Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ceanglais Nua i gcás Duine Fásta atá ag Cur Isteach ar Phas den Chéad Uair

Amhail an 29 Márta 2016, i gcás daoine atá ag déanamh an chéad iarratais ar phas, atá in aois 18 mbliana nó os a chionn agus atá ina gcónaí in Éirinn, ní mór dóibh fótachóip dá gCárta Seirbhísí Poiblí a chur i láthair chun críocha aitheantais.

Tá feidhm ag an gceanglas nua sin chomh maith i gcás an líon beag iarratasóirí ar phas duine fhásta ar eisíodh a bpas deireanach roimh an 1 Eanáir 2005 agus a bhfuil sé tuairiscithe ina leith ó shin go bhfuil sé caillte nó goidte nó go bhfuil damáiste déanta dó.

Céim thábhachtach is ea an beart seo chun cosaint a thabhairt i gcoinne calaoise agus bradaíl aitheantais agus chun sláine an phas Éireannaigh a chumhdach. Cinnteoidh sé freisin go leanfar ar aghaidh ag déanamh fíorú ardchaighdeáin ar chéanancht na ndaoine a dhéanfaidh an chéad iarratas ar phasanna Éireannacha.

Mar thoradh ar an gceanglas nua seo, ní gá d'iarratasóirí céaduaire ar phasanna duine fhásta cóip dheimhnithe a sholáthar de dhoiciméid amhail a gceadúnas tiomána ná a gcárta mac léinn chun críocha aitheantais. Fágfaidh sé freisin nach mbeidh gá le cruthúnas breise ar an ainm, mar atá faoi láthair.  Beidh cruthúnas ar an seoladh fós ag teastáil.

I gcás iarratasóirí céaduaire ar phas duine fhásta nach bhfuil Cárta Seirbhísí Poiblí acu faoi láthair, féadfaidh siad ceann a fháil trí phróiseas slán clárúcháin san oifig áitiúil de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí. Tá sonraí na ndoiciméad atá ag teastáil chun an próiseas clárúcháin don Chárta Seirbhísí Poiblí a chur i gcrích agus seirbhís áirithinte chun coinne a dhéanamh ar líne ar fáil trí www.MyWelfare.ie.

Tá úsáid níos mó á baint as an gCárta Seirbhísí Poiblí de réir a chéile chun leas éifeachtach, slán a bhaint as seirbhísí rialtais, lena n-áirítear seirbhísí leasa shóisialaigh agus taisteal saor in aisce ar sheirbhísí iompair phoiblí.  Tá níos mó ná 1.8 milliún cárta i gcúrsaíocht cheana féin.

Dearbhaíonn Seirbhís na bPasanna nach bhfuil feidhm ag an mbeart nua ach amháin i gcás iarrthóirí céaduaire ar phas duine fhásta agus i ndáil le hathnuachan a dhéanamh ar phasanna a eisíodh roimh an 1 Eanáir 2005 a bhfuil sé tuairiscithe ina leith ó shin go bhfuil siad caillte nó goidte nó damáiste déanta dóibh.  Níl feidhm aige maidir le hiarratais ar athnuachan a dhéanamh ar phasanna arna n-eisiúint ón 1 Eanáir 2005 ná maidir le hiarratais ar phas do leanbh. Tá breis sonraí maidir le beartais agus nósanna imeachta i leith pasanna ag https://www.dfa.ie/ie/pasanna-saoranacht.

Mar is iondúil, spreagann Seirbhís na bPasanna saoránaigh lena n-iarratais ar phas a chur isteach trí Sheirbhís na bPasanna Luais, atá á reáchtáil ag an bPost, ar a laghad sé seachtaine sula bhfuil sé i gceist acu taisteal.  Ba cheart a thabhairt faoi deara gur leor fótachóip den Chárta Seirbhísí Poiblí chun céannacht a bhunú agus nár chóir, in imthosca ar bith, Cártaí Seirbhísí Poiblí bunaidh a sheoladh isteach chuig Oifig na bPasanna trí Sheirbhís na bPasanna Luais ná ar bhealach ar bith eile.