Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Seán Fleming, TD

Seán Fleming

Tá Seán Fleming ina Aire Stáit ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus freagracht don Fhorbairt Idirnáisiúnta agus don Diaspóra aige. Ceapadh é sa ról seo i mí na Nollag 2022.

Bhí sé ina Aire Stáit sa Roinn Airgeadais roimhe sin.

Toghadh Seán chun ionadaíocht a dhéanamh ar dháilcheantar Laoise - Uíbh Fhailí in Olltoghchán 2020, tar éis dó a bheith tofa chun na Dála den chéad uair in 1997.

Toghadh é freisin mar bhall de Chomhairle Contae Laoise in 1999 agus d'oibrigh sé sa ról ar feadh níos mó ná 4 bliana. Cuntasóir a fuair oideachas i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, is ea Seán, agus bhí sé ar Choiste um Chuntais Phoiblí na Dála. Bhí sé ina Chomhalta freisin den Choiste Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus ina urlabhraí de chuid Fhianna Fáil ar Chaiteachas Poiblí agus Athchóiriú.