Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Lá Fhéile Pádraig 2014

Taidhleoireacht Eacnamaíoch na hÉireann i nGníomh

Thar séasúr Lá Fhéile Pádraig 2014, thug an Líonra Ambasáidí, i gcomhar leis na gníomhaireachtaí Stáit, faoi chlár leathan gníomhaíochtaí chun tacú le trádáil, turasóireacht agus infheistíocht agus chun tógáil ar dhea-cháil na hÉireann go hidirnáisiúnta.

Áiríodh air sin:

  • Bhí an Taoiseach, an Tánaiste agus Airí i gceannas ar 30 cuairt a bhí dírithe ar thrádáil thar shéasúr Lá Fhéile Pádraig. Chabhraigh Ambasáidí agus Consalachtaí na hÉireann – a bhfuil triúr taidhleoirí nó níos lú mar fhoireann ag an gcuid is mó díobh – le meánmhéid de 17 ócáid an duine a reáchtáil ar fud 133 cathair agus 68 tír chun Éire a chur chun cinn.
  • Ghlac an Taoiseach, an Tánaiste, Airí agus taidhleoirí páirt i 115 ócáid le cuideachtaí a raibh sé de chumas acu tacú le naisc thráchtála, deiseanna easpórtála nó infheistíochtaí nua a bhaint amach. Fógraíodh nó daingníodh gnó nua láithreach arbh fhiú €5m é d’easpórtálaithe na hÉireann le linn na gcuairteanna thar an séasúr.
  • Rinne an Taoiseach, an Tánaiste, Airí agus an líonra Ambasáidí, mar aon leis an IDA, Fiontraíocht Éireann agus Gníomhaireachtaí Stáit eile, trádáil, turasóireacht agus infheistíocht in Éirinn a chur chun cinn ag 108 imeacht gnó breise ar leith, ar fhreastail os cionn 13,600 duine ó chuideachtaí Éireannacha agus idirnáisiúnta orthu.
  • Chabhraigh an líonra Ambasáidí le 76 suíomh íocónach a ‘Ghlasú’ mar chuid d’fheachtas Tourism Ireland ar fud an domhain agus bhí tionchar ollmhór aige sin i measc na meán. Bhí rannpháirtíocht ghníomhach an líonra Ambasáidí ríthábhachtach maidir leis na suíomhanna ‘Glasa’ sin a chur i gcrích, lena n-áirítear Balla Mór na Síne, Ciste Petra agus Pirimidí Giza agus an Sfioncs agus an dealbh de Chríost an Slánaitheoir i Rio de Janeiro a ghlasú don dara huair.

2014 St Patrick’s Day Infographic

  • Bhí lucht féachana de os cionn 353,000 ag imeachtaí taidhleoireachta poiblí arna n-óstáil nó arna dtacú ag an líonra Ambasáidí, nó arna gcur i láthair go díreach ag an Taoiseach, an Tánaiste, Airí agus an líonra Ambasáidí. Thug sé sin deis iontach teachtaireachtaí comhordaithe maidir le turasóireacht, trádáil agus infheistíocht a chur in iúl agus chun próifíl dhearfach na hÉireann a ardú go hidirnáisiúnta. Maidir leis na himeachtaí a d’eagraigh an líonra Ambasáidí, ullmhaíodh Ireland Inspires agus físeáin chur chun cinn eile, chomh maith le pacáistí bia ó Bhord Bia, agus dáileadh ar mhisin iad.
  • Ghlac an Taoiseach, an Tánaiste, Airí agus taidhleoirí páirt i 124 cruinniú polaitiúil ardleibhéil arna n-eagrú ag an líonra Ambasáidí.
  • Chuir an Taoiseach, an Tánaiste, Airí agus an líonra Ambasáidí teachtaireachtaí tábhachtacha maidir le trádáil, turasóireacht agus infheistíocht chun cinn in eagarfhocail tuairimíochta agus in agallaimh sna meáin idirnáisiúnta a raibh lucht féachana 23.5 milliún duine acu, agus sin meastachán an-choimeádach. Nuair a áirítear clúdach na meán thar lear ar imeachtaí a bhí mar chuid de na cuairteanna ardleibhéil nó ar thug an líonra Ambasáidí tacaíocht dóibh, baineadh lucht féachana níos leithne de 80 milliún duine ar an laghad amach.

Léigh níos mó

Léigh níos mó faoin gclár leathan gníomhaíochta a rinne an líonra Ambasáidí, i gcomhar leis na gníomhaireachtaí Stáit do Lá Fhéile Pádraig 2014