Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fógra maidir le Príobháideachas Sonraí

Baineann an fhaisnéis seo le custaiméirí uile na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála tiomanta do na sonraí pearsanta a thugann a cuid custaiméirí di a choinneáil slán agus sábháilte le linn próiseas riaracháin. Tá na bearta riachtanacha teicniúla ar fad curtha i bhfeidhm chun slándáil agus sábháilteacht na gcóras ina gcoinnítear na sonraí seo a chinntiú.

Tá follasacht agus oscailteacht maidir le húsáid sonraí pearsanta tábhachtach don Roinn agus mar sin, tá sé i gceist againn ár gcustaiméirí uile a choinneáil ar an eolas faoin gcúis agus faoin bhfáth a n-úsáidfear a gcuid sonraí, faoi na háiteanna eile a bhféadfaí a gcuid sonraí a roinnt agus faoin achar ar féidir leis an Roinn a gcuid sonraí a choinneáil. Cuirfear faisnéis maidir le cearta na gcustaiméirí ar fáil chomh maith.

Is iad na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 - 2018 agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE 2016/679) an reachtaíocht reatha do Chosaint Sonraí in Éirinn. Is í an Roinn féin an Rialaitheoir Sonraí do bhailiú agus do phróiseáil gach sonra phearsanta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, mar eintiteas dlíthiúil.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí ar na bealaí seo a leanas:

An tOifigeach Cosanta Sonraí,
An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
76/78 Sráid Fhearchair,
Baile Átha Cliath 2,
D02 DX45

Ríomhphost: data[dot]protection[at]dfa.ie

Ní úsáidfear sonraí pearsanta a phróiseálfar sa Roinn ach amháin ar chúis(eanna) faoi leith a leagfar amach agus an fhaisnéis á bailiú, nó i gcumarsáid eile ina dhiaidh sin, agus úsáidfear é de réir na reachtaíochta cuí um Chosaint Sonraí.

Cearta an duine aonair maidir le sonraí pearsanta a choinníonn an Roinn: 

Nuair a thugann tusa, mar chustaiméir, sonraí pearsanta don Roinn tá cearta faoi leith ar fáil duit i dtaca leis na sonraí sin.  Leagtar amach thíos na cearta sin agus is féidir iad a bhaint amach trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, a dtugtar a s(h)onraí teagmhála thuas, agus a rá leis/léi cé na cearta is mian leat a chur i bhfeidhm:

  • Ceart rochtana 
  • Ceart coigeartaithe 
  • Ceart scriosta 
  • Ceart srianta próiseála 
  • Ceart iniomparthachta sonraí 
  • Srianadh próiseála 
  • Iniomparthacht sonraí 
  • Cur i gcoinne próiseála 
  • Toiliú a tharraingt siar má thug siad cheana é maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta i dtaca le cinnteoireacht uathoibríoch, próifíliú san áireamh 
  • Déan gearán leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí má cheapann tú go bhfuil próiseáil do shonraí pearsanta in aghaidh GDPR. 


Ba chóir gearáin a dhéanamh i scríbhinn agus a chur chuig:

info@dataprotection.ie


An Coimisinéir Cosanta Sonraí,

Teach na Canála,

Bóthar an Stáisiúin,

Cúil an tSúdaire,

Co. Laoise

Tá deasc chabhrach ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí chomh maith, ar féidir teagmháil a dhéanamh leis ag 0761 104 800 nó Íosghlao 1890 252231

Fógra maidir le Príobháideachas Sonraí PDF

Polasaí maidir le Príobháideachas Teicniúil

Tugann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála urraim do chearta a cuid úsáideoirí agus, tríd is tríd, ní bhailíonn sí faisnéis phearsanta de chineál ar bith. Nuair a chuireann úsáideoir faisnéis phearsanta ar fáil ar bhonn saorálach is chun na críocha a cuireadh an fhaisnéis ar fáil a úsáidfear í, agus ní thugtar d'aon tríú páirtí í, seachas nuair a chuirtear faisnéis ar fáil chun úsáid a bhaint as chun cabhair éigeandála a chur ar fáil do shaoránaigh Éireannacha thar lear. 

I gcás gnáthbhrabhsála gréasáin ní dhéantar aon fhaisnéis phearsanta a nochtadh dúinn, cé go mbíonn faisnéis staitistiúil áirithe ar fáil dúinn trínár soláthraí seirbhíse idirlín. Is féidir go mbeadh seoladh loighciúil d'fhreastalaí, an t-ainm fearainn uasleibhéil óna mbíonn teacht agat ar an Idirlíon (mar shampla, .ie, .com, .org srl), an cineál brabhsálaí atá á úsáid agat, an dáta agus an t-am a dtagann tú ar ár láithreán agus an seoladh idirlín a úsáideadh chun nascadh lenár láithreán ar chuid den fhaisnéis seo.

Baintear úsáid as cuid den fhaisnéis sin thuas chun staitisticí achoimre a chruthú lena dtugtar an deis dúinn teacht ar an líon cuairteoirí chuig ár láithreán, agus na leathanaigh sin is minice a dhírítear orthu a aithint. Úsáidimid na staitisticí seo le cuidiú linn ár láithreán a dhéanamh níos furasta a úsáid.