Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An beart a dhéanamh i Réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise go 2025

Leagtar amach sa straitéis, Éire Dhomhanda: An Beart a Dhéanamh i Réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise go 2025, na garspriocanna maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh Éire a caidreamh leis an réigiún seo — atá ag éirí níos tábhachtaí i rith an ama — a leagan amach sna blianta amach romhainn, agus maidir leis an gcaoi a ndíreoidh sí air.

Cuireadh an straitéis i gcló i mí Eanáir 2020 tar éis don Roinn Gnóthaí Eachtracha dul i mbun comhairliúchán cuimsitheach le ranna eile, leis na gníomhaireachtaí stáit, leis an tsochaí shibhialta, leis an lucht gnó agus leis an saol acadúil. Tá an treo straitéiseach atá inti bunaithe ar na comhairliúcháin sin, agus ar thaithí Fhoireann na hÉireann ar an láthair.

Mar a shonraítear sa straitéis, tá slám aidhmeanna ag Éirinn: go mbeadh cáil uirthi mar chomhpháirtí atá tiomanta, atá eolach agus a bhfuil meas uirthi; ár naisc thrádála agus infheistíochta a fhorbairt go suntasach; a bheith níos rannpháirtí i malartuithe duine le duine; a bheith níos feiceálaí; agus ar deireadh, luach níos mó a ghnóthú ónár dteagmháil leis an réigiún ar feadh réimse iomlán an rialtais.

Cruinniú na hÁise-na hEorpa

Próiseas idir-rialtasach is ea Cruinniú na hÁise-na hEorpa (ASEM). Bunaíodh é thiar sa bhliain 1996. Cothaíonn san próiseas seo comhrá idir an Áise agus an Eoraip. Tá 53 comhpháirtí i gceist leis: 30 náisiún Eorpach agus 21 náisiún Áiseach, an tAontas Eorpach agus Rúnaíocht Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN). Baineann ASEM leas as próiseas neamhfhoirmiúil comhrá agus comhair d’fhonn aghaidh a thabhairt ar cheisteanna comhleasa polaitiúla, eacnamaíocha, airgeadais, sóisialta, cultúrtha agus oideachais. Bíonn spiorad na comhurraime agus na comhpháirtíochta cothroime le sonrú san obair sin. Is é atá i gceist le cruinniú mullaigh ASEM, a thionóltar gach re bliain, cruinniú idir Cinn Stáit agus Rialtais ASEM, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Ard-Rúnaí ASEAN.

Taoiseach Micheál Martin T.D., meeting with Japanese musicians during his visit to Japan in July 2022

An Taoiseach Micheál Martin, T.D., ag bualadh le ceoltóirí Seapánacha le linn a chuairte ar an tSeapáin i mí Iúil 2022

Tánaiste Simon Coveney meets His Majesty King Felipe VI of Spain at ASEM FMM14

An Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, T.D., ag bualadh le Felipe VI, Rí na Spáinne, an 16 Nollaig 2019.‌

Ag an ócáid ba dhéanaí de Chruinniú Mullaigh ASEM, a d’óstáil an Chambóid go fíorúil in 2021, chuaigh an Taoiseach Micheál Martin, T.D., i dteagmháil le lucht a chomhchéime san Áise agus san Eoraip. A bhuíochas leis na seisiúin iomlánacha, bhíothas ábalta réimsí comhleasa a phlé, téarnamh eacnamaíoch tar éis na paindéime a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar phríomhcheisteanna réigiúnacha.

Chun tuilleadh eolais a fháil i dtaobh ASEM, féach ar ASEM InfoBoard, áit a bhfuil faisnéis faoi chleachtais oibre ASEM agus faoi na colúin atá mar bhonn lena chuid oibre.

Fondúireacht na hÁise-na hEorpa

Chruthaigh na baill de ASEM Fondúireacht na hÁise-na hEorpa, ar a dtugtar ASEF go minic, chun naisc idir an Áise agus an Eoraip a neartú, chun eispéiris chomhroinnte a chruthú le haghaidh foghlama agus comhrá, chun comhthuiscint idir an Eoraip agus an Áise a fheabhsú, agus chun deiseanna comhair idir an Áise agus an Eoraip a fhiosrú. Ó bunaíodh ASEF in 1997, tá os cionn 20,000 duine ón Áise agus ón Eoraip tugtha le chéile aige agus tá maoirseacht déanta aige ar níos mó ná 700 tionscadal atá dírithe ar chultúr, ar an ngeilleagar, ar oideachas, ar rialachas, ar shláinte phoiblí agus ar fhorbairt inbhuanaithe.

Reáchtálann ASEF breis is 25 tionscadal in aghaidh na bliana, ina mbíonn thart ar 100 gníomhaíocht (comhdhálacha, seimineáir, ceardlanna, léachtaí, foilseacháin, agus ardáin ar líne den chuid is mó), in éineacht le heagraíochtaí comhpháirtíochta. Glacann breis agus 3,000 Áiseach agus Eorpach páirt i ngníomhaíochtaí ASEF gach bliain, agus déantar teagmháil le pobal i bhfad níos mó trína imeachtaí, trína líonraí agus trína thairseacha gréasáin éagsúla. 

Tá Coláiste na hOllscoile, Corcaigh ina óstach do Mhol ASEF don Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil, tionscadal ASEF ina dtagann lucht léinn ón Áise agus ón Eoraip le chéile.