Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Conas iarratas a dhéanamh ar Shaoráil Faisnéise

Tá cead agat faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 rochtain a fháil, a mhéid is féidir, ar fhaisnéis atá i seilbh na Roinne. Tugann siad de cheart duit go gceartófaí do shonraí pearsanta nó go dtabharfaí cothrom le dáta iad agus go dtabharfar cúiseanna duit faoi na cinntí arna ndéanamh ag an Roinn a théann i bhfeidhm ort.

Nuair a dhéanann tú iarratas ní mór duit na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  1. An t-iarratas a chur isteach i scríbhinn mar aon leis an táille chuí - agus ba cheart go mbeadh sé soiléir go leor chun go dtuigfimid cad iad na taifid atá uait. I gcásanna nach féidir linn a thuiscint cad iad na taifid atá uait, cabhróimid leat iad a aithint.
  2. Inis dúinn i do litir go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise.
  3. Seol d'iarratas chuig:

An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise
An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
76/78 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: 01 408 2835

R-phost: foi@dfa.ie