Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Forléargas ar an gClár Tacaíochta Eisimireach‌‌

Léigh an doiciméad seo le do thoil sula gcomhlánóidh tú foirm iarratais lena cur isteach.

Réamhrá

Is léiriú praiticiúil é an Clár Tacaíochta Eisimirceach (CTE) de chuid Rialtas na hÉireann ar thacaíocht agus tiomantas an Rialtais do phobail Éireannacha an domhain, agus ar an spéis atá aige iontu, mar atá leagtha amach in Éireannaigh an Domhain: Beartas na hÉireann maidir leis an Diaspóra.  Tá sé ina phríomhchuspóir freisin ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála neartú a dhéanamh ar na naisc le Pobail Éireannacha thar lear agus naisc a chothú le hÉireannaigh agus daoine de bhunadh na hÉireann ar fud an domhain. Sna pobail sin tá eisimircigh Éireannacha, a sliocht, iad siúd atá ag maireachtáil thar lear a mothaíonn gur d'oidhreacht Éireannach iad agus a cheiliúrann an fhéiniúlacht sin, agus daoine a bhfuil naisc dhomhanda le hÉirinn acu.

Gné lárnach de bhaint amach an chuspóra sin is ea an Clár Tacaíochta Eisimirceach (CTE), atá faoi stiúir an Aonaid um Éireannaigh Thar Lear sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath, i gcomhpháirtíocht le hAmbasáidí agus Consalachtaí Éireannacha thar lear.

Tríd an CTE, tugann an Rialtas tacaíocht airgeadais d'eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí comhairleacha agus seirbhísí cúraim pobail túsline d'eisimircigh Éireannacha, go háirithe do dhaoine dár bpobal thar lear atá leochaileach nó imeallaithe, agus daoine scothaosta san áireamh. Ina theannta sin, éascaíonn an CTE freisin don infheistíocht a dhéanann Rialtas na hÉireann i dtionscadail éagsúla cultúir, pobail agus oidhreachta, lena gcothaítear meon beoga Éireannach agus an fhéiniúlacht a ghabhann léi i measc pobal, agus an infheistíocht a dhéanann sé i dtionscadail chaipitil straitéiseacha.

Ó bunaíodh é in 2004, chabhraigh an Clár Tacaíochta Eisimirceach le breis agus 530 eagraíocht in 34 tír le deontais dar luach breis is €158 milliún. I measc na ndeontas bhí idir shuimeanna beaga do ghrúpaí pobail agus suimeanna móra d'eagraíochtaí deonacha agus eagraíochtaí pobail atá ag feidhmiú ar scála mór. In 2017 amháin, fuarthas níos mó ná 420 iarratas ó bhreis is 20 tír ag iarraidh maoiniú dar luach níos mó ná €20 milliún ó bhuiséad €11.6 milliún an Chláir.

Cuspóirí an CTE – An bhfuil do thionscadal incháilithe:

Is mian linn maoiniú a dhéanamh ar charthanachtaí, comhlachtaí carthanúla nó tionscadail dheonacha/neamhbhrabúis atá dírithe ar cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí seo a leanas:

Leas

  • Freastal ar na riachtanais éagsúla atá ag teacht chun cinn i measc imircigh Éireannacha, go háirithe daoine scothaosta, daoine faoi mhíbhuntáiste agus daoine leochaileacha;
  • Éascú don fháil atá ar sheirbhísí reachtúla agus seirbhísí deonacha ina dtír chónaithe d'eisimircigh Éireannacha;
  • Tacú le tionscadail a théann i ngleic leis an aonrú sóisialta agus a chuireann feabhas ar shláinte choirp agus meabhairshláinte Éireannach scothaosta.

Ceangal

  • Na naisc idir Éire agus Éireannaigh an Domhain a cheiliúradh, a chothú agus a neartú;
  • Cur le bríomhaire an mheoin pobail agus mheon na féiniúlachta Éireannaí;
  • Tacú le líonraí gnó chun Éireannaigh a chur i dteagmháil le chéile sa bhaile agus thar lear;
  • Taighde agus sainiú a dhéanamh ar riachtanais atá ag teacht chun cinn i measc pobail Éireannacha thar lear;
  • Tacú le forbairt bealaí nua chun dul i dteagmháil le hÉireannaigh an domhain, dream atá ag dul in éagsúlacht, lena n-áirítear daoine den diaspóra neamhthraidisiúnta agus eisimircigh óga;
  • Cur leis an bhfeasacht agus an tuiscint ar eispéiris na n-imirceach Éireannach agus an diaspóra.

Ceangal ó Ghlúin go Glúin

  • In 2018 tá suim ar leith againn i dtacú le tionscadail idirghlúine faoina soláthraítear bealaí idirghníomhaíochta idir daoine de phobail Éireannacha, beag beann ar aois. Chuige sin, tá suim €200,000 á cur ar fáil againn i gcomhair na gcineálacha tionscadal sin.

Comhar

  • Glactar le hiarratais ó eagraíochtaí aonair nó ó roinnt eagraíochtaí atá ag obair i gcomhar le chéile chun dul i ngleic le riachtanas nó deis aitheanta. Tá spreagadh ar leith á thabhairt againn do thionscadail chomhoibritheacha in 2018 agus cuirfimid €200,000 ar fáil go sonrach le haghaidh tionscadail chomhoibritheacha.

In 2018 tá spéis ar leith ag an Rialtas i dtacú le tionscadail sa réimse seo a leanas:

  • Tionscadail chomhoibritheacha
  • A thacaíonn le naisc idirghlúine
  • Lena léirítear an éagsúlacht i measc dhiaspóra na hÉireann agus pobail Éireannacha

Critéir maidir le cúnamh deontais:

Ba cheart eagraíochtaí a dhéanfaidh iarratas a bheith ina gcarthanachtaí cláraithe, ina gcomhlachtaí carthanúla nó ina n-eagraíochtaí deonacha/neamhbhrabúis agus déanfar meastóireacht orthu ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

  • an gá atá leis an tionscadal
  • tairbhithe sa phobal Éireannach (lena n-áirítear an dara glúin agus glúine ina diaidh), agus a gcuid riachtanas agus a ngnéithe leochaileacha san áireamh
  • tionchar an tionscadail ar bhonn aschuir agus torthaí soiléire a bhfuiltear ag súil leo
  • comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí reachtúla, eagraíochtaí deonacha agus eagraíochtaí eile a fhaigheann maoiniú faoin CTE chun an soláthar seirbhíse is fearr is féidir a dhéanamh ar mhaithe le hÉireannaigh leochaileacha
  • conas a chuideoidh na torthaí chun cuspóirí an CTE a bhaint amach
  • cumas na heagraíochta an tionscadal a thabhairt chun críche
  • costas iomlán an tionscadail agus an luach ar airgead dá bharr
  • cén maoiniú atá faighte ó fhoinsí eile i gcomhair an tionscadail
  • na córais mhonatóireachta agus mheastóireachta atá i bhfeidhm chun na torthaí a thomhas dóibh siúd a bhainfidh leas as
  • tiomantas don dea-rialachas agus an dea-chleachtas ar fud na heagraíochta (lena n-áirítear, mar shampla, bainistíocht airgeadais, straitéis tiomsaithe airgid, beartais maidir le cuimsiú agus oiliúint agus forbairt foirne)

Catagóirí Maoinithe:

Bunófar na cinntí maoinithe go léir ar an bhfaisnéis a chuirfear isteach san fhoirm iarratais oifigiúil, atá le cur isteach ar líne. Ní ghlacfar le foirmeacha iarratais cruachóipe.

Is iad seo a leanas na catagóirí faoina bhféadfar iarratas a dhéanamh faoin CTE:

  • Oidhreacht – Tionscadal a bhaineann le hoidhreacht agus féiniúlacht na hÉireann a chur chun cinn agus a chothú thar lear.
  • Leas (Daoine Scothaosta) – Tionscadail atá dírithe go sonrach ar dhaoine scothaosta den phobal Éireannach.
  • Leas (Eile) – Tionscadail a bhaineann le seirbhísí leasa túslíne a sholáthar don phobal, lena n-áirítear seirbhísí comhairle, comhairleoireachta, faisnéise agus teagmhála do phobail Éireannacha.
    • Líonraí – Tionscadail chun tacú le líonraí gnó Éireannacha nó líonraí gairmiúla Éireannacha eile thar lear.
  • Caipiteal – Tionscadail ina bhfuil tógáil, athchóiriú nó ceannach sócmhainní caipitil i gceist.  Áirítear leis sin tionscadail a bhaineann le forbairt láithreáin gréasáin agus mórthionscadail dhigiteacha/bogearraí. 

Tá cead ag eagraíochtaí iarratais a dhéanamh faoi níos mó ná catagóir amháin.

Na prionsabail lena rialaítear faighteoirí an mhaoinithe ó Rialtas na hÉireann:

Déantar an CTE a mhaoiniú trí airgead na gcáiníocóirí agus dá bhrí sin is maoiniú poiblí atá i gceist. Cuirfear na leibhéil is airde trédhearcachta agus freagrachta i bhfeidhm. Mar chuid de sin, ní mór dúinn tuairiscí a fháil ar thionchar na dtionscadal atá á maoiniú againn agus ar mar atá ag éirí leo, chomh maith le tuairiscí airgeadais.

Faoi na rialacháin a rialaíonn fáil deontas ó Rialtas na hÉireann, ní mór do gach deontaí:

Soiléire

  • Cuspóirí a gcaiteachais maoinithe a leagan amach go soiléir, chomh maith leis na hionchuir agus na haschuir
  • A thaispeáint go soiléir nár caitheadh an maoiniú ach amháin chun na críocha gnó dár deonaíodh é
  • Soiléiriú a iarraidh ón deontóir más gá – maidir le húsáid na gcistí, cúrsaí rialachais agus socruithe cuntasachta

Rialachas

  • A chinntiú go bhfuil socruithe rialachais cuí i bhfeidhm maidir le:
    • maoirsiú agus riaradh an mhaoinithe
    • rialú na gcistí agus iad a chosaint ó mhí-úsáid, mí-leithghabháil agus calaois
    • taifid chuntasaíochta ar féidir leo, tráth ar bith, faisnéis airgeadais iontaofa a sholáthar maidir le cuspóir agus cur i bhfeidhm an mhaoinithe phoiblí agus maidir leis an iarmhéid de atá fágtha
    • Cuntas ar mhéid agus foinse an mhaoinithe, a chur i bhfeidhm agus na haschuir/torthaí

Luach ar airgead

  • A bheith in ann fianaise a sholáthar maidir le:
    • úsáid éifeachtach na gcistí
    • an luach a baineadh amach de bharr chur i bhfeidhm na gcistí
    • rabairne agus cur amú airgid a sheachaint

Cothroime

  • Cistí poiblí a bhainistiú leis an leibhéal is airde macántachta agus sláine
  • Gníomhú ar bhealach a chomhlíonann na dlíthe agus oibleagáidí ábhartha (mar shampla, cáin, íosphá)
  • Earraí agus seirbhísí a fháil ar bhealach cóir, trédhearcach
  • Gníomhú go cóir, go freagrach agus go hoscailte i gcónaí agus é nó í ag déileáil leis an Deontóir

Pointí Breise le tabhairt faoi deara:

Tuigtear go bhféadfadh sé nach bhféadfaí tionscadal a thosú láithreach bonn tar éis cheadú an mhaoinithe. Mar sin féin, táthar ag súil go mbeidh tús curtha leis an tionscadal laistigh de shé mhí tar éis an deontas a fháil. Faoi chleachtais chuntasaíochta Rialtas na hÉireann, ní mór an t-airgead a úsáid chun na críche atá ceadaithe laistigh den bhliain mhaoinithe chéanna. 

Clúdaíonn an Bhliain Mhaoinithe an tréimhse ón 1 Iúil 2018 go dtí an 30 Meitheamh 2019.

Ní mór aisíoc iomlán a dhéanamh ar chúnamh deontais nach n-úsáidtear de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a shonraíonn Rialtas na hÉireann.

Má tá ceisteanna agat maidir le cé acu an bhfuil do thionscadal oiriúnach do mhaoiniú CTE nó nach bhfuil, déan teagmháil le do thoil leis an Ambasáid nó an Chonsalacht is gaire duit nó seol ríomhphost.

Táimid ag tnúth le dul i gcomhpháirtíocht leat in 2018 chun sochair phraiticiúla a bhaint amach do phobail Éireannacha, cibé áit ar domhan a bhfuil siad.

 

An tAonad um Éireannaigh thar Lear

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Eanáir 2018