Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Conradh Trádála Arm sínithe ag Éirinn

Minister Costello signing the Arms Trade Treaty in the presence of UN Under-Secretary General for Legal Affairs, Patricia O’Brien and High Representative for Disarmament Affairs, Angela Kane

Shínigh an tAire Costello an Conradh Trádála Arm thar ceann na hÉireann

I mí an Mheithimh 2013, shínigh Éire an Conradh Trádála Arm i Nua - Eabhrac. Tharla sin i ndiaidh deich mbliana d’iarrachtaí rialáil a chur i bhfeidhm ar thrádáil domhanda gnáth-arm.

An 3 Meitheamh 2013, shínigh Éire an Conradh Trádála Arm (ATT) i gcomhar le seasca sé tír eile ag na Náisiúin Aontaithe i Nua - Eabhrac. I ndiaidh deich mbliana d’iarrachtaí comhbheartaithe ó thíortha agus ón sochaí sibhialta, is ionann an conradh tábhachtach seo agus an chéad ionstraim cheangailteach dlí chun trádáil domhanda ghnáth-arm a rialú. Deir Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Ban Ki-moon, go bhfuil deireadh curtha ar deireadh ag an domhan le nádúr ‘sciob sceab’ d'aistrithe arm idirnáisiúnta. Mar chomhartha den tacaíocht láidir a thugann muide, shínigh an tAire Joe Costello an ATT ar son na hÉireann.

Chuir sreabhadh neamhrialaithe arm le coimhlintí réigiúnacha, bhí tionchar ollmhór acu ar fhulaingt daoine, agus tógadh acmhainní ó fhorbairt inbhuanaithe mar gheall orthu.  Cuirfidh an ATT ar chumas an phobail idirnáisiúnta na hiarmhairtí sin a laghdú.  Sin é an fáth ar theastaigh ó Éirinn go mbeadh ATT láidir agus bríomhar ann ón tús, ag obair le tíortha eile agus leis an tsochaí sibhialta chun an sprioc sin a bhaint amach.

Bhí Éire i bhfabhar ATT láidir agus bríomhar ón tús, agus d’oibrigh Éirinn le tíortha eile agus leis an tsochaí sibhialta chun an sprioc sin a bhaint amach.

Cuireann an Conradh nua cosc ar Stát onnmhairiú airm a údarú nuair a bhíonn a fhios acu go n-úsáidfear na hairm i gcoimisiúnú cinedhíothú, coireanna in aghaidh an duine, sárú ollmhór ar Choinbhinsiúin na Ginéive 1949 nó aon choireanna cogaidh eile. Cuirfidh sé d’oibleagáid ar Stáit freisin an baol ina bhféadfaí airm a aistriú chuig na lámha míchearta nó chuig margadh aindleathach a laghdú, agus cloí le caighdeáin láidre, cuimsitheacha agus a bheidh ag cloí leis an dlí.

Mar a deir an Tánaiste, gur sampla é an ATT mar a fhéadfaidh an UN nithe a chomhlíonadh agus cur le síocháin agus slándáil go hidirnáisiúnta. Deir sé go spreagann sé gach Ballstát den UN an conradh a dhaingniú chun go bhféadfar oibriú le chéile agus saol daoine a shábháil.

Rachaidh an ATT i bhfeidhm nuair a bheidh sé daingnithe ag caoga tír. Tá Éirinn ag obair le tíortha eile chun daingniú agus feidhmiú luath an Chonartha a chinntiú. Éileoidh sin rannpháirtíocht leanúnach chomh maith le cumas a thógáil agus eolas a roinnt ar an talamh. Tá an domhan ag fanacht le fada leis an ATT; beidh sé mar thosaíocht ag Éirinn i gcónaí é a chur i mbun feidhme.

Ghnéithe Eile

Léigh faoi ghnéithe eile ar an obair a dhéanaimid anseo ag baile agus thar lear.