Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Ráiteas de chuid na hÉireann ar an Dlí Idirnáisiúnta

Ráiteas de chuid na hÉireann ar an Dlí Idirnáisiúnta

Réamhrá

Sa chás nach bhfuil conradh ann a rialaíonn caidreamh idir dhá stat nó níos mó ar thopaic áirithe, tá tábhacht le fianaise go bhfuil comhdhearcadh ann i measc stát ar cén saghas dlí ar chóir a bheith ann, nó i bhfocail eile, cleachtas stáit i gcomhar le haitheantas go bhfuil cleachtas áirithe éigeantach. Má tá sé forleathan agus seasmhach a dhóthain féadfaidh cleachtas agus comhdhearcadh dá leithéid a bheith ina dhlí idirnáisiúnta gnách.  

Féadtar teacht ar fhianaise gnáis i measc na bhfoinsí seo a leanas:

  • rúin de chuid Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe
  • ráitis ó rialtais
  • nótaí tráchta ó rialtais ar dhréachtanna a d’ullmhaigh an Coimisiún Dlí Idirnáisiúnta
  • tuairimí comhairleoirí dlíthiúla oifigiúla
  • cinntí cúirteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta
  • comhfhreagras taidhleoireachta

Ach mar a tharlaíonn le gach ní a bhaineann le fianaise, bíonn an-éagsúlacht ann maidir leis an tábhacht is féidir a leagan ar ráiteas áirithe ag brath ar na cúinsí inar rinneadh an ráiteas.

Tá téacs na ráiteas is déanaí a rinne Éire i gComhairle Slándála na NA agus i gComhthionól Ginearálta na NA ar láithreán gréasáin Bhuanmhisean na hÉireann chun na Náisiúin Aontaithe . Tá ráitis a rinne Éire thar ceann an Aontais Eorpaigh le linn a hUachtaránachta ar an AE ar an láithreán freisin.

Toisc go n-aontaíonn Éire le téacs na ráiteas a dhéanann Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh sula seoltar iad, is féidir gur fianaise iad siúd freisin ar sheasamh na hÉireann maidir le cúrsaí dlí áirithe.

Obair an ILC

Réamhrá

Forálann Airteagal 13(1) de Chairt na NA go gcuirfidh an Comhthionól Ginearálta tús le staidéir agus go ndéanfaidh sé moltaí d’fhonn forbairt fhorásach agus códú an dlí idirnáisiúnta a spreagadh. I 1947 bhunaigh an Comhthionól Ginearálta an Coimisiún Dlí Idirnáisiúnta (ILC) chun an fheidhm bheacht seo a dhéanamh.

Déanann Reacht an ILC idirdhealú “mar áis” idir:

(a) forásach (a chiallaíonn “ullmhú dréachtchoinbhinsiún ar ábhair nár rialaíodh go fóill leis an dlí idirnáisiúnta nó nach bhfuil forbairt a dhóthain déanta ar an dlí ina leith i gcleachtas Stát”), agus

(b) códú (a chiallaíonn “foirmliú agus córasú níos beaichte ar rialacha an dlí idirnáisiúnta i réimsí ina raibh cleachtas, fasach agus teoiric Stáit forleathan ann cheana”).

Dar leis an ILC féin, “bíonn ról tábhachtach ag rialtais i ngach céim d’obair an chódaithe agus na forbartha forásaí...  Tugann siad faisnéis go haonair agus an Coimisiún ag cur tús leis an obair agus déanann tráchtaireacht ar a dhréachtanna, agus i dteannta a chéile déanann siad cinneadh uaireanta ar thionscnamh nó ar thosaíocht na hoibre agus déanann cinneadh i gcónaí ar thoradh na hoibre.”

Cuireann an ILC tuarascálacha bliantúla i láthair an Sé Choiste de Chomhthionól Ginearálta na NA (an Coiste a dhéileálann le cúrsaí dlí). Chomh maith leis sin tar éis don ILC a dhréacht dheiridh a chur faoi bhráid an Chomhthionóil Ghinearálta ar thopaic, iarrann an Comhthionól de ghnáth ar stáit a dtuairimí a thabhairt ar an dréacht.

Ráitis na hÉireann ar obair an ILC

Liostaítear thíos téacs ráiteas na hÉireann do Comhthionól Ginearálta na NA maidir le hobair an ILC:

Ráiteas do UNGA 67, 5 Samhain 2012 ar Chuid 3 de Thuarascáil an ILC maidir le Díolúine Oifigeach Stáit, Feidhmiú Sealadach Conarthaí, Foirmiú Dlí Idirnáisiúnta Ghnách, an Oibleagáid Eiseachadta nó Ionchúisimh, Conarthaí thar Thréimhsí Ama agus an Chlásáil um an Náisiún Is Mó Fabhar.

Ráiteas do UNGA 67, 2 Samhain 2012 ar Chuid 1 de Thuarascáil an ILC maidir le Díbirt Eachtrannach, Cosaint Daoine i gCás Tubaiste agus Cinntí eile de chuid an Choimisiúin.

Ráiteas do UNGA 66, 4 Samhain 2011 ar Thuarascáil an ILC maidir le Cinntí Eile agus Tátail an Choimisiúin.

Ráiteas do UNGA 66, 28 Deireadh Fómhair 2011 ar Thuarascáil an ILC maidir le Cosaint Daoine i gCás Tubaistí.

Ráiteas do UNGA 66, 12 Deireadh Fómhair 2011 ar Thuarascáil an ILC maidir le Scóip agus Feidhmiú Phrionsabal na Dlínse Uilíche.  

Ráiteas do UNGA 65, 28 Deireadh Fómhair 2010 ar Thuarascáil ILC maidir le Cosaint Daoine i gCás Tubaistí.

Ráiteas do UNGA 64, 30 Deireadh Fómhair 2009 ar Thuarascáil an ILC maidir le Cosaint Daoine i gCás Tubaistí.

Ráiteas do UNGA 64, 27 Deireadh Fómhair 2009 ar Thuarascáil an ILC maidir le Freagracht Eagraíochtaí Idirnáisiúnta.

Ráiteas do UNGA 62, 1 Samhain 2007 ar Thuarascáil an ILC maidir leis an Oibleagáid Eiseachadta nó Ionchúisimh.

Ráiteas do UNGA 62, 29 Deireadh Fómhair 2007 ar Thuarascáil an ILC maidir le Freagracht Eagraíochtaí Idirnáisiúnta.

Ráiteas do UNGA 61, 2006 ar dhréachtairteagail an ILC ar Fhreagracht Eagraíochtaí Idirnáisiúnta.

Ráiteas do UNGA 60, 2005 ar Thuarascáil an ILC maidir le Freagracht Eagraíochtaí Idirnáisiúnta.

Ráitis Eile

Tugann an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála freagra go rialta ar Cheisteanna Parlaiminte agus tugann ráitis don Oireachtas ar shaincheisteanna áirithe.

Tá óráidí a rinne an tAire le déanaí ar fáil ar an Nuacht agus sa Phreas.

Ráiteas ag seoladh Bhliainiris na hÉireann ar an Dlí Idirnáisiúnta, UCC Samhain 2012, ón gComhairleoir Dlí, James Kingston, thar ceann an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.