Cé mhéad a chosnaíonn pas?
Is é Pas ar Líne an bealach is tapúla agus is éifeachtúla ó thaobh costas de chun iarratas a dhéanamh ar do phas.
| Cineál iarratais | Pas ar Líne | Seirbhís na bPasanna Luais le An Post | 
| Gnáthphas 10 mbliana do Dhuine Fásta | €75 | €80 (móide Táille €9.50 Seirbhís na bPasanna Luais) | 
| Gnáthphas 5 bliana do leanbh | €20 (móide táille phoist €5) | €30 (móide Táille €9.50 Seirbhís na bPasanna Luais) | 
| Cárta Pas | €35 | Dodhéanta | 
D’fhéadfaí táillí riaracháin sa bhreis a bheith i bhfeidhm le post idirnáisiúnta san áireamh.
Roghnaigh rogha thíos le do thoil do na sonraí táillí iomlána a bhaineann le gach cineál iarratais.
| Duine Fásta | Táillí | 
| Pas caighdeánach 10 mbliana | €75 | 
| Pas mór 66 leathanach, 10 mbliana | €105 | 
| Cárta Pas | €35 | 
| Beart de phas caighdeánach móide Cárta Pas | €100 | 
| Beart de phas mór móide Cárta Pas | €130 | 
| Leanbh | |
| Pas caighdeánach 5 bliana do dhaoine faoi 18 mbliana | €20 | 
| Pas mór 66 leathanach, 5 bliana do dhaoine faoi 18 mbliana | €50 | 
| Beart de phas caighdeánach 5 bliana móide Cárta Pas do dhaoine faoi 18 mbliana | €45 | 
| Beart de phas mór 66 leathanach, 5 bliana móide Cárta Pas do dhaoine faoi 18 mbliana | €75 | 
Tá táille phoist bhreise €5 i gceist le gach iarratas do leanbh chun an costas a bhaineann le cáipéisí a sheoladh ar ais chuig an iarratasóir a chlúdach.
Tá táille phoist bhreise €5 i gceist má chónaíonn tú taobh amuigh d’Éirinn.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil íocaíocht amháin €5 i gceist le hiarratais do leanaí a chónaíonn taobh amuigh d’Éirinn.
| Duine Fásta | Táillí | 
| Pas caighdeánach 10 mbliana | €80 | 
| Pas mór 66 leathanach, 10 mbliana | €110 | 
| Leanbh | |
| Pas caighdeánach 5 bliana do dhaoine faoi 18 mbliana | €30 | 
| Pas mór 66 leathanach, 5 bliana do dhaoine faoi 18 mbliana | €55 | 
Íoctar táille riaracháin bhreise díreach le An Post as láimhseáil agus seachadadh Poist Luais. €9.50 an táille ar iarratas aonair agus €16 an táille ar suas le ceithre iarratas a dhéantar ag an am céanna.
| Duine Fásta | Táillí | 
| Pas caighdeánach 10 mbliana | £70 | 
| Pas mór 66 leathanach, 10 mbliana | £96 | 
| Leanbh | |
| Pas caighdeánach 5 bliana do dhaoine faoi 18 mbliana | £26 | 
| Pas mór 66 leathanach, 5 bliana do dhaoine faoi 18 mbliana | £48 | 
Gearrann Seirbhís Phoist Thuaisceart Éireann táille riaracháin bhreise £11 in aghaidh an iarratais ar phas. Is féidir leat roghnú as os cionn 70 oifig phoist chun d’iarratas a dhéanamh ar Sheirbhís na bPasanna Luais. I dTuaisceart Éireann.
I dteannta na táille don phas, beidh táille ar choinne sa bhreis mar seo a leanas:
| Cineál Seirbhíse | Táille Phas | Comhlánú aonlae Táille Choinne | Comhlánú Ceithre Lá Táille Choinne | 
| Athnuachan do dhuine fásta | €95 | €150 | €75 | 
| Athnuachan do leanbh | €45 | €150 | €75 | 
Ní ghlactar le seiceanna.
Glactar leis na cineálacha íocaíochta seo a leanas:
- Cárta creidmheasa/dochair
- dréacht bainc
- ordú poist
Má tá tú ag cur d’iarratas ar phas isteach ag ceann dár n-ambasáidí nó consalachtaí thar lear, téigh chuig láithreán gréasáin na hambasáide nó na consalachta ábhartha chun mionsonraí a fháil faoin táille pas ábhartha.
 
             
                          