Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Na struchtúir atá againn

Is é Teach Uíbh Eachach, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath ceanncheathrú na foirne sa bhaile agus sna hAmbasáidí thar lear.

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Tá an Roinn comhdhéanta de rannáin agus d’aonaid ag an gceanncheathrú agus de líon iomlán de 73 oifig taidhleoireachta agus consalachta thar lear, ar a dtugtar "misin" go minic, chomh maith le Rúnaíocht Idir-rialtais na hÉireann-na Breataine i mBéal Feirste agus Comhrúnaíocht na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas in Ard Mhacha.

Soláthraíonn ceanncheathrú na Roinne tacaíocht beartas don Rialtas, seirbhísí poibi)lí tábhachtacha agus cuidítear le hobair líonra na nAmbasáid. Tá seasamh ar leith ag ár nAmbasáidí chun raon tábhachtach gníomhaíochtaí a dhéanamh ó dhualgais ionadaíocha go dtí obair chur chun cinn chun seirbhísí riachtanacha a sholáthar do mhuintir na hÉireann thar lear.

Struchtúir bainistithe

An tArd-Rúnaí a bhainistíonn an Roinn, faoi threoir pholaitíochta an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Micheál Martin T.D. Is é Joe Hackett an tArd-Rúnaí.

Faigheann an tArd-Rúnaí tacaíocht ó Choiste Comhairleach Bainistithe (MAC) atá comhdhéanta de Rúnaithe Cúnta na Roinne lonnaithe ag an gceanncheathrú. Tuairiscíonn Ambasáidí chuig rannáin nó aonaid ceannais bunaithe ar thosaíochtaí agus ar fhreagrachtaí tír-eolaíoch.

Tá an Rannán Trádála agus Chur Chun Cinn freagrach as, i measc nithe eile, straitéis chur chun cinn trádála agus comhordú, an Chomhairle Trádála Onnmhairithe agus an maoirsiú a dhéanfaidh sí ar an Straitéis Trádála go dtí 2015, teachtaireachtaí geilleagair, caidrimh chultúir (lena n-áirítear leithroinnt deontais) agus faisnéis. Déanann an rannán idirchaidreamh le Gníomhaireachtaí Stáit, le Ranna Rialtais eile agus leis an earnáil phríobháideach i ndáil le gach gné de chur chun cinn trádála agus teachtaireacht gheilleagrach.  

Bainistíonn an Rannán Comhoibrithe Forbartha clár cúnaimh thar lear an Rialtais, Cúnamh Éireann.  Is gné lárnach í Forbairt Thar Lear de bheartas eachtrach na hÉireann.  Maoirsíonn an Rannán caidrimh comhoibrithe forbartha na hÉireann le comhpháirtithe déthaobhacha, iltaobhacha agus den sochaí sibhialta sa bhreis ar eagraíochtaí agus institiúidí atá bunaithe in Éirinn.  Tá freagracht ceannais ag Aonad na hAfraice as caidrimh pholaitíochta leis an Afraic agus as feidhmiú Straitéis Afraice na Roinne.

Bainistíonn an Rannán Polaitíochta gnéithe polaitíochta den bheartas eachtrach.  Tugann sé treoir faoi chearta daonna, dí-armáil agus neamhiomadú, beartas slándála idirnáisiúnta, drugaí agus sceimhlitheoireacht, saincheisteanna maidir leis na Náisiún Aontaithe, an OSCE, Comhairle na hEorpa, agus tá sé freagrach freisin as comhordú Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais (CFSP). 

Tá an Rannán Eorpach freagrach as gach gné de chaidrimh déthaobhach le tíortha AE agus le tíortha Eorpacha eile.  Tugann sé treoir maidir leis an méid a chuireann Éire le méadú an AE agus maidir le beartais chomharsanachta agus caidrimh sheachtrach.  Bíonn sé i ndlúth-theagmháil le Rannán an AE i Roinn an Taoisigh maidir le gach ábhar tábhachtach de chuid an AE agus de bharr go bhfuil go leor d’fhoireann na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála curtha ar iasacht go sealadach ansin, tá caidreamh speisialta leis an Roinn sin.  Tá an Rannán freagrach as oifigí taidhleoireachta na hÉireann san Eoraip a bhainistiú.

Oibríonn an Rannán Angla-Éireannach chun síocháin agus athmhuintearas a chur chun cinn ar oileán na hÉireann trí fheidhmiú iomlán Chomhaontú Aoine an Chéasta.  Oibríonn an Rannán le raon comhpháirtithe idirnáisiúnta ina leith sin agus soláthraítear tacaíocht phraiticiúil freisin ó thaobh cláir ar mhaithe le forbairt pobail agus gníomhaíochtaí athmhuintearais i dTuaisceart Éireann. Tá freagracht ceannais ag an Rannán as gach gné den chaidrimh leis an Ríocht Aontaithe (seachas ábhair inmheánacha an AE), na Stáit Aontaithe agus Ceanada, mar aon leis an Astráil agus an Nua-Shéalainn.  Tá freagrachtaí ag an Rannán as oifigí taidhleoireachta na hÉireann sna réigiúin sin a bhainistiú.

Bainistíonn An tAonad um Éireannaigh Thar Lear agus an Líonra Domhanda Éireannach an rannpháirtíocht a dhéantar le hÉireannaigh thar lear, tugtar cúnamh do phobail Éireannach a nasc le hÉirinn a choinneáil agus bítear rannpháirteach go gníomhach leo chun cuspóirí an Rialtais a chur chun cinn tuilleadh go hidirnáisiúnta.

Is aonaid réigiúnacha Aonad an Mheánoirthir agus na hAfraice Thuaidh, Aonad an Aigéin Chiúin agus na hÁise agus Aonad Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib a bhfuil freagracht ceannais acu as bainistiú ar chaidrimh le tíortha ina gceantair gheoghrafacha faoi seach, lena n-áirítear oifigí na hÉireann agus na hAmbasáidí atá lonnaithe ansin a bhainistiú. 

Tá an Rannán Consalachta agus Pas freagrach as seirbhísí consalachta agus pas ar ardchaighdeán a chinntiú do shaoránaigh na hÉireann.

Soláthraíonn an Rannán Dlí comhairle agus faisnéis dlí don an tAire agus don Roinn ar nithe a bhaineann le dlí idirnáisiúnta poiblí, dlí cearta daonna agus dlí an Aontais Eorpaigh agus ar shaincheisteanna dlí iomchuí eile. Forbraítear agus feidhmítear beartas dlí idirnáisiúnta i réimsí mar ceartas coiriúil idirnáisiúnta, dlí daonnúil idirnáisiúnta agus dlí na farraige. Déanann an Rannán ionadaíocht ar Éirinn in imeachtaí agus i bhfóraim dlí idirnáisiúnta. Riartar Oifig Conarthaí na Roinne agus comhlíontar feidhmeanna i ndáil le heiseachadadh agus cúnamh frithpháirteach.

Tá an tSeirbhís Phrótacail freagrach as cuairteanna thar lear an Uachtaráin agus cuairteanna chuig Éirinn ag Ceann an Stáit, Ceann an Rialtais agus leibhéal na nAirí Gnóthaí Eachtracha a ullmhú agus a eagrú. Táthar freagrach freisin as seirbhís fáilteachais ar ardchaighdeán a sholáthar ag imeachtaí oifigiúla arna reáchtáil ag an tAire i dTeach Iveagh agus ag ionaid eile mar Chaisleán Bhaile Átha Cliath.  Éascaíonn an tSeirbhís Phrótacail le feidhmiú misin thaidhleoireachta in Éirinn de réir oibleagáidí na hÉireann faoi Choinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Taidhleoireachta agus reachtaíocht iomchuí na hÉireann agus bainistítear iarratais ar Cheadanna Taidhleoireachta d'eitleáin Stáit agus cuairteanna cabhlaigh a bhíonn ag teacht isteach sa tír agus ag fágáil na tíre.

Bainistíonn an Oifig Preasa an preas, faisnéis agus láithreacht ar líne na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.  Is é ról na hoifige na meáin agus an pobal a chur ar an eolas faoinár gcuid oibre agus seirbhísí agus cuidiú chun íomhá dearfach ar Éirinn a chur chun cinn thar lear. 

Soláthraíonn an Rannán Seirbhísí Corparáideacha na seirbhísí seo a leanas don cheanncheathrú agus do mhisin, Bainistiú agus Forbairt Acmhainní Daonna, Airgeadas, Teicneolaíocht Faisnéise, Cóiríocht mar aon le seirbhísí eile.

Athbhreithníonn an tAonad Straitéise agus Feidhmíochta oibríochtaí agus córais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála in Éirinn agus ag a nAmbasáidí agus ag a n-oifigí thar lear, agus déantar moltaí chun feabhas a chur ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na Roinne.

Cinntíonn an tAonad Meastóireachta agus Iniúchta go ndéantar ár gcuid oibre a mheas agus a iniúchadh le cáilíocht na hoibre a chothabháil, le pé áit a bhfuil feabhas le déanamh a fháil amach agus lena chinntiú go gcoinnítear cuntas ar an airgead a chaitear agus go mbeidh luach ar airgead ann d'airgead an cháiníocóra.Tuairiscíonn an t-aonad go díreach chuig an Ard-Rúnaí.

Cá bhfuil muid

Tá ceanncheathrú na Roinne i dTeach Uíbh Eachach, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath. Tá Cúnamh Éireann lonnaithe i Luimneach agus i mBaile Átha Cliath, agus tá roinnt oifigí de chuid na Roinne lonnaithe in áiteanna eile i lár Bhaile Átha Cliath. Tá Oifigí na bPasanna lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Baile Brigín agus Corcaigh.