DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/dfa/overseas-travel/citizens-registration. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/taisteal-thar-lear/claruchan-saoranach.

Clárúchán Saoránach

Moltar do shaoránaigh na hÉireann a bhíonn ag taisteal nó ina gcónaí thar lear a gcuid mionsonraí teagmhála a chlárú leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Níl sé seo ar fáil ach amháin lasmuigh den Chomhlimistéar Taistil (Éire/ An Ríocht Aontaithe).

Nuair a chláraíonn tú leis an Roinn, ciallaíonn sé sin go bhfuil taifead againn ansin de do chuid mionsonraí.  Leis an eolas sin féadfaimid dul i dteagmháil leat, agus cúnamh a sholáthar, más gá agus más féidir, sa chás go dtarlódh géarchéim gan choinne mar thubaiste nádúrtha nó corraíl shibhialta nó i gcás éigeandála teaghlaigh agus tú thar lear.

Is de rogha an duine féin clárú.  Tá sé beartaithe le húsáid ag daoine a bhíonn ag taisteal agus iad ar saoire, agus freisin do thaistealaithe gnó agus saoránaithe Éireannach thar lear.  Cé go spreagtar gach duine clárú, tá an tsaoráid seo úsáideach go háirithe do dhaoine a bhíonn ag taisteal chuig ceann scríbe iargúlta nó áiteanna lena mbaineann níos mó baol.

Maidir le daoine a bhfuil cónaí orthu thar lear, trí chlárú bíonn an Ambasáid nó an Chonsalacht Éireannach is gaire den áit a bhfuil cónaí ort ar an eolas go bhfuil tú ann agus féadfar tú a chur san áireamh ina bpleananna teagmhas i gcás géarchéime nó cás éigeandála.  Cibé cé chomh gearr agus a bheidh do thuras, moltar duit do chuid mionsonraí a chlárú linne.

Lean ar aghaidh chuig Clárú