na hoibre atá beartaithe. Ina theannta sin, ba chóir go mbeadh plean tionscadail mionsonraithe, sceideal agus forbhreathnú buiséid ag gabháil leis na hiarratais sin, ina dtaispeántar go soiléir go bhfuil cuid shuntasach de chostas an tionscadail geallta ag foinsí eile seachas an CTE.

Tá maoiniú caipitil faoi réir coinníollacha breise lena n-áirítear aisíoc féideartha an mhaoinithe má dhíoltar sócmhainn laistigh de thréimhse ama shonraithe.

Tabhair faoi deara le do thoil go n-áirítear láithreáin ghréasáin agus mórthionscadail dhigiteacha/bogearraí mar thionscadail chaipitil.

8.       An féidir Costais Tuarastail a íoc?

Ní bhreithneoidh an Clár Tacaíochta Eisimirceach iarratais ar sciar de thuarastail agus caiteachas athfhillteach eile a íoc ach amháin i gcomhthéacs tionscadal atá sainithe go soiléir agus a gcomhlíonann a thorthaí cuspóirí an Chláir.

Go ginearálta, ní íocaimid 100% de na costais tuarastail ar leith, agus cé go meastar gach iarratas ar a fhiúntas féin, measaimid gur uasteorainn chuí é 80% d'aon tuarastal ar leith a mhaoiniú i bhformhór na gcásanna. 

9.       An féidir na Cistí a Athdháileadh laistigh den Eagraíocht Chéanna?

Ní fhéadfar maoiniú faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach a chaitheamh ach amháin ar thionscadail nó ar ghníomhaíochtaí ar cuireadh iarratas isteach ina leith agus a ceadaíodh. Ar an gcaoi chéanna, ní mór an maoiniú a chaitheamh ar an tionscadal a bhfuiltear ag tacú leis i mbliain an leithdháilte, de réir théarmaí agus choinníollacha an chláir.

Ní fhéadfar in aon chás cistí a atreorú chuig gníomhaíochtaí eile gan cead i scríbhinn a bheith faighte roimh ré ón Aonad um Éireannaigh thar Lear i gcomhairle leis an Ambasáid nó an Chonsalacht chuí. D'fhéadfadh sé go n-iarrfadh an Roinn go n-aisíocfaí na cistí mura gcloífear leis an gcoinníoll mhaoinithe sin.

10.     Má éiríonn leis an Iarratas uainn, Cén Uair nach mór dúinn an Maoiniú CTE a chaitheamh?

Tabharfar na dátaí cruinne faoina gcaithfear maoiniú CTE a chaitheamh sa Litir Thairisceana a sheolfar i leith iarratas ar éirigh leis. Ritheann an bhliain deontais ón 1 Iúil go dtí an 31 Meitheamh gach bliain, agus ní mór cistí a chaitheamh laistigh den tréimhse ama sin, agus de réir na dtéarmaí atá leagtha amach sa Litir Thairisceana.

11.     Cad iad na Téarmaí agus na Coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir le Maoiniú?

Ní mór d'iarratasóirí toiliú cloí le téarmaí agus coinníollacha mionsonraithe an Chláir Thacaíochta Eisimirceach, sula bhféadfar cistí a scaoileadh. Bíonn na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le faighteoirí deontais leagtha síos sa Litir Thairisceana a ghabhann le gach deontas. Tá na téarmaí ar an gcóras iarratais ar líne freisin.

D'fhéadfadh coinníollacha breise a bheith ag gabháil le deontas sonrach d'eagraíocht agus déanfar iadsan a mhionsonrú sa Litir Thairisceana a sheolfar chuig iarratasóirí ar éirigh leo. Ní mór cloí go docht leis na téarmaí agus na coinníollacha uile agus d'fhéadfadh sé nár mhór deontais a aisíoc mura gcloífear leo.

12.     Cad iad na Tuairiscí nach mór d'Fhaighteoirí an Mhaoinithe CTE a sholáthar?

Iarrfar ar eagraíochtaí a mhaoineofar cur síos tuairisciúil a dhéanamh agus tuairisc airgeadais a thabhairt ina mbeidh cur síos achomair ar an dul chun cinn a rinneadh ó dámhadh an deontas, agus conas mar a chuidigh an deontas le baint amach roinnt de phríomhchuspóirí an Chláir Tacaíochta Eisimirceach, nó na príomhchuspóirí go léir.

Ní mór na tuairiscí sin a chomhlánú ar na teimpléid a sholáthraíonn an Roinn agus laistigh de na scálaí ama atá sonraithe. Cuirfear na spriocdhátaí tuairiscithe i bhfeidhm go docht agus mura soláthrófar na tuairiscí riachtanacha laistigh den spriocdháta, ní chun leasa aon iarratais ar mhaoiniú amach anseo a bheidh sé. Ní bheidh an eagraíocht incháilithe le haghaidh maoiniú breise faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach go dtí go gcuirfear tuairiscí sásúla isteach.

13.    Cad iad na Ceanglais maidir le Tuairisciú Airgeadais?

Teastaíonn faisnéis airgeadais uainn a léiríonn go soiléir go bhfuarthas an deontas agus gur cáitheadh é.

I ngach cás agus i ngach tuairisc airgeadais, ba cheart go dtabharfaí aitheantas don mhaoiniú, as féin agus go sainráite, mar seo a leanas: "Rialtas na hÉireann; An Clár Tacaíochta Eisimirceach"

I gcomhlíonadh Chiorclán 13/2014 de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe in Éirinn, ní mór go léireofaí i ráitis airgeadais iniúchta nó i gcuntais a chuirfear isteach:

  1. Méid iomlán (mar atá sa Litir Thairisceana) agus téarma (tréimhse) an deontais iomláin (i.e. 1 Iúil 2017 – 30 Meitheamh 2018 mura bhfuil tréimhse dhifriúil leagtha síos)
  2. Méid an deontais faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach atá i gcuntas sna ráitis airgeadais reatha. Más lú an méid sin ná méid iomlán an deontais CTE, ba cheart go gcuirfeá in iúl an bhfuil srian ar úsáid an deontais nó nach bhfuil, agus an srian atá i gceist (i.e. an mbaineann sé le tionscadal áirithe, nó le soláthar seirbhíse faoi leith).

Ina theannta sin, de réir na gceanglas atá leagtha amach sa Chiorclán thuasluaite, ceanglaítear ar eagraíochtaí sonraí a sholáthar maidir le líon na bhfostaithe a bhfuil a sochair iomlána fostaí (gan costais phinsin an fhostóra san áireamh) laistigh de gach banda €10,000 ó €60,000 ar aghaidh, agus figiúr foriomlán le haghaidh ranníocaíochtaí pinsin iomlána an fhostóra. Tá feidhm ag an gceanglas sin fiú mura bhfuil tuarastail á maoiniú faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach.

14.    An gcaithfidh mé Aitheantas a Thabhairt do mhaoiniú CTE ar aon bhealach eile?

Caithfidh tú. Chomh maith le haitheantas a thabhairt do mhaoiniú CTE ina gcuntais airgeadais, ní mór do gach eagraíocht lógó CTE Rialtas na hÉireann a thaispeáint ar a láithreán gréasáin freisin. Is féidir an lógó a iarraidh tráth ar bith ón Ambasáid nó ón gConsalacht Éireannach is gaire duit.

15.    Cén chaoi a ndéanfar Monatóireacht agus Meastóireacht ar Chaiteachas CTE?

Déanann an Clár Tacaíochta Eisimirceach monatóireacht ar a chuid beartas agus nósanna imeachta chun feabhas leanúnach a chur ar an gcaoi a ndéanann sé cistí poiblí a leithdháileadh agus ar an monatóireacht a dhéanann sé ar an gcaoi a n-úsáidtear iad.

Tá an rialú cáilíochta sin ríthábhachtach chun an luach is fearr is féidir ar airgead a bhaint amach agus lena chinntiú go mbeidh an clár inbhuanaithe san fhadtréimhse. Thug iniúchtaí agus meastóireacht treoir agus bonn eolais don chlár ó bunaíodh é.

Féadfaidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, nó seirbhísí iniúchóirí neamhspleácha atá ag obair thar a ceann, iniúchtaí a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar baineadh úsáid as cistí CTE agus ar an luach ar airgead a baineadh amach, ar na tairbhithe nó na seirbhísí ar a bhfuil eagraíochtaí comhpháirtíochta dírithe, ar struchtúir rialachais na heagraíochta comhpháirtíochta, ar oiriúnacht ghníomhaíochtaí an chomhpháirtí agus ar na bealaí ina bhféadfaí a gcláir a fheabhsú. Féadfar moltaí a dhéanamh sna réimsí sin go léir freisin.

Is gá measúnú rialta a dhéanamh ar na seirbhísí ar a bhfuil eagraíochtaí comhpháirtíochta dírithe agus ar an úsáid a bhaineann siad as cistí CTE i gcomhthéacs athruithe ar riachtanais na nÉireannach thar lear, lena chinntiú go mbeidh an Clár Tacaíochta Eisimirceach fós éifeachtach agus oiriúnach dá chuspóir. Chun cur le héifeachtúlacht agus le tionchar, d'fhéadfadh sé go spreagfaí eagraíochtaí comhpháirtíochta atá gar dá chéile chun faisnéis agus/nó seirbhísí a chomhroinnt.

I gcás inar bhain eagraíocht úsáid mhíchuí as cistí CTE, nár úsáid sí cistí chun na críocha dár deonaíodh iad nó nár thug sí tuairisc shásúil ar an gcaoi ar úsáideadh cistí, glacfaidh an Roinn beart leantach, lena n-áirítear aisíoc na gcistí deontais a éileamh.

16.    An dtabharfar do Thríú Páirtithe an Fhaisnéis a thabharfaidh mé mar chuid den Iarratas CTE?

Caithfear le faisnéis phearsanta ar bith a thabharfar don Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála mar chuid den phróiseas iarratais ar dheontas leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003. Tuigim go n-úsáidfear an fhaisnéis sin chun críocha measúnaithe agus chun éascú do riar an Chláir Tacaíochta Eisimirceach. Ina cáil mar rialaitheoir sonraí, stórálfaidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an fhaisnéis a sholáthrófar go slán sábháilte, déanfaidh sí a rúndacht a urramú, agus ní nochtfar na sonraí d'aon tríú páirtí, ach amháin nuair is gá sin le haghaidh meastóireachta chun críocha riaracháin CTE.

Tá an t-iarratasóir ar dheontas freagrach as a chinntiú go bhfuil na sonraí go léir a chuirfear isteach mar chuid den phróiseas iarratais cruinn agus cothrom le dáta. Faoi théarmaí na nAchtanna um Chosaint Sonraí, tá ceart rochtana ag eagraíocht an iarratasóra ar shonraí pearsanta atá i seilbh na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, má tá na sonraí pearsanta atá á gcoimeád ag an Roinn as dáta nó míchruinn, agus tá sé de cheart aici na sonraí sin a cheartú. Is ionann foirm iarratais a chur isteach agus deimhniú a thabhairt gur féidir leis an Roinn leas a bhaint as an bhfaisnéis atá á soláthar chun na críocha thuasluaite.

Maidir leis sin, ba chóir a thabhairt faoi deara freisin gur comhlacht ainmnithe í an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.

17.    An féidir liom iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú CTE do m'fhoireann CLG áitiúil?

Tá foráil déanta maidir le cur chun cinn na gcluichí Gaelacha lasmuigh d'Éirinn faoi chomhaontú idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus Ceanncheathrú CLG. Cuirtear cistí de chuid an Chláir Tacaíochta Eisimirceach ar fáil do CLG ar mhaithe le forbairt cluichí ar fud an domhain tríd an gcomhaontú comhpháirtíochta sin. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le do bhord contae áitiúil.

I gcás clubanna a d'fhéadfadh tionscadail a bheith acu nach bhfuil clúdaithe faoi fhorbairt cluichí ach a bhfuil baint acu le cuspóirí CTE, moltar dóibh dul i dteagmháil leis an Ambasáid nó an Chonsalacht áitiúil ar dtús.

18.    An gá gur eagraíocht Éireannach muid?

Maidir le leas, cé go bhféadfadh sé gur do ghníomhaireachtaí leasa phoiblí Éireannacha a sholáthraíonn seirbhísí comhairle túslíne a thabharfar cúnamh deontais den chuid is mó, d'fhéadfadh sé go dtabharfaí roinnt tacaíochta freisin do ghníomhaireachtaí leasa neamh-Éireannacha a sholáthraíonn seirbhís luachmhar do líon suntasach cliant Éireannach. Tá an maoiniú ó Rialtas na hÉireann beartaithe chun cuidiú leis an rochtain ar mhaoiniú príomhshrutha, seachas a bheith ina foinse mhaoinithe as féin amháin.