Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Próiseas Síochána an Mheánoirthir

Tá Éire ag tacú le síocháin bhuan sa Mheánoirthear bunaithe ar réiteach dé-stáit le fada.

Éire: ag treorú na hEorpa ag tacú le síocháin

Ba é Éire an chéad bhallstát den Aontas Eorpach a mhaígh go gcaithfeadh réiteach ar an gcoinbhleacht sa Mheánoirthear a bheith bunaithe ar stát na Palaistíne a bheith go hiomlán ceannasach, ag an am céanna le hIosrael agus go neamhspleách air. Ba i gcomhdhearbhú ag Airí Gnóthaí Eachtracha na hÉireann agus Bhairéin i 1980 a rinneadh sin.

Tá ardtosaíocht tugtha ag gach Rialtas Éireannach ó shin do “réiteach déstáit” a bhaint amach, agus is é sin anois an sprioc aitheanta ag na hiarrachtaí idirnáisiúnta go léir. Tá Próiseas Síochána an Mheánoirthir fós ina phríomhthosaíocht don Rialtas i ndáil le beartas eachtrach. Tacaíonn Éire, i gcomhar lenár gcomhpháirtithe AE, le gach iarracht caibidlíocht chuimsitheach a atosú le haghaidh comhaontú síochána foriomlán a bhaint amach.

Cearta an duine sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil

Tá a fhios againn go maith a fhad is atá comhráite calctha agus nach bhfuil aon dul chun cinn dáiríre á dhéanamh agus go bhfuiltear ag leanúint le beartais Iosrael ar an talamh sna críocha faoi fhorghabháil go bhfuil sé níos deacra agus níos deacra síocháin a bhaint amach.

Tá Éire, dá bhrí sin, ag díriú le go leor blianta go háirithe ar na héagóracha agus na sáruithe ar chearta an duine atá á bhfulaingt ag Palaistínigh ina dtír dhúchais. Áirítear orthu sin talamh a ghabháil le haghaidh lonnaíochtaí Iosraelacha, teaghlaigh a dhíbirt, tithe agus foirgnimh feirme, toibreacha agus dabhcha uisce, crainn agus barra a scriosadh, chomh maith le gluaiseacht a shrianadh agus caitheamh go míchothrom le daoine.

Creidimid nach bhféadfar fanacht ar chomhaontú síochána foriomlán i gcás na gceisteanna ríthábhachtacha sin, agus go gcaithfear dul i mbun gnímh lena chinntiú go ndéanfar inmharthanacht réiteach déstáit a chothabháil.

Ag díriú ar chúrsaí ar an talamh

Thug Eamon Gilmore, an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála cuairt ar Iarúsailéim, Ramallah agus Gaza in Eanáir 2012 le go bhfeicfeadh sé féin a raibh ag tarlú ar an talamh. Bhí an Tánaiste chun tosaigh ansin ag iarraidh agus ag baint amach Conclúidí tábhachtacha Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an AE an 14 Bealtaine 2012, inar dhírigh an AE ar shaincheisteanna a bhaineann le inmharthanacht stát Palaistíneach amach anseo, agus leagadh amach go mion na bearta ceartaitheacha is mian a fheiceáil ar an talamh sa chríoch faoi fhorghabháil ar mhaithe le buansíocháin a bhaint amach.

Léirítear tacaíocht leanúnach na hÉireann do shíocháin a bhaint amach sa Mheánoirthear agus stát Palaistíneach a bhaint amach lenár seasamh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, ag an gComhairle um Chearta an Duine, agus eile, lena n-áirítear vóta na hÉireann i Samhain 2012 i bhfabhar na Palaistíne a bheith ina Stát Breathnadóra laistigh de na NA.