I am delighted to welcome you to the website of the Embassy of Ireland in Copenhagen. I hope that you will find it a useful and informative resource.
I arrived recently as Ambassador of Ireland to Denmark, and find Copenhagen to be a very warm and welcoming place and one where the strong links between Ireland and Denmark are very evident.
These ties between our two countries go back over many centuries, indeed to the time of the Vikings, who famously founded many of the towns and cities of Ireland, and from whom we borrowed many words and phrases. In the present day, together with my colleagues here at the Embassy and in the State Agencies, we are working to deepen and strengthen the ties between our two countries, in terms of trade and economic development and also cultural and government to government contacts.
Ireland and Denmark have worked together for many years in the international sphere, in the context of shared membership of the EU, which we joined together in 1973, and the UN. As two effective, open trading economies, we share a similar position in the world and have much to learn from each other.
At the outset of this role in Denmark, I look forward to strengthening and deepening Danish-Irish relations, to get to know this unique country, and to meeting as many of you as possible.
Do chéad fáilte chuig suíomh gréasáin Ambasáid na hÉireann i gCóbanhávan. Tá súil agam go mbeidh an t-eolas atá anseo úsáideach duit.
Tháinig mé anseo le gairid mar Ambasadóir na hÉireann chuig an Danmhairg, agus feictear dom gur áit é Cóbanhávan ina gcuirtear fáilte roimh dhaoine le croí mór maith agus ina bhfuil an dlúthcheangal idir Éire agus an Danmhairg le feiceáil go soiléir.
Síneann an ceangal sin idir an dá thír seo againne siar thar na céadta bliain, go deimhin chomh fada siar le ré na Lochlannach, a bhfuil an cháil orthu gurb iad a bhunaigh go leor de bhailte agus cathracha na hÉireann, agus ónar tháinig go leor focal agus frásaí isteach inár dteanga féin. Sa lá atá inniu ann, tá mise agus mo chomhghleacaithe anseo san Ambasáid agus sna Gníomhaireachtaí Stáit i mbun oibre chun cur leis an gceangal idir ár ndá thír agus é a neartú, ó thaobh na trádála agus na forbartha geilleagraí, ó thaobh an chultúir agus ó thaobh na dteagmhálacha idir ár gcuid rialtas.
Tá Éire agus an Danmhairg ag obair le chéile le fada an lá sa réimse idirnáisiúnta, i gcomhthéacs ár mballraíochta comhroinnte san Aontas Eorpach, a ndeachamar isteach ann le chéile i 1973, agus sna Náisiúin Aontaithe. Inár gcáil mar dhá gheilleagar éifeachtacha a bhíonn i mbun trádála oscailte, tá an cineál céanna ionaid againn ar domhan agus is mór an méid atá le foghlaim againn óna chéile.
Agus mé ag tosú amach sa ról seo sa Danmhairg, táim ag súil le neartú agus doimhniú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir an Danmhairg agus Éire, aithne a chur ar an tír ar leith seo, agus bualadh leis an oiread agaibh is féidir liom.
2014 – Ambassador of Ireland to Denmark and Iceland
2012-2014
2011-2012
2010-2011
2005-2010
2001-2005
1998-2001
1990s
1980s