Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cruinniú Neamhfhoirmiúil d’Airí Gnóthaí Eachtracha an AE (Gymnich)

Tánaiste Eamon Gilmore, with EU High Representative for Foreign Affairs and Security Policy, Catherine Ashton, at the press conference following the Gymnich.

Reáchtáil an Tánaiste cruinniú neamhfhoirmiúil d'Airí Gnóthaí Eachtracha an AE ag Caisleán Bhaile Átha Cliath

Reáchtáil an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, T.D. cruinniú neamhfhoirmiúil d'Airí Gnóthaí Eachtracha an AE ag Caisleán Bhaile Átha Cliath i mí an Mhárta 2013.

Bíonn cruinniú neamhfhoirmiúil d’Airí Gnóthaí Eachtracha an AE, ar a dtugtar ‘Gymnich’ ar siúl gach sé mhí, agus bhí sé ar cheann de shraith cruinnithe Aireachta neamhfhoirmiúla a reáchtáil Éire mar chuid dár Uachtaránacht de Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Rinne Ardionadaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Catherine Ashton, cathaoirleacht ar an gcruinniú ag teacht leis na socruithe nua i ndiaidh theacht i bhfeidhm Conradh Liospóin. Is deis úsáideach é an leagan amach neamhfhoirmiúil a bhíonn ar an gcruinniú d’Airí Gnóthaí Eachtracha an AE saincheisteanna tábhachtacha ar an gclár oibre beartas eachtrach a phlé i dtimpeallacht a bhíonn suaimhneach go maith.

Tugadh ‘Gymnich’ ar an gcruinniú, i ndiaidh chaisleán sa Ghearmáin, áit ar tionóladh an chéad chruinniú i rith Uachtaránacht na Gearmáine ar Chomhairle an AE in 1974.  Bíonn an cruinniú ar siúl uair amháin gach sé mhí sa bhallstát a bhíonn i seilbh Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Is é seo an seachtú uair ar reáchtáil Éire cruinniú Gymnich.  Sa bhreis ar na díospóireachtaí tábhachtacha a bhíonn ar siúl i rith na seisiún oibre, tugann na cruinnithe sin deis Éire a léiriú do na comhpháirtithe san AE agus an tAontas Eorpach a thabhairt níos gaire do na saoránaigh.

Chomh maith le saincheisteanna beartas eachtrach tábhachtach an lae a phlé, féachann na hAirí go straitéiseach ar threo an Chomhbheartais Eachtrach agus Slándála (CFSP). Tionóladh na seisiúin oibre i Seomraí an Stáit i gCaisleán Bhaile Átha Cliath chun cloí le cinneadh an Rialtais an méid úsáide agus is féidir a bhaint as ionaid an stáit i rith Uachtaránacht na hÉireann den AE.  Reáchtáil an Tánaiste dinnéar neamhfhoirmiúil d'Airí a bhí ar cuairt ag Teach Farmleigh, agus is ansin a reáchtáladh an chéad Gymnich a reáchtáladh in Éirinn riamh sa bhliain 1975.

Dhírigh na díospóireachtaí i rith Gymnich Bhaile Átha Cliath ar an ngéarchéim leanúnach sa tSiria agus ar fhorbairt na Seirbhíse Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (EEAS).  Toisc gur cruinniú neamhfhoirmiúil a bhí ann, ní raibh aon Chonclúidí ón gComhairle. Éascaíodh tuilleadh leis na comhráite trí rannpháirtíocht Choimisiún an AE agus Pharlaimint na hEorpa ag an gcruinniú. Is féidir teacht ar an liosta iomlán rannpháirtithe anseo (nasc chuig liosta Chinn na Toscaireachta).

Ag deireadh an chruinnithe, reáchtáil an tArd-Ionadaí Ashton agus an Tánaiste preasócáid i gcomhar

 

Ghnéithe Eile

Léigh faoi ghnéithe eile ar an obair a dhéanaimid anseo ag baile agus thar lear.