Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Phaschárta

Féadfaidh saoránaigh na hÉireann úsáid a bhaint as an gCárta Pas Éireannach chun taisteal laistigh den AE/LEE agus den Eilvéis. Tá an Cárta ar fáil do shaoránaigh uile na hÉireann atá os cionn 18 agus a bhfuil Pas Éireannach bailí acu.

Ní mór go mbeadh do phas reatha idir lámha agat. Ní mór go mbeadh na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú ag meaitseáil na sonraí mar atá siad le feiceáil ar do leabhar pas go díreach.
Ní mór go mbeadh 3 mhí bailíochta ar a laghad ar do leabhar pas.

Má tá do leabhar pas nua caillte, goidte nó damáiste déanta dó, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar phas nua sula ndéanfaidh tú iarratas ar chárta pas. Ní sháróidh bailíocht do Chárta Pas 5 bliana. Sa chás go bhfuil níos lú ná 5 bliana fanta ar do leabhar, beidh dáta éagtha do chárta mar an gcéanna le dáta éagtha do leabhair Phas.

Ní mór go gcloífeadh d'iarratas le hAcht na bPasanna 2008.

Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil ar conas iarratas a dhéanamh ar chárta pas agus ar threoirlínte grianghraif ar ár mbileog iarratais ar phas ar líne.