Jimmy Deenihan, TD
Aire Stáit i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a bhfuil freagracht ar leith aige i leith an Diaspóra
Is é Jimmy Deenihan TD an tAire don Diaspóra. Ceapadh é sa ról seo an 11 Iúil, 2014, tar éis dó fónamh roimhe seo ina Aire Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta.
D’fhóin an tAire Deenihan go leanúnach i nDáil Éireann ó toghadh ar dtús é i 1987. Roimhe sin, ó 1982- 1987, b’ainmní de chuid an Taoisigh é i Seanad Éireann. Is iad seo a leanas na poist a bhí aige sular ceapadh é ina Aire don Diaspóra:
Márta 2011 - Iúil 2014: Aire Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta
Iúil 2010 - Márta 2011: Urlabhraí Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt
Iúil 2007 - Iúil 2010: Urlabhraí ar chúrsaí Cosanta
Meitheamh 2002 - Bealtaine 2007: Urlabhraí Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta
Feabhra 2001 - Meitheamh 2002: Comhairleoir ag Ceannaire Fhine Gael ar Bheartas Thuaisceart Éireann agus Urlabhraí ar chúrsaí Spóirt
1997 - 2000: Urlabhraí ar Oifig na nOibreacha Poiblí
1994 - 1997: Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta le freagracht ar leith as Forbairt Tuaithe, an clár LEADER, agus An Bord Bia agus tionscal an bhia.
1992 - 1994: Urlabhraí ar chúrsaí Turasóireachta agus Trádála
1988 -1993: Urlabhraí ar chúrsaí Óige agus Spóirt
Bhí an tAire Deenihan ina bhall roimhe seo ar Chomhairle Contae Chiarraí ó 1985 go 1994, agus ina bhall de Choiste Gairmoideachais Chontae Chiarraí ó 1985 go 1991. Ó 1992 go 1994 ba bhall de Bhord Fiontar Contae Chiarraí é agus atoghadh é ar Comhairle Chiarraí i Meitheamh 1999.
Ba bhall de Chumann Lúthchleas Gael é an tAire Deenihan a bhain boinn Chraobh na hÉireann sa pheil le Ciarraí i 1975, 1978, 1979, 1980 agus i 1981, an bhliain a raibh sé ina chaptaen ar an bhfoireann. Bronnadh Gradam na Réaltaí de chuid an GAA air i 1981.
Na Meáin shóisialta
Twitter @JimmyDeenihanTD