Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Próiseas na Síochána

Le próiseas síochána Thuaisceart Éireann tháinig deireadh le blianta fada coimhlinte. Bhí ról lárnach ag Rialtas na hÉireann sa phróiseas sin agus táimid fós i mbun oibre inniu.

Derry

Cúlra gairid

Rinneadh an deighilt pholaitiúil in Éirinn, a thosaigh leis na Plandálacha éagsúla ag coilínigh as Sasana agus as an Albain - go háirithe Plandáil Uladh, a dhaingniú go tíreolaíoch leis an gConradh Angla-Éireannach, a síníodh in 1921.  Leis an gConradh Angla-Éireannach scoilteadh oileán na hÉireann ina dhá aonán ar leithligh, agus Tuaisceart Éireann feasta mar chuid den Ríocht Aontaithe. Idir 1921 agus 1972, bhí a Rialtas Cineachta féin ag Tuaisceart Éireann, ar leithligh ón bParlaimint in Westminster.

Mar sin féin, bhí an Rialtas sin rialaithe ag an móramh Aontachtach i dTuaisceart Éireannach agus rinneadh leithcheal ar Náisiúnaigh, ó thaobh na polaitíochta, trí chlaonroinnt ar thoghcheantair agus freisin sa mhargadh saothair agus maidir le leithdháileadh tithíochta poiblí. In 1969, nuair a chuaigh póilíní i ngleic le lámh láidir le lucht feachtais na gcearta sibhialta síochánta tharla corraíl shibhialta agus rinneadh eagraíochtaí paraimíleatacha a athbheochan.

An Comhaontú Angla-Éireannach

I ndiaidh beagnach deich mbliana den fhoréigean, i dtús na 1980idí thosaigh Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine ag obair go dlúth le chéile ag iarraidh teacht ar réiteach polaitiúil a bheadh inghlactha don phobal iomlán i dTuaisceart Éireann.

Is é An Conradh Angla-Éireannach‌, an toradh a bhí air, é sínithe ag an dá Rialtas i mí na Samhna 1985. Cheadaigh sin do Rialtas na hÉireann dearcthaí agus moltaí a chur chun cinn ar ghnóthaí Thuaisceart Éireann.

Cuireadh struchtúir in áit freisin chun cuidiú leis an dá Rialtas oibriú i dtreo réiteach fadtéarmach a fháil ar an gcoimhlint.

An Comhdhearbhú

In 1993, d’eisigh an dá Rialtas An Comhdhearbhú‌, inar leagadh amach cairt do shíocháin agus don athmhuintearas in Éirinn.

Bunaíodh na prionsabail féinchinntiúchán agus comhthoiliú i ndáil le stádas Bunreachtúil Thuaisceart Éireann. Is éard a bhí i gceist leis sin go mbeadh sé faoi mhuintir Thuaisceart Éireann féin an stádas a bheadh ag Tuaisceart Éireann sa todhchaí a chinneadh agus nach bhféadfaí sin a bhrú orthu ó lasmuigh. Leis an gComhdhearbhú freisin, fuair na daoine sin a raibh baint acu le foréigean paraimíleatach deis páirt a ghlacadh sa phróiseas polaitíochta.

Cainteanna Ilpháirtí

D’fhógair an tIRA agus paraimíleataigh Aontachtach sos cogaidh in 1994.  I mí na Nollag 1995, bunaíodh comhlacht idirnáisiúnta faoi chathaoirleacht an tSeanadóra de chuid na Stáit Aontaithe George Mitchell chun airm na bparaimíleatach a dhíchoimisiúnú. Rinne an comhlacht sin tuairisciú ar an dul chun cinn a bhí á dhéanamh acu in 1996.

Mar sin féin, i mí Feabhra 1996, chuir an tIRA deireadh lena sos cogaidh agus chuaigh ar ais i mbun an fhoréigin.

Thosaigh cainteanna ilpháirtí in 1996, faoi chathaoirleacht an tSeanadóra Mitchell agus bhí Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine iad féin rannpháirteach agus na páirtithe go léir a bhí tofa i dTuaisceart Éireann. Fágadh Sinn Féin as an gcomhaireamh go dtí 1997, tráth ar fhógair an tIRA sos cogaidh eile.

Is é toradh na gcainteanna sin Comhaontú Aoine an Chéasta in Aibreán 1998.

Chun tuilleadh eolais a fháil

Tacaíonn an Ciste Athmhuintearais le grúpaí pobail agus le heagraíochtaí deonacha a oibríonn chun cur le síocháin i dTuaisceart Éireann agus chun feabhas a chur ar chaidrimh idir Thuaidh agus Theas agus idir Éirinn agus an Bhreatain.