Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Beartas Slándála Idirnáisiúnta

Tá sé mar aidhm againn a chinntiú go mbeidh luachanna na hÉireann le sonrú i gcur chuige an phobail idirnáisiúnta maidir le coinbhleacht a chosc agus bainistiú géarchéime.

Tá Éire tiomanta ról dearfach agus cuiditheach a bheith againn i gcothabháil síocháin agus slándáil go hidirnáisiúnta. Tá ár mbeartas sa réimse seo bunaithe ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar an tuairim go bhfuil an ról príomhúil ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun síocháin agus slándáil a choinneáil go domhanda.

Comhoibriú Idirnáisiúnta

Oibrímid leis na Náisiúin Aontaithe, leis an AE agus le comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta eile chun síocháin agus cobhsaíocht domhanda a chur chun cinn. Déantar comhordú ar ionchur na hÉireann i mbeartas síochánaíochta na Náisiún Aontaithe i gcomhar leis an Roinn Cosanta agus leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Tá Éire tiomanta ról dearfach agus cuiditheach a bheith againn i gcothabháil síocháin agus slándáil go hidirnáisiúnta.

Comhbheartas Slándála agus Cosanta an AE (CSDP) tagtha chun cinn mar chuid lárnach de Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais (CFSP). Is gné amháin é an CSDP laistigh den chur chuige cuimsitheach atá ag an AE maidir le bainistiú géarchéimeanna agus áirítear orthu cumais agus oibriúcháin sibhialta agus míleata araon. Tá an Rannán Beartas Slándála Idirnáisiúnta gníomhach i bhforbairt CSDP, agus trí oibriú go dlúth leis an Roinn Cosanta, cuirtear go mór le comhráite beartais a bhíonn ar siúl sa Bhruiséil. Cuirimid saineolaithe sibhialta ar iasacht chuig misin CSDP thar lear freisin.

Bainistíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála rannpháirtíocht na hÉireann freisin sa Chomhairle Comhpháirtíochta Eor-Atlantach agus i gcreat oibre Comhpháirtíochta do Shíocháin NATO Partnership for Peace framework (PfP) i gcomhar leis an Roinn Cosanta. Tá Éire ina ball den PfP ó 1999.

Rannpháirtíocht na hÉireann in Oibriúcháin Síochána

Is údar mórtais d’Éirinn a traidisiún a bheith rannpháirteach i misin síochánaíochta na Náisiún Aontaithe agus i misin síochánaíochta faoi shainordú na Náisiún Aontaithe síochánaíocht ó 1958.

Le blianta beaga anuas, is eol don phobal idirnáisiúnta an gá atá le cur chuige níos cuimsithí chun dul i ngleic leis na bunchúiseanna atá le coinbhleacht agus tá tosaíocht tugtha d'institiúidí polaitíochta, geilleagracha agus riail an dlí a thógáil agus a athbhunú. Tá ról luachmhar ag misin bhainistiú géarchéime sibhialta chun cosc a chur ar choinbhleacht ó thosú agus ó atosú.  Mar thacaíocht dó sin, táimidne rannpháirteach go díreach ag cur saoránaigh na hÉireann a bhfuil an saineolas acu i raon réimsí lena n-áirítear cearta daonna, ceartas agus riail an dlí chun a bheith rannpháirteach i misin shibhialta AE san Afganastáin, sa Chosaiv, sa tSeoirsia, san Iaráic agus i gCríocha na Palaistíne. Tacaímid freisin le hathlonnú baill den Gharda Síochána, atá athlonnaithe faoi láthair i misin na Náisiún Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh sa Chipir agus sa Chosaiv.