Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Comóradh 15 Bliain de Chomhaontú Aoine an Chéasta

15 Year Anniversary of the Good Friday Agreement

Comóradh 15 Bliain de Chomhaontú Aoine an Chéasta

Bhuail an Tánaiste, in éineacht le Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, le daoine óga, ionadaithe ón sochaí shibhialta agus ceannairí polaitiúla i mBéal Feirste chun machnamh a dhéanamh ar 15 bliain dul chun cinn agus obair den scoth a bheidh le cur i gcrích faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Thug an Tánaiste cuairt ar Bhéal Feirste an 29 Aibreán 2013 le haghaidh plé poiblí a dhéanamh in Ionad Ealaíon Chathair Bhéal Feirste (MAC). Rinne an ócáid comóradh ar 15 bliain de Chomhaontú Aoine an Chéasta, a síníodh an 10 Aibreán 1998. Mar chuid den ócáid, bhí plé idirghníomhach ag an Tánaiste agus Rúnaí Stáit Thuaisceart  Éireann le grúpa daoine óga a rugadh i 1998 agus le ionadaithe na sochaí sibhialta.

Ina óráid a rinne machnamh ar na hathruithe a tharla de bharr 15 bliain an chomhaontuithe, thug an Tánaiste spreagadh do na daoine a bhí i láthair dul i ngleic leis na dúshláin atá fanta a chuireann bac ar dhul chun cinn i dtreo sochaí chomhroinnte i dTuaisceart Éireann.

I measc na ndúshlán atá fós ann tá an seicteachas a leathann ar fud gach leibhéal den tsochaí i dTuaisceart Éireann, agus deighilt fhisiciúil na bpobal i mBéal Feirste, i nDoire agus in áiteanna eile. Creideann Rialtas na hÉireann gur féidir na dúshláin sin a shárú le díospóireacht phoiblí chuiditheach agus le cur i bhfeidhm na ngnéithe sin de Chomhaontú Aoine an Chéasta nach bhfuil i gcrích.

Leag an ócáid béim ar an ról tábhachtach atá ag daoine óga agus ag an tsochaí shibhialta a áirithiú go mbeidh sochaí rathúil, chomhroinnte ann go fíreannach i dTuaisceart Éireann. Ar mhaithe le plé a éascú, d’fhiafraigh an Tánaiste dóibh siúd a bhí i láthair faoin a dtuairimí ar cad atá ag teastáil chun an todhchaí chomhroinnte sin a thógáil, agus faoi ról Chomhaontú Aoine an Chéasta. Thug an díospóireacht idirghníomhach aghaidh ar roinnt téamaí lárnacha, a mbeidh tionchar ag a bhfreagraí ar chruth na sochaí i dTuaisceart Éireann sa todhchaí.

  • Ról na hinfheistíochta agus an oideachais maidir le geilleagar agus sochaí na todhchaí a fhorbairt  
  • Cad ba chóir a dhéanamh chun an tsíocháin atá ann cheanna a chosaint agus a fhorbairt
  • Conas is féidir dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le seicteachas agus deighilt 
  • Conas a d’fhéadfadh Bille um Chearta agus comhpháirteachas poiblí cabhrú chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin

Ghnéithe Eile

Léigh faoi ghnéithe eile ar an obair a dhéanaimid anseo ag baile agus thar lear.