Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cé dóibh a bhfuilimid freagrach?

Táimid freagrach do mhuintir na hÉireann as seirbhísí éifeachtacha agus éifeachtúla a chur ar fáil in Éirinn agus thar lear trí roinnt comhlachtaí poiblí seachtracha. 

Accountability

Tithe an Oireachtais

Tá an Roinn freagrach do Thithe an Oireachtais (don Reachtas) ar an gcéad dul síos, trí cheisteanna parlaiminte agus trí na coistí Oireachtais seo a leanas:

Is féidir le Teachtaí ceisteanna a chur ar an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála maidir le haon saincheisteanna beartais nó riaracháin. Foilsítear na freagraí a thugtar ar cheisteanna parlaiminte gach lá i rannán na nDíospóireachtaí ar láithreán Gréasáin an Oireachtais.

Tagann Airí os comhair coistí Oireachtais go rialta chun tuairisc a thabhairt ar bheartas eachtrach na hÉireann agus an AE, ar shaincheisteanna idirnáisiúnta agus ar nithe a bhaineann le Tuaisceart Éireann. Is féidir tras-scríbhinní na ndíospóireachtaí sin a fháil ar láithreán Gréasáin an Oireachtais.

Tagann Ard-Rúnaí na Roinne os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí gach bliain.

An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh ar ár gcuntas agus tugann tuairisc fúthu agus tugann dearbhú neamhspleách go bhfuil airgead poiblí á bhainistiú i gceart, gur caitheadh é go héifeachtach agus go bhfuil sé ag cuidiú le feabhsuithe sa chóras riaracháin phoiblí.

An Coiste Iniúchóireachta

Déanann Coiste Iniúchóireachta neamhspleách maoirsiú ar chóras cuntasachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

Táimid freagrach don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe  as an dul chun cinn atá déanta againn maidir le cur i bhfeidhm an Chláir um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí. Is é aidhm an Chláir eagraíochtaí ard-fheidhmithe a chinntiú sa tseirbhís phoiblí a bheidh bunaithe ar ionracas, ar chuntasacht, ar chothroime, agus ar oscailteacht.