Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Súil Siar ar an mBliain 2016 - Ár Rathúnas

Baile  |  Réamhrá  |  Muintir na hÉireann  |  Ár Luachanna  |  Ár Rathúnas  |  Ár nIonad san Eoraip  |  Ár dTionchar  |  Mo Bhliain Féin in 2016  |  Fíricí agus Figiúirí

 

I measc na gcuspóirí ardleibhéil de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála inár Ráiteas Straitéise 2016-2019, tá borradh a chur faoi rathúnas na hÉireann trínár gcuid leasanna geilleagracha a chur chun cinn thar lear, agus tá sé sin ina chuid dár ráiteas misin foriomlán inár gcáil mar Roinn Rialtais.

Ba bhliain shuntasach í 2016 maidir leis an gcaoi ar thug an Roinn aghaidh ar an sprioc sin.

 

I mí Eanáir, ag spreagaitheasc a thug sé os comhair ceannairí gnó ar tugadh cuireadh dóibh a bheith sa lucht féachana, d'fhógair an tAire Flanagan an Straitéis Taidhleoireachta Geilleagraí dár gcuid:

 

"I gcomhair na bliana 2016, glacfaidh mo Roinn cur chuige nua maidir le tacú le gníomhaíochtaí na hÉireann i dtaobh chur chun cinn na trádála, i dtrí réimse ríthábhachtacha: Ar an gcéad dul síos, bunóimid cistí a bheidh dírithe ar mhargaí nua ionas gur mó acmhainne agus neamhspleáchais a bheith ag ár n-ambasáidí chun deiseanna níos leithne a thapú i dtaobh trádála agus cur chun cinn. Ar an dara dul síos, déanfaimid treisiú ar na naisc idir líonra na nAmbasáidí agus lucht gnó na hÉireann trí chlár nua socrúchán agus trí dhlús a chur faoi shreabhadh sonraí ríthábhachtacha maidir lenár n-earnálacha agus cuideachtaí onnmhairíochta. Ar deireadh, bunóimid líonra ataiséanna a fhostófar go háitiúil chun cur le raon agus tionchar ghníomhaíochtaí na nAmbasáidí agus iad ag tacú leis an trádáil."

 

Ansin luaigh an tAire an ról lárnach atá ag misin taidhleoireachta na hÉireann, a fheidhmíonn mar chéad tionscnóirí agus mar cheannródaithe, agus faisnéis agus deiseanna tábhachtacha á gcur in iúl acu don earnáil phríobháideach agus do na Gníomhaireachtaí Stáit. A bhuí leis an mbranda taidhleoireachta, bíonn rochtain ag gnólachtaí Éireannacha ar oifigigh ardleibhéil, ar dhaoine den lucht acadúil agus ar theagmhálaithe sa mhargadh. Léiríodh pointe an Aire trínár gcuid oibre i rith 2016 maidir le leas geilleagrach na hÉireann a chur chun cinn.