Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Intéirneachtaí i Rannán Dlí na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Tugtar cuireadh d’iarratais le haghaidh intéirneach i Rannán Dlí na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.  Mairfidh na hintéirneachtaí ar feadh 11 mhí ar a mhéid, agus cuirfear tús leo i Lúnasa/Meán Fómhair 2017.

Ról an Intéirnigh i Rannán Dlí na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Lorgaíonn Rannán Dlí na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ionchur oiriúnach dlíthiúil a chinntiú i bhfoirmliú agus i gcur i bhfeidhm bheartas eachtrach na hÉireann agus chun cur le rannpháirtíocht éifeachtach i bhfóraim idirnáisiúnta dhlí. Tá fáil ar bhreis sonraí ar ról an Rannáin Dlí ag www.dfa.ie. Oibreoidh intéirneach sa Rannán Dlí faoi mhaoirsiú oifigeach sinsearach dlí sa Rannán. Beidh ar intéirneach cabhair a thabhairt chun tascanna agus tionscadail éagsúla a dhéanamh a bhaineann le hobair an Rannáin Dlí agus beidh taighde dlíthiúil i gceist leis seo, chomh maith.

Iarratais

Ní mór gur céimithe dlí atá sna hiarratasóirí ag dáta an iarratais (leibhéal 2:1, ar a laghad, nó a chomhionann de thaithí nó de cháilíocht). Is gá eolas an-mhaith a bheith ag an iarratasóir ar dhlí poiblí idirnáisiúnta, ar gnách go dtugann le fios staidéar iarchéime i limistéar an dlí phoiblí idirnáisiúnta nó grád 2:1 nó níos airde i gcúrsa dlí phoiblí idirnáisiúnta ar leibhéal fochéime. Ní mór go mbeidh eolas maith ginearálta ag iarratasóirí ar dhlí na hÉireann; bheadh eolas ar dhlí an AE agus ar dhlí na gceart daonna inmhianaithe chomh maith. Baineann ríthábhacht le scileanna maithe TF agus bheith in ann oibriú i bhfoireann. Bheadh sé ina bhuntáiste dá mbeadh eolas ar an bhFraincis nó ar theanga Eorpach eile ag an iarratasóir.

Déanfar rogha ar bhonn agallamh iomaíoch. Má fhaightear líon mór iarratas, cuirfear iarrthóirí ar ghearrliosta le haghaidh agallaimh ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn siad ina n-iarratas. Bunófar painéal ina gcuimseofar na hiarratasóirí, agus i ndiaidh an agallaimh, measfar cé na hiarratasóirí a bheidh oiriúnach don phost. Beidh siad rangaithe in ord fiúntais. Líonfar na poist intéirneachta ón bpainéal sin. D’fhéadfadh poist intéirneachta eile a bheith ar fáil i Rannóga eile sa Roinn ina dhiaidh sin, nó i misin thar lear, agus féadfar iarratasóirí ar an bpainéal a bhreithniú i gcomhair na bpost sin.

Féadtar foirmeacha iarratais a fháil maidir le hintéirneachtaí ón gcoláiste nó ón scoil a fuair an fógra seo nó féadfaidh tú foirm a iarraidh trí ríomhphost a sheoladh chuig: legalintern[at]dfa[dot]ie

Ba cheart iarratais a sheoladh ar ríomhphost chuig an seoladh a leanas: legalintern[at]dfa[dot]ie agus ba cheart iad a fháil tráth nach déanaí ná 5in Dé hAoine 21 Aibreán 2017. Trí fhaisnéis a sheoladh go leictreonach, glactar leis nach gá go mbeadh sonraí go hiomlán daingean. Má’s fearr é le h-aon iarrthóir, is féidir na foirmeacha iarratais a sheoladh sa phost chuig:

Fran Laycock Uasal
An Rannóg Dlí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
2 Sráid Chluain Meala, Baile Átha Cliath 2

Ní dhéanfar breithniú ar iarratais a fhaightear i ndiaidh an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Níor cheart go mbeadh sna hiarratais ach an fhoirm chomhlánaithe iarratais. Má theastaíonn aon cháipéisíocht bhreise, iarrfar ort an céanna a sholáthar in am trátha. Ná seol CVanna ar aghaidh, le do thoil.

Luach Saothair

Is é an ráta infheidhme pá é sin a shonraítear ar an gcéad phointe ar an scála de Scála Oifigeach Feidhmiúcháin.

Incháilitheacht

Ní féidir le hiarrthóirí a thug faoi intéirneacht nó fostaíocht sé mhí nó níos faide roimhe seo sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála nó Misean Taidhleoireachta Éireannach thar lear dul san iomaíocht.

Ba cheart go dtabharfadh iarrthóirí faoi deara nach bhfuil saoránaigh de Stáit lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíochta (LEE) in ann dul san iomaíocht. Is éard atá san LEE ná ballstáit an Aontais Eorpaigh mar aon leis an Íoslainn, an Lichtinstéin agus an Iorua. Ba cheart d’iarrthóir atá in amhras faoi seo teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta.            

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála tiomanta do bheartas Chomhdheiseanna. Ba cheart a thabhairt faoi deara go ndícháileofar aon iarrthóir go huathoibríoch a dhéanann iarracht, bíodh sí díreach nó indíreach, chun dul i gcion ar an bpróiseas roghnaithe.