Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Freagra na hÉireann ar an ngéarchéim Ebola in Iarthar na hAfraice

Minister Seán Sherlock with Gon Myers, WFP Country Rep at the Freetown WFP warehouse with Irish Aid stocks

42 tonna de sholáthairtí éigeandála seolta ag Cúnamh Éireann chuig Freetown

Is ábhar mór imní é scaipeadh leanúnach Ebola ag leathadh in Iarthar na hAfraice. Tá Éire ag déanamh a cuid féin chun stop a chur le scaipeadh an víris mharfaigh seo.

Tuairiscítear go bhfuil an galar ar 5,800 duine agus tá rabhadh tugtha ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go dtiocfaidh ardú easpónantúil ar an líon cásanna sna míonna amach romhainn. Tá sé riachtanach go ndéanfaidh an pobal idirnáisiúnta gach is féidir le cabhrú leis na pobail i gceist agus tacú leis na seirbhísí sláinte sna tíortha i gceist agus iad ag tabhairt aghaidh ar an ráig seo.

Tá os cionn €2.5 milliún de mhaoiniú díreach curtha ar fáil ag Éirinn go dtí seo d’eagraíochtaí atá ag obair leis an bhfreagra ar Ebola i Siarra Leon agus sa Libéir, ar tíortha comhpháirtíochta le hÉirinn iad. Tá an maoiniú seo ag tacú le cláir ardú feasachta faoi stiúir NGO-anna i bpobail áitiúla na háiteanna is mó atá buailte ag an ngalar, cláir a bhfuil géarghá leo. Chuir easpa feasachta sa dá thír isteach ar iarrachtaí freagra a thabhairt ar an víreas, chomh maith le scaipeadh an víris. Tá maoiniú curtha ar fáil freisin d’Aireacht Sláinte agus Leasa Sóisialaigh na Libéire chun daoine a d’fhéadfadh a bheith i dteagmháil le duine ionfhabhtaithe a aithint.

Chuir Éire €660,000 ar fáil do UNICEF le fíor-dhéanaí chun cothú riachtanach a thabhairt do leanaí.

Os cionn €2.5 milliún de mhaoiniú díreach curtha ar fáil ag Éirinn go dtí seo d’eagraíochtaí atá ag obair leis an bhfreagra ar Ebola i Siarra Leon agus sa Libéir.

Sheol Éire 42 tonna de threalamh praiticiúil atá le dáileadh ar na pobail atá buailte ag an ngalar. I measc an trealaimh bhí:

  • blaincéid
  • tarpóil
  • pubaill
  • líontáin muiscítí
  • gallúnach
  • cannaí breosla
  • tancanna uisce

Tá Éire ag soláthar acmhainní daonna a bhfuil géarghá leo freisin; d’fhóin speisialtóirí sláinte poiblí ón Roinn Sláinte leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte sa Nigéir agus sa Libéir i mí Lúnasa. Cuireadh comhalta de Chúnamh Éireann chuig Dakar sa tSeineagáil le déanaí chun oibriú leis an gClár Domhanda Tuilte chun ionad aistrithe aeir a bhunú le húsáid ag Seirbhís Daonnúil Aeir na Náisiún Aontaithe.

Tá ról lárnach maidir le comhordú áitiúil ag Ambasáid na hÉireann in Freetown

Tá comhghleacaithe in Ambasáid na hÉireann in Freetown ag obair go dlúth leis na húdaráis áitiúla agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta lena aithint cén cúnamh is mó a theastaíonn le hiarracht a dhéanamh an ráig reatha a bhainistiú, le tacú leis an mbonneagar rialtais agus sláinte áitiúil, agus le cosc a chur ar an víreas scaipeadh tuilleadh. Tá na hAmbasáidí in Freetown agus in Abuja i dteagmháil leanúnach le saoránaigh chláraithe, ag cinntiú go bhfuil siad ar an eolas faoi na réamhchúraimí riachtanacha chun a sláinte agus sábháilteacht a chinntiú agus chun nuashonruithe rialta ar ár gcomhairle taistil a thabhairt, ag teacht le sárcleachtas idirnáisiúnta.

Tá nóta eolais ar Ebola foilsithe ag an HSE d’oibrithe sláinte idirnáisiúnta.

Táimid ag leanúint orainn ag cur nuashonruithe leis an mír comhairle taistil ar láithreán gréasáin na Roinne, maidir le gach tír atá buailte ag an ngalar.

Clárú Saoránach

Iarrtar ar gach duine sa cheantar i gceist clárú ar an leathanach Clárú Saoránach ar www.dfa.ie/ie/taisteal