Ambassador O'Neill
Dr Vincent O'Neill became Ambassador to Kenya in 2014. He presented his credentials to President Uhuru Kenyatta in December 2014.

Message from the Ambassador
Welcome to the website of the Embassy of Ireland in Kenya. The Embassy was opened in October 2014, bringing to 10 the number of Embassies Ireland now has in sub Saharan Africa.
Ireland and Kenya have long historical, economic and political links.
For over 100 years Irish missionaries have worked in Kenya and made lasting contributions to the development of education and health services in the country. In more recent years Irish based NGO's have worked with Kenyan partners in implementing development programmes across the country.
An increasing number of Irish companies are doing business in Kenya as evidenced by the growth in trade between the two countries. Trade statistics in 2014 showed that trade between Ireland and Kenya grew by 110% between 2005 and 2014, from €22 million in 2005 to €47 million in 2014.
The key role Kenya plays as the leading economy in the East African region, its growing population, the increasing demand for services and consumer products - all provide opportunities for the deepening of investment and trading relationships with Ireland.
Given the continued interest by Irish companies in the Kenyan market, the presence of the Embassy and the deepening engagement in the country by Enterprise Ireland, it can reasonably be expected that the volume of trade between Ireland and Kenya will considerably increase in the years ahead.
Ireland's new Embassy in Kenya is staffed by three diplomatic officers from Ireland. Together with some locally recruited staff, their responsibilities will include providing information and supports to Irish businesses, providing Consular services to Irish and Kenyan citizens, engaging with and reporting on developments relevant to Ireland's political and economic ties with Kenya, the promotion of Irish culture and the oversight of some programmes funded by Irish Aid.
I look forward to working with Irish and Kenyan institutions in the years ahead to deepen Ireland's relationship with the Kenyan Government and the Kenyan people, in a manner that is mutually beneficial to both of our countries.
Asante Sana.
Teachtaireacht ón Ambasadóir
Fáilte chuig suíomh gréasáin Ambasáid na hÉireann sa Chéinia. Osclaíodh an Ambasáid i mí Dheireadh Fómhair 2014, rud a fhágann go bhfuil 10 gcinn d'Ambasáidí ag Éirinn anois san Afraic fho-Shahárach.
Tá naisc fhadbhunaithe idir Éire agus an Chéinia i dtaobh na staire, an gheilleagair, agus na polaitíochta.
Le níos mó ná 100 bliain anuas, tá misinéirí Éireannacha ag obair sa Chéinia agus rinne siad cion a bhfuil a thionchar le feiceáil fós maidir le seirbhísí oideachais agus sláinte a fhorbairt sa tír. Le blianta beaga anuas, tá eagraíochtaí neamhrialtasacha atá bunaithe in Éirinn i mbun oibre le comhpháirtithe Céiniacha i ndáil le cláir forbartha a chur chun feidhme ar fud na tíre.
Tá méadú ag teacht ar líon na gcuideachtaí Éireannacha atá i mbun gnó sa Chéinia, mar is léir ón mborradh atá faoin trádáil idir an dá thír. Léiríodh i staitisticí trádála in 2014 gur fhás an trádáil idir Éire agus an Chéinia de 110% idir 2005 agus 2014, ó €22 mhilliún in 2005 go €47 milliún in 2014.
An ról lárnach atá ag an gCéinia ina cáil mar an geilleagar tosaigh i réigiún na hAfraice Thoir, an méadú ar a daonra, an méadú ar an éileamh ar sheirbhísí agus ar tháirgí tomhaltóra – cuireann na nithe sin go léir deiseanna ar fáil i dtaobh dhoimhniú an chaidrimh infheistíochta agus trádála le hÉirinn.
Mar gheall ar an tsuim sheasta atá ag cuideachtaí Éireannacha i margadh na Céinia, mar gheall go bhfuil Ambasáid lonnaithe inti agus mar gheall ar threisiú na rannpháirtíochta de chuid Fhiontraíocht Éireann sa tír, d'fhéadfaí a bheith ag súil leis go dtiocfaidh méadú nach beag ar mhéid na trádála idir Éire agus an Chéinia sna blianta atá romhainn.
Tá triúr oifigeach taidhleoireachta ó Éirinn ar fhoireann Ambasáid nua na hÉireann sa Chéinia. In éineacht le roinnt ball foirne a earcaíodh go háitiúil, áirítear leis na freagrachtaí atá orthu faisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil do ghnólachtaí Éireannacha, seirbhísí Consalachta a chur ar fáil do shaoránaigh de chuid na hÉireann agus na Céinia, tuairisciú a dhéanamh ar chora a bhaineann le naisc pholaitiúla agus gheilleagracha na hÉireann leis an gCéinia, cultúr na hÉireann a chur chun cinn agus maoirseacht a dhéanamh ar roinnt clár arna gcistiú ag Cúnamh Éireann.
Táim ag tnúth le bheith ag obair le hinstitiúidí Éireannacha agus Céiniacha sna blianta atá romhainn chun neartú a dhéanamh ar chaidreamh na hÉireann le Rialtas na Céinia agus muintir na Céinia, ar shlí a bheidh chun ár leasa araon.
Asante Sana.