Réamhráite ón Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney, agus ón Ard-Rúnaí Niall Burgess
Ag obair chun síocháin agus athmhuintearas a bhaint amach ar oileán na hÉireann, ag tacú le saoránaigh Éireannacha atá ag taisteal, ag cur fúthu agus ag obair thar lear.
Ag tacú le domhan níos cothroime, níos córa, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe trínár gclár forbartha agus ár mbeartais i dtaobh chearta an duine.
Ag cothú nasc le stáit eile i dtaobh na trádála, na turasóireachta, an oideachais agus na hinfheistíochta, ag cur leis an iomrá atá ar Éirinn ar domhan agus ag cuidiú leis an téarnamh.
I mbun rannpháirtíochta leis an Aontas Eorpach chun leasanna na hÉireann a chosaint agus a chur chun cinn agus chun féachaint chuige go mbeidh tosaíochtaí na hÉireann.
Sochar a fháil as acmhainní na hÉireann d’fhonn an tairbhe is mó is féidir a bhaint amach do mhuintir na hÉireann ónár gcuid rannpháirtíochta thar lear.