Cookies on the DFA website

We use cookies to give the best experience on our site while also complying with Data Protection requirements. Continue without changing your settings, and you'll receive cookies, or change your cookie settings at any time.

Ambassador Cronin

Dónal Cronin became Ambassador of Ireland to Uganda in 2014. He presented his credentials to the President of Uganda, His Excellency Yoweri Museveni, in October 2014.

Follow the Ambassador on Twitter

Message from the Ambassador

Dia dhaoibh go léir. Fáilte go Ambasáid na hÉireann!

I am delighted to welcome you to the website of the Embassy of Ireland in Uganda which I hope you will find useful and informative. In addition to providing information on the services provided by the Embassy, it is a source of facts on Ireland and Uganda, and on the links between our two countries. Ireland has a long-standing and strong relationship with Uganda. With a history rooted in strong Irish Missionary engagement in providing education and health services throughout the country, our bilateral ties now cover many areas – political, economic, development and cultural. We have, since 1994, a vibrant and high impact development cooperation programme in Uganda, focusing on education, social protection, HIV/AIDS and governance, among others.

Our aim at the Embassy in Kampala is to maintain and develop close and co-operative relations between Ireland and Uganda, and also Rwanda where we have secondary accreditation. For those of you planning on visiting, we recommend registering your details with the Embassy and checking our Travel Advice Section before you go. We also welcome queries from business – if you believe the Embassy may be able to assist you in exploring opportunities for trade with Ireland or in Uganda, please don’t hesitate to get in touch.

Finally, we always welcome feedback on our website and on the services we provide – please Contact Us with any comments or queries.

Dónal Cronin
Ambassador, Embassy of Ireland


Teachtaireacht ón Ambasadóir

Dia dhaoibh go léir. Fáilte go hAmbasáid na hÉireann!

Do chéad fáilte chuig suíomh gréasáin Ambasáid na hÉireann in Uganda. Tá súil agam go mbeidh an t-eolas atá sa suíomh seo úsáideach duit. Chomh maith le faisnéis a thabhairt faoi na seirbhísí a chuireann an Ambasáid ar fáil, tá an suíomh ina fhoinse fíricí ar Éirinn agus Uganda, agus ar na naisc idir an dá thír seo againne. Tá caidreamh láidir idir Uganda agus Éire le fada an lá. Gné thábhachtach den chaidreamh eadrainn san am atá caite ab ea rannpháirtíocht Mhisinéirí na hÉireann in Uganda i dtaobh seirbhísí oideachais agus sláinte a chur ar fáil ar fud na tíre. Sa lá atá inniu ann, cuimsítear a lán réimsí éagsúla sa cheangal eadrainn – cúrsaí polaitiúla, cúrsaí geilleagracha, cúrsaí forbartha agus gnéithe cultúrtha. Ó 1994 i leith, tá clár bríomhar, ardtionchair againn in Uganda maidir leis an gcomhar um fhorbairt, clár atá dírithe ar oideachas, cosaint shóisialta, VEID/SEIF agus rialachas, i measc eile.

Tá sé ina aidhm againn anseo san Ambasáid in Kampala dlúthchaidreamh comhoibritheach a chothabháil agus a fhorbairt idir Éire agus Uganda, agus i Ruanda, a bhfuil creidiúnú tánaisteach againn ina leith. Daoibhse atá ag beartú cuairt a thabhairt ar an tír seo, molaimid daoibh bhur gcuid sonraí a chlárú leis an Ambasáid agus féachaint ar Rannóg na Comhairle Taistil dár gcuid roimh imeacht daoibh. Cuirimid fáilte roimh fhiosrúcháin ó ghnólachtaí freisin – má cheapann tú go bhféadfadh an Ambasáid cabhair ar bith a thabhairt duit maidir le deiseanna trádála le hÉirinn nó deiseanna trádála in Uganda a mheas, ná bíodh drogall ar bith ort teagmháil a dhéanamh linn.

Mar fhocal scoir, cuirimid fáilte i gcónaí roimh aiseolas ar an suíomh gréasáin seo agus ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil – Déan Teagmháil Linn le do thoil le tuairim nó ceist ar bith atá agat.

Dónal Cronin
Ambasadóir, Ambasáid na hÉireann