Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 – Oifigigh Phoiblí Ainmnithe

Tháinig an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 i bhfeidhm ar an 1 Meán Fómhair 2015.

Foráiltear san Acht go mbunóidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí Clár ar líne maidir le gníomhaíocht bhrústocaireachta, chun faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir le cé hiad na daoine a rinne teagmháil le hoifigigh phoiblí ainmnithe i ndáil le beartais shonracha, ábhair reachtúla nó cinntí ionchasacha, agus go gcoinneoidh sé an clár sin cothrom le dáta. Ní mór do bhrústocairí tuairisciú a dhéanamh i dtaobh na hidirghníomhaíochta eatarthu féin agus Oifigigh Phoiblí Ainmnithe.

Éilítear in Alt 6(4) den Acht go bhfoilseoidh gach comhlacht poiblí liosta d'Oifigigh Phoiblí Ainmnithe an chomhlachta sin. Is acmhainn é an liosta do bhrústocairí a bhfuil tuairisceán á chomhdú acu leis an gClár, más gá dóibh sonraí oifigigh phoiblí ainmnithe a aimsiú. Tá liosta Oifigigh Phoiblí Ainmnithe na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála sa tábla thíos:

Ainm

Eagraíocht

Teideal

An tUasal Simon Coveney, T.D.

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

An tUasal Ciarán Cannon, T.D.

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

An tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta

Helen McEntee Uasal, T.D.

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

An tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha

Caitríona Fitzpatrick Uasal

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Comhairleoir Speisialta

An tUasal Niall Burgess 

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Ard-Rúnaí 

Geraldine Byrne Nason Uasal 

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Dara Ard-Rúnaí 

An tUasal Michael Collins

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Dara Ard-Rúnaí

An tUasal Rory Montgomery

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Dara Ard-Rúnaí

An tUasal Adrian O'Neill 

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Dara Ard-Rúnaí

An tUasal Bobby McDonagh 

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Leas-Ard-Rúnaí

An tUasal Brendan Rogers 

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Leas-Ard-Rúnaí 

Anne Barrington Uasal 

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Rúnaí Cúnta 

An tUasal Ruairí de Búrca

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Rúnaí Cúnta

An tUasal John Conlan 

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Príomhoifigeach Airgeadais 

Maeve Collins Uasal

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Rúnaí Cúnta

Ann Derwin Uasal

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Rúnaí Cúnta

An tUasal Michael Gaffey 

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Rúnaí Cúnta 

An tUasal Austin Gormley

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Rúnaí Cúnta

An tUasal Joe Hackett

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Rúnaí Cúnta

An tUasal Tom Hanney 

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Rúnaí Cúnta

An tUasal Justin Harman 

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Rúnaí Cúnta 

Sonja Hyland Uasal

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Rúnaí Cúnta 

Barbara Jones Uasal

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Rúnaí Cúnta

An tUasal J P Kavanagh 

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Rúnaí Cúnta

An tUasal Declan Kelleher 

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Rúnaí Cúnta

An tUasal James Kingston 

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Comhairleoir Dlí 

An tUasal Eamonn McKee 

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Rúnaí Cúnta 

An tUasal Dan Mulhall 

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Rúnaí Cúnta

An tUasal Fergal Mythen

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Rúnaí Cúnta 

Aingeal O'Donoghue Uasal

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Rúnaí Cúnta

Patricia O'Brien Uasal 

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Rúnaí Cúnta

An tUasal Colm Ó Floinn 

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Rúnaí Cúnta 

Orla O'Hanrahan Uasal

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Rúnaí Cúnta

An tUasal Eoin O'Leary 

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Rúnaí Cúnta 

An tUasal Barrie Robinson 

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 

Rúnaí Cúnta 

Is í Fiona Flood Uasal, Stiúrthóir an Aonaid um Shlándáil, Comhordú agus Comhlíonadh, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tOifigeach Ainmnithe maidir le dul i gcomhairle leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

Treoir

Faoin reachtaíocht, tá ról ag an gCoimisiún um Chaighdeáin i dtaobh treoir agus faisnéis a eisiúint agus an tuiscint ar an reachtaíocht a chur chun cinn. D'fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin, i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, treoir d'Oifigigh Phoiblí Ainmnithe maidir leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil.

Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an reachtaíocht agus treoir bhreise faoin Acht ar fáil ar an suíomh gréasáin maidir le Brústocaireacht a Rialáil ag www.lobbying.ie. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil freisin ach teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin ag info@lobbying.ie nó ar 01-6395722.