Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tionscnamh Óige Global Horizons

Is clár nua é Tionscnamh Óige Global Horizons chun tabhairt ar dhaltaí Éireannacha dul i ngleic le gnóthaí idirnáisiúnta agus le hobair na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála chun leasanna agus luachanna na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain.

Tabharfaidh sé sárthaispeántas ar obair na Roinne chun rathúlacht eacnamaíoch na hÉireann a chur chun cinn, seasamh lenár luachanna agus ár leasanna i dtimpeallacht domhanda atá ag athrú go tapa, agus chun cosaint a thabhairt d’Éireannaigh thar lear trí sheirbhísí consalachta agus pas a chur ar fáil mar aon le maoiniú agus tacaíocht do ghrúpaí eisimirceach.

Beidh an Clár dírithe go príomha ar dhaoine óga, ó dhaltaí meánscoile, go háirithe daltaí na hIdirbhliana, go dtí mic léinn tríú leibhéal agus céimithe atá ag déanamh machnaimh ar an gcéad chéim eile a thógfaidh siad. Is iad trí shraith an Chláir: Clár Scoláirí Uíbh Eachach, Taidhleoirí sa Seomra Ranga, agus Ionadaíocht a Dhéanamh Thar Ceann na hÉireann Thar Lear.

Le tuilleadh eolais a fháil, bain úsáid le do thoil as an bhfoirm theagmhála atá ar fáil anseo, roghnaigh ‘Gach ceist eile’, agus luaigh ‘Global Horizons’ sa bhosca iarratais.”