Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Colm Brophy, TD

CV an tAire Stáit um Cúnamh Forbartha Thar Lear agus Diaspóra, Colm Brophy TD

Minister Colm Brophy TD 

Ceapadh Colm Brophy mar an tAire Stáit a bhfuil freagracht air i leith Cúnamh Forbartha Thar Lear agus Diaspóra ar an 1 Iúil 2020. Is Teacht Dála de chuid Fhine Gael é a dhéanann ionadaíocht ar Bhaile Átha Cliath Thiar Theas. Toghadh chun na Dála den chéad uair é in 2016.  Le linn an 32ú Dáil, bhí sé ina Chathaoirleach ar an gCoiste um Fhormhaoirsiú Buiséid, a bunaíodh in 2016 chun ról an Oireachtais sa phróiseas foirmithe buiséid a fheabhsú.  Bhí sé ina Chomhalta den Chomhchoiste um Dhlí agus Cirt agus Comhionannas agus den Chomhchoiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh freisin.

Bhí sé ina chomhalta de Chomhairle Contae Átha Cliath Theas idir 2008 agus 2016. Is iarchomhalta de Bhord na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe é Colm. Is iar-Uachtarán ar Aontas Rialtas Áitiúil na hÉireann é Colm freisin.