Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

An Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach

An Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach

Réamhrá

Is éard atá sa Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach ná an chuid sin de dhlí Stáit ar bith a mbíonn feidhm leis nuair a iarrtar ar chúirt cás a chinneadh a bhfuil gné eachtrach ag baint leis.  D'fhéadfadh a leithéid de ghné eachtrach a bheith i gceist, mar shampla, toisc go ndearnadh conradh, nó go bhfuil conradh le cur i bhfeidhm, i Stát eile nó mar gheall ar aitheantas maidir le colscaradh a fuair duine a bhfuil cónaí air/uirthi thar lear.  Toisc go mb'fhéidir go n-iarrfaí ar chúirteanna sa Stát eile dlínse a chleachtadh maidir leis an gcás, nó toisc nach ionann dlíthe an Stáit eile agus dlíthe na hÉireann faoi imeachtaí os a comhair, d'fhéadfadh easaontacht dlíthe a bheith i gceist agus cúirt Éireannach ag iarraidh cinneadh a thabhairt.  Déantar a leithéid d’easaontacht a réiteach trí na rialacha a bhaineann le dlí idirnáisiúnta príobháideach a chur i bhfeidhm.

Beidh difríochtaí le sonrú sa dlí idirnáisiúnta príobháideach faoi mar a forbraíodh é in Éirinn agus an dlí a forbraíodh i Stáit eile agus tá gach seans ann go bhfuil an oiread dlíthe idirnáisiúnta príobháideacha ann is atá Stáit ann agus a gcórais náisiúnta dlí ag gach ceann acu.

Comhdháil na Háige

Eagraíocht idir-rialtasach bunaithe sa Háig is í Comhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach a bhfuil sé de chúram air rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh a aontú go forásach.

Tháinig an Chomhdháil le chéile don chéad uair in 1893 agus rinneadh eagraíocht idir-rialtasach bhuan di i 1955.  Ghlac an Chomhdháil le 35 cinn de Choinbhinsiúin na Háige ó shin maidir le réimse ábhar ó sheirbheáil cáipéisí breithiúnacha agus fianaise a thógáil thar lear go fuadach leanaí agus uchtú idir thíortha.

Tá Éire ina ball gníomhach den Chomhdháil ón am ar aontaigh sí le Reacht Chomhdháil na Háige an 26 Lúnasa 1955 agus thacaigh sí le hiarrachtaí na Comhdhála a ballraíocht a leathnú amach.

De bhun Alt 6 den Reacht ainmníodh Rannóg Dlí na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála mar an t-Údarás Náisiúnta in Éirinn chun cumarsáid idir Éirinn, mar bhallstát den Chomhdháil, agus an Biúró Buan a éascú. De bhun Alt 9 den Reacht is é Ambasadóir na hÉireann chun na Háige ionadaí na hÉireann ag Comhairle na nIonadaithe Taidhleoireachta ag an gComhdháil.

Coinbhinsiúin na Háige

Mar aon le bheith ina stát is páirtí le Reacht Chomhdháil na Háige, is stát is páirtí í Éire freisin sna sé Choinbhinsiún seo a leanas a formhíníodh faoi scáth Chomhdháil na Háige:

· Coinbhinsiún na Háige ar Neamhréireachtaí Dlíthe maidir le Foirm na nDiúscairtí Tiomnacha arna ndéanamh an 5 Deireadh Fómhair 1961

Rinneadh foráil sa dlí maidir leis na dualgais ar ghlac an Stát leo de bhun Coinbhinsiúin 1961 i gCuid VII den Acht Comharbais, 1965. D'aontaigh Éire leis an gCoinbhinsiún an 3 Lúnasa 1967 agus tugadh feidhm dó i leith an Stáit an 2 Deireadh Fómhair 1967.

· Coinbhinsiún na Háige lena gcuirtear deireadh leis an gCeangal Fíoraithe i gcás Doiciméad Poiblí Coigríche arna dhéanamh an 5 Deireadh Fómhair 1961

Síníodh an Coinbhinsiún thar ceann na hÉireann an 29 Deireadh Fómhair 1996.  Rinneadh foráil sa dlí maidir leis na dualgais ar ghlac an Stát leo de bhun an Choinbhinsiúin le Rialacha na nUaschúirteanna Leasú Uimh. 3 - Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 1) (Cruthúnas ar Dhoiciméid Thaidhleoireachta, Chonsalachta agus Phoiblí Choigríche) 1999.  Daingníodh é an 8 Eanáir 1999 agus tháinig feidhm leis sa Stát an 9 Márta 1999.  Arna dhaingniú agus de bhun mír 1 d'Alt 6 den Choinbhinsiún, d'ainmnigh Éire Rannóg Consalachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha mar an t-údarás inniúil chun teastas ar a dtugtar an "apastaile" a eisiúint. Díobhadh an riachtanas a bhíodh ann maidir le doiciméid phoiblí choigríche áirithe a fhíorú i gcás na dtíortha seo a leanas: Éire, an Danmhairg, an Iodáil, an Fhrainc, an Bheilg, an Chipir agus an Laitvia agus é sin de bhun Coinbhinsiún lena gcuirtear deireadh leis an gCeangal Fíoraithe i gcás Doiciméad i mBallstáit na gComhphobal Eorpacha arna dhéanamh sa Bhruiséil an 25 Bealtaine 1987.

· Coinbhinsiún na Háige ar Dhoiciméid Bhreithiúnacha agus Sheachbhreithiúnacha in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála a Sheirbheáil Thar Lear arna dhéanamh an 15 Samhain 1965

Síníodh an Coinbhinsiún thar ceann na hÉireann an 20 Deireadh Fómhair 1989.  Rinneadh foráil sa dlí maidir leis na dualgais a ghlac an Stát leo de bhun an Choinbhinsiúin le Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 3) 1994. Daingníodh é an 5 Aibreán 1994 agus tugadh feidhm dó sa Stát an 4 Meitheamh 1994.  Ainmníodh Máistir na hArd-Chúirte, (seoladh: Na Ceithre Chúirt, Cé na gCúirteanna, Baile Átha Cliath 7) mar an Údarás Lárnach i gcás na hÉireann faoi réir Alt 2 an Coinbhinsiúin agus, de bhun Alt 6, is é sin an t-údarás cuí chun teastais a chríochnú i gcló an mhúnla atá leis an gCoinbhinsiún.  Rinne Éire na dearbhuithe agus na hagóidí seo a leanas arna dhaingniú:

Airteagal 3: "Is é an t-údarás nó an t-oifigeach breithiúnach inniúil faoi dhlíthe na hÉireann chun críche Alt 3 an Choinbhinsiúin ná an tÚdarás Lárnach, Aturnae cleachtais, Cláraitheoir Contae nó Cléireach Cúirte Dúiche.

Airteagal 15: "De bhun na dara míre d'Alt 15 féadfaidh Breitheamh in Éireann breith a thabhairt, fiú mura bhfuarthas aon teastas seirbheála nó seachadta, má tá na coinníollacha sin comhlíonta atá leagtha amach sa dara mhír d'Alt 15 an Choinbhinsiúin.”

Airteagal 10: De réir forálacha Alt 10 den Choinbhinsiún déanann Rialtas na hÉireann agóid faoi (i) an tsaoirse atá ag oifigigh bhreithiúnacha nó daoine inniúla de chuid an Stáit tionscnaimh faoi Alt 10(b) doiciméid breithiúnacha a sheirbheáil go díreach trí oifigigh bhreithiúnacha, oifigigh nó daoine inniúla eile agus (ii) an tsaoirse faoi Alt 10(c) atá ag aon duine ar spéis leis/léi imeacht breithiúnach doiciméid breithiúnacha a sheirbheáil go díreach in Éirinn trí oifigigh bhreithiúnacha, oifigigh nó daoine inniúla eile, ach níl sé d'aidhm aige seo cosc a chur ar aon duine i Stát Conartha ar spéis leis/léi imeacht breithiúnach (lena n-áirítear a d(h)líodóir) doiciméid breithiúnacha a sheirbheáil go díreach in Éirinn trí aturnae.”

Faoi mar bhí le tuiscint in Alt 11, rinneadh socruithe idir Bhallstáit an Chomhphobail Eorpaigh chun iarratais ar dhoiciméid a sheirbheáil go díreach chuig údaráis Lárnacha. Cuireadh Rialachán na Comhairle (CE) Uimh. 1393/2007 de 13 Samhain 2007 faoi dhoiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil i gcásanna sibhialta nó tráchtála, agus ar tugadh feidhm dó an 30 Nollaig 2007, in áit na socruithe a bhfuil foráil fúthu i gCoinbhinsiún na Háige 1965 i gcás Bhallstáit an Chomhphobail.

· Coinbhinsiún na Háige faoi Ghnéithe Sibhialta de Fuadach Idirnáisiúnta Leanbh arna dhéanamh an 25 Deireadh Fómhair 1980

Síníodh an Coinbhinsiún thar ceann na hÉireann an 23 Bealtaine 1990 agus tugadh feidhm dlí sa Stát d'fhorálacha an Achta um Fhuadach Leanaí agus Forghníomhú Orduithe Coimeádta,1991. Daingníodh é an 16 Iúil 1991 agus tháinig sé i bhfeidhm in Éirinn an 1 Deireadh Fómhair 1991. De bhun Alt 4 d'Acht 1991 tá sé de chumhacht ag an Aire Gnóthaí Eachtracha ordú a thabhairt ag dearbhú cé hiad Stáit chonartha an Choinbhinsiúin. De réir mír 1 d'Alt 6 an Choinbhinsiúin, ainmníodh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí mar Údarás Lárnach na hÉireann.

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

Cearnóg an Easpaig

Cnoc Réamoinn

Baile Átha Cliath 8

Teil + 353 1 4790200

Facs:  + 353-1 4790201

R Phost: child_abduct_inbox@justice.ie

. Coinbhinsiún na Háige um Chosaint Leanaí agus Comhar i leith Uchtála idir Thíortha, arna dhéanamh an 29 Bealtaine 1993

Daingníodh an Coinbhinsiún an 28 Iúil 2010 agus tháinig sé i bhfeidhm in Éirinn an 1 Samhain 2010. Tugadh feidhm dlí i nDlí na hÉireann dó le hAlt 9 den Acht Uchtála 2010 ar cuireadh tús leis an 1 Samhain 2010. Is é an tÚdarás Uchtála  (www.aai.gov.ie) an t-údarás inniúil náisiúnta chun críche an Choinbhinsiúin.

. Coinbhinsiún maidir le Dlínse, an Dlí is Infheidhme, Aitheantas, Forghníomhú agus Comhar i dtaca le Freagracht Tuismitheoirí agus le Bearta chun Leanaí a Chosaint, arna dhéanamh 19 Deireadh Fómhair 1996

Daingníodh an Coinbhinsiún in Éirinn an 30 Meán Fómhair 2010 agus tháinig sé i bhfeidhm in Éirinn an 1 Eanáir 2011. Tugadh feidhm dlí i nDlí na hÉireann dó le alt 2 den Acht um Chosaint Leanaí (Coinbhinsiún na Háige) 2000, ar cuireadh tús leis an 1 Eanáir 2011. Tá scóip leathan ag an gCoinbhinsiún, a chlúdaíonn raon leathan de bhearta cosanta sibhialta a bhaineann le leanaí, ó orduithe a bhaineann le freagracht tuismitheoirí agus teagmháil le bearta poiblí cosanta agus cúraim, agus ó ábhair a bhaineann le ionadaíocht go cosaint maoine leanaí.

Is é an tÚdarás Lárnach maidir le Cosaint Idirnáisiúnta Leanaí ná:
An Roinn Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí
Cearnóg an Easpaig
Cnoc Réamoinn
Baile Átha Cliath 2
Teil: + 353 1 479-0200
Facs: + 353 1 479-0201
r-phost: internationalchildprotect@justice.ie

Comhdháil na Háige um an Dlí Príobháideach Idirnáisiúnta

Tá treoir chuimsitheach faoi fheidhmiú an Choinbhinsiúin agus rudaí a bhaineann leis le fáil i gComhdháil na Háige um an Dlí Príobháideach Idirnáisiúnta.

Tuarascálacha an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí faoi Choinbhinsiúin na Háige

Tá roinnt tuarascálacha faoi Choinbhinsiúin na Háige curtha ar fáil ag Coimisiúin na hÉireann um Athchóiriú an Dlí agus is féidir iad a fháil mar aon lena thuarascálacha faoi Easaontachtaí Dlíthe a fháil ar a shuíomh gréasáin.

UNIDROIT

Is eagraíocht idir-rialtasach neamhspleách í an Institiúid Idirnáisiúnta um Aontú an Dlí Phríobháidigh (UNIDROIT) le ceanncheathrú sa Róimh.  Bunaíodh UNIDROIT i 1926 chun scrúdú a dhéanamh ar bhealaí chun dlí príobháideach Stát a chomhchuibhiú agus a chomhordú agus chun ullmhúcháin a dhéanamh de réir a chéile do ghlacadh rialacha aonfhoirmeacha do dhlí príobháideach ag na Stáit éagsúla. Chuige seo -

  • Ullmhaíonn sé dréachtaí de dhlíthe agus coinbhinsiúin le haidhm dlí inmheánach aonfhoirmeach a bhunú;
  • Ullmhaíonn sé dréachtaí de chomhaontuithe chun caidrimh idirnáisiúnta a éascú sa réimse de dhlí príobháideach;
  • Déanann sé staidéir ar dhlí príobháideach comparáideach;
  • Bíonn spéis aige i dtionscadail déanta in aon cheann de na réimsí sin ag institiúidí eile, lena gcoinníonn sé caidrimh de réir mar is gá;
  • Eagraíonn sé comhdhálacha agus foilsíonn sé saothair ar fiú iad a scaipeadh go forleathan i dtuairim na hInstitiúide.. 

Is comhlacht idirnáisiúnta é UNIDROIT atá freagrach do na Rialtais rannpháirteacha. Bunaíodh é ar bhonn comhaontú iltaobhach, an Reacht UNIDROIT. Glacann aon Rialtas is seasca, Rialtas na hÉireann san áireamh, páirt i UNIDROIT. Tá Éire ina rannpháirtí gníomhach in UNIDROIT ó fuair sí ballraíocht an 16 Aibreán 1940.   Tá struchtúr bunúsach trí chiseal ag UNIDROIT atá comhdhéanta de Rúnaíocht, Comhairle Rialaithe agus Tionól Ginearálta.  

Is iad seo a leanas orgáin UNIDROIT:

  • Tionól Ginearálta;
  • Uachtarán;
  • Comhairle Rialaithe;
  • Buanchoiste;
  • Binse Riaracháin;
  • Rúnaíocht.

Is iad feidhmeanna príomhúla Chomhairle Rialaithe UNIDROIT a chlár oibre a dhréachtú, an tuarascáil bhliantúil ar a chuid gníomhaíochtaí a cheadú agus dréachtbhuiséad a dhréachtú agus a chur chuig an Tionól Ginearálta lena fhormheas.  

Tá sé i dteideal gach Rialtais rannpháirtigh, mar aon le gach institiúid idirnáisiúnta de chineál oifigiúil, tograí maidir le staidéar a dhéanamh ar aontú, comhchuibhiú nó comhordú an dlí phríobháidigh a chur faoi bhráid na Comhairle Rialaithe.  Ina theannta sin, féadfaidh aon institiúid nó cumann idirnáisiúnta atá mar chuspóir aige staidéar a dhéanamh ar cheisteanna dlíthiúla, moltaí maidir le staidéir ar chóir iad a dhéanamh a chur faoi bhráid na Comhairle Rialaithe.  Tar éis dó an staidéar ar na ceisteanna a thabhairt chun críche, más cuí, ceadóidh an Chomhairle Rialaithe aon réamhdhréachtaí atá le cur faoi bhráid Rialtas. 

Déanann Rialtas na hÉireann ranníocaíocht do bhuiséad bliantúil UNIDROIT.

Is é ár Rannóg Dlí atá ainmnithe mar an t-údarás náisiúnta in Éirinn chun críocha cumarsáid idir Éirinn agus UNIDROIT a éascú.

Coinbhinsiúin UNIDROIT

Is páirtí stáit í Éire sa Choinbhinsiún agus Prótacal seo a leanas a formhíníodh faoi scáth UNIDROIT: 

Is é cuspóir an Choinbhinsiúin agus an Phrótacail thuas creatlach dlí idirnáisiúnta aonfhoirmeach a chur ar fáil chun maoiniú sócmhainnbhunaithe aerárthach, innill aerárthaigh agus héileacaptar a éascú;  Achtaíodh an tAcht um Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste (Coinbhinsiún Cape Town), 2005 (Uimh 15 de 2005) chun éifeacht a thabhairt don Choinbhinsiún agus Prótacal thuas in Éirinn.   

Is cuid phríomhúil den chóras a bunaíodh faoi Choinbhinsiún agus Prótacal Cape Town é bunú Chlárlann Idirnáisiúnta de Shócmhainní Soghluaiste. Tá conradh ag Aviareto, comhfhiontar idir SITA SC agus Rialtas na hÉireann leis an Údarás Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) chun an Chlárlann Idirnáisiúnta a bhunú agus a fheidhmiú de réir mar a cheanglaíonn Coinbhinsiún agus Prótacal Cape Town.