Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Institiúidí AE

Táirgeann institiúidí an Aontais Eorpaigh beartais an AE agus déantar maoirsiú ar bhainistiú na gclár éagsúla.

An Chomhairle Eorpach

An Chomhairle Eorpach comhdhéanta de chinn rialtais na mBallstát a mbíonn cruinnithe acu chun obair an AE a threorú.

Is ionann An Chomhairle Eorpach agus an áit a mbíonn cinn rialtais na mBallstát i mbun cruinnithe chun obair an AE a threorú

Bíonn cruinnithe ag an gComhairle idir ceithre agus sé huaire sa bhliain agus is féidir a gcuid conclúidí a fheiceáil ar líne. Ó Chonradh Liospóin, tá Uachtarán lánaimseartha ag an gComhairle Eorpach a dhéanann cathaoirleacht ar na cruinnithe. Tá post an Uachtaráin ag Herman Van Rompuy ó 2009.

An Coimisiún Eorpach

Beartaíonn An Coimisiún Eorpach reachtaíocht agus beartas do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus do Pharlaimint na hEorpa lena bplé agus lena gcinneadh. Cinntítear freisin go gcomhlíonann tíortha reachtaíocht na hEorpa agus bainistítear go leor cláir AE. Ainmníonn gach ballstát aon choimisinéir amháin chuig an gCoimisiún agus bítear faoi cheannas Uachtarán an Choimisiúin. Is é Jose Manuel Barrosso Uachtarán an Choimisiúin faoi láthair, agus rachaidh a théarma oifige sin in éag in 2014. Tá Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn oscailte don phobal agus soláthraítear eolas ar obair an Choimisiúin, agus na cláir agus na deiseanna maoinithe a sholáthraítear.

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Comhairle an Aontais Eorpaigh comhdhéanta d’Airí ó na ballstáit a thagann le chéile chun cinntí a dhéanamh maidir le reachtaíocht agus beartas. Tá 10 fhoirmliú Comhairle éagsúla ann maidir le réimsí beartas éagsúla, e.g. Comhairle na nGnóthaí Ginearálta, Iompar, Comhairle Teileachumarsáide agus Fuinnimh agus Comhairle Gnóthaí Eachtracha.

Parlaimint na hEorpa

Parlaimint na hEorpa comhdhéanta de 754 Feisire de Pharlaimint na hEorpa tofa go díreach ó na ballstát go léir a chuidíonn chun beartas a chruthú agus cinntí a dhéanamh i gcomhar le Comhairle an Aontais Eorpaigh. Tá 12 Feisire de Pharlaimint na hEorpa as ceithre toghcheantar ag déanamh ionadaíochta ar Éirinn agus rithfidh a dtéarma cúig bliana go dtí 2014. 

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Cinntíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhfeidhmítear reachtaíocht AE mar is ceart agus go mbíonn meas ag gach ballstát ar an reachtaíocht AE. Tá aon bhreitheamh amháin air ó gach ballstát. Faightear cúnamh ón gCúirt Ghinearálta mar go mbíonn an líon cásanna ró-mhór don Chúirt Bhreithiúnais ann féin.

An Banc Ceannais Eorpach

Bainistíonn An Banc Ceannais Eorpach airgeadra an Euro agus beartas airgeadaíochta do limistéar an euro. Suíonn gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann ar Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

Bunaíodh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa in 1975 i Lucsamburg chun iniúchadh a dhéanamh ar chuntais institiúidí an AE. Tá an Chúirt comhdhéanta d'aon bhall amháin ó gach ballstát AE.