Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Maidir le hÉirinn

Cé gur tír bheag í Éirinn, is tír í a bhfuil go leor bainte amach aici. Tháinig naoimh agus lucht léinn, ealaíontóirí agus fiontraithe, eolaithe agus laochra móra spóirt as Éirinn. Tá cáil na nuálaíochta, an obair chrua agus díograis ar an tír seo agus fós tá ár ndearcadh sainiúil féin againn ar an saol nach bhfuil a leithéid le fáil in aon áit eile. Is áit ar leith í Éirinn – agus léireofar é sin duit anois.

Éire – forléargas

  • Ainm: Éire
  • Príomhchathair: Baile Átha Cliath
  • Daonra: 4.6 milliún
  • Teanga: Béarla agus Gaeilge
  • Rialtas: Poblacht
  • Ceann an rialtais: An Taoiseach Enda Kenny
  • Ceann stáit: An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn
  • Airgeadra: Euro
  • Bratach: Bratach trí dhath: glas, bán agus oráiste
  • Suaitheantas: An Chruit
  • Lá Náisiúnta: Lá Fhéile Pádraig, 17 Márta

Ár Stair

Stair na hÉireann

Le tuamaí pasáiste atá níos sine ná na pirimidí agus cathracha de bhunú na Lochlannach, caisleáin atá ag titim ó chéile agus eastáit bhreá faoi tuath, tá stair na hÉireann le sonrú sa tírdhreach féin. Sna 7,000 bliain ó thosaigh daoine ag cur fúthu ar an oileán seo, d'ionsaigh na Ceiltigh, na Lochlannaigh, na Normannaigh, na Sasanaigh agus na hAlbanaigh sinn agus shocraíodar siad agus d'fhág siad uile a lorg ar an stair, ar an tíreolaíocht, ar an gcultúr, ar an teanga agus ar na daoine féin.

An raibh a fhios agat? Creidtear gurb é Naomh Pádraig a thug an Chríostaíocht go hÉirinn sa chúigiú haois.

Stát Nua

Nuair a síníodh An Conradh Angla-Éireannach in 1921, cuireadh tús le caibidil nua de stair na hÉireann. Tháinig deireadh le Cogadh na Saoirse le síniú an Chonartha, agus bunaíodh stát na hÉireann le 26 contae agus bhí sé chontae Uladh á riaradh ag Rialtas cineachta laistigh den Ríocht Aontaithe. Tugtar le fios i mBunreacht na hÉireann 1937, gurb é Éire (nó Ireland i mBéarla) ainm oifigiúil an Stáit agus le hachtú Acht Phoblacht na hÉireann 1948, sa bhliain 1949, Poblacht a bheadh feasta ar Saorstát Éireann.  

An raibh a fhios agat? Chuaigh Éire isteach sna Náisiúin Aontaithe i 1955 agus chuaigh sí isteach san Aontas Eorpach mar a thugtar air anois i 1973.

Tuaisceart Éireann

I ndiaidh Chogadh na Saoirse i 1921, bhí a rialtas cineachta féin ag Tuaisceart Éireann arna rialú ag an móramh Aontachtach go dtí 1972.  Mar sin féin, mar thoradh ar idirdhealú in aghaidh Náisiúnaigh ó thaobh vótáil, tithíocht agus fostaíocht agus brú faoi chois lucht feachtais chearta sibhialtaigh na Náisiúnach, thosaigh corraíl shibhialta agus lean tréimhse fhada coinbhleachta ar a tugadh Na Trioblóidí.

Ó na 1980idí ar aghaidh, thosaigh rialtas na hÉireann agus rialtas na Breataine ag obair go dlúth le chéile chun síocháin a bhaint amach, agus as sin síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998.  Leagadh amach creat leis an gComhaontú don dá phobal i dTuaisceart Éireann réiteach a fháil ar a gcuid difríochtaí agus cuireadh deireadh leis na blianta fada foréigin.

An raibh a fhios agat? Ghlac muintir na hÉireann le móramh mór le Comhaontú Aoine an Chéasta i reifrinn a ritheadh ó Thuaidh agus ó Dheas i 1998.

Ár nGeilleagar

Agus geilleagar na hÉireann ag fás go tapa ó 1993 go dtí 2007, againne a bhí ceann de na geilleagair is tapúla fáis ar domhain ag an tráth sin. Mar sin féin, leis an lagú geilleagrach domhanda agus deireadh le tréimhse fhada ina raibh maoin ag dul airgead mór agus as ar lean fadhbanna laistigh de chóras baincéireachta na hÉireann, fágadh a rian ar an tír. Tháinig feabhas áfach ar gheilleagar na hÉireann in 2011 agus lean an geilleagar ag fás.

An raibh a fhios agat? Tá luach os cionn €9 billiún sa bhliain ag onnmhairithe bia agus dí na hÉireann agus díoltar iad in os cionn 175 tír.

Ár gCultúr

An cultúr agus an oidhreacht uathúil a chruthaíonn an chruthaitheacht sainiúil sin againne. Cuirtear scéal na hÉireann agus muintir na hÉireann féin in iúl trí cheol, filíocht, ealaín, litríocht agus scannáin. Bíonn scéal iontach ann uaireanta agus uaireanta eile bíonn sé tragóideach. Is údar gaire é agus bíonn an fhírinne searbh ar uairibh freisin ach spreagtar sinn i gcónaí.

An raibh a fhios agat? Bhuaigh ceathrar Éireannach Duais Nobel don Litríocht: GB Shaw, WB Yeats, Samuel Beckett agus Seamus Heaney.

Ár dTeangacha

Agus deaslabharthacht mar cháil ar mhuintir na hÉireann, ní haon iontas é go bhfuil dhá theanga oifigiúil againn; Gaeilge agus Béarla. Cé go labhraíonn gach duine Béarla, Gaeilge is mó a labhraítear sa Ghaeltacht (ceantair ina labhraítear Gaeilge). Múintear an Ghaeilge sna scoileanna i gcónaí, ach sa lá atá inniu ann, deir thart ar 41% de na daoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn go labhraíonn siad ar a laghad beagán Gaeilge.

An raibh a fhios agat? Is í Cloch na Blarnan i gContae Chorcaí an ceann scríbe turasóireachta is mó tóir. Tagann cuairteoirí chun an chloch a phógadh chun go mbeidh bua deaslabharthacht na nÉireannach acu féin!