Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cá bhfuil oifigí againn agus uaireanta oscailte

Oifig na bPasanna á hathlonnú

Soláthraíonn Oifig na bPasanna i mBaile Átha Cliath gach seirbhís dá cuid anois óna hionad nua, Áras Chnoc Muáin, 42-47, Sráid an Mhóta Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 TN83.

Leanfaidh Oifig na bPasanna ar aghaidh ag tabhairt tosaíochta do chásanna ina bhfuil fíor-éigeandáil i gceist.

Leanfar le gnáthfheidhmiú seirbhísí amhail Seirbhís na bPasanna Luais, atá á rith ag An Post, agus tá iarratasóirí á spreagadh an tseirbhís sin a úsáid a mhéid is féidir.

Tá sonraí iomlána Sheirbhísí na bPasanna ar an suíomh gréasáin seo nó déan teagmháil lenár bhfoireann ar Twitter @PassportIRL

An bhfuil sé ar intinn agat dul ag taisteal i rith laethanta saoire na Cásca?

Meabhraítear an méid seo a leanas do shealbhóirí pas agus saoire na Cásca ag teannadh linn:

i. Seiceáil dátaí éaga bhur gcuid leabhrán pas agus cuimhnigh go bhfuil tréimhse bhailíochta níos giorra ag pasanna leanaí. Tá sé ina cheanglas ag roinnt tíortha go mbeadh tréimhse áirithe bhailíochta fágtha ar phasanna sula rachaidh tú isteach sa tír (sé mhí go minic), mar sin déan do phas a athnuachan tamall maith roimh do chuid dátaí taistil, le do thoil.

ii. Is idir mí na Bealtaine agus mí Lúnasa a bhíonn an t-éileamh is mó ar Sheirbhís na bPasanna. Is féidir le hamanna slánúcháin agus leis an bhfáil atá ar choinní athrú i rith na tréimhse sin. Molann Seirbhís na bPasanna do shaoránaigh iarratas a dhéanamh ar phasanna nua tamall maith roimh mhíonna gnóthacha sin an tsamhraidh.

iii. Tá líon teoranta coinní ar fáil do dhaoine ar mian leo teacht isteach chuig Oifigí na bPasanna i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh chun éascú dóibh siúd a bheidh ag taisteal laistigh de 10 lá oibre agus a dteastaíonn uathu go ndéanfaí athnuachan ar a bpasanna. Tá eolas ar ár suíomh gréasáin www.dfa.ie maidir le conas coinne a dhéanamh.

Cad iad uaireanta oscailte na n-oifigí pasanna i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh agus cá bhfuil na hoifigí sin?

Baile Átha Cliath

Áras Chnoc Muáin,
42-47, Sráid an Mhóta Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 TN83.

Faoi láthair, oibríonn an oifig i mBaile Átha Cliath ar bhonn coinní ó 9 am go 4.50 pm, Luan go hAoine. Mar sin, beidh ort coinne a chur in áirithe.

Corcaigh

Oifig na bPasanna,

1a an Meal Theas.

Faoi láthair, oibríonn an oifig i gCorcaigh ar bhonn coinní ó 9 am go 4.50 pm, Luan go hAoine. Mar sin, beidh ort coinne a chur in áirithe.


View Passport Office Cork in a larger map