Cathain ar chóir dom cur isteach ar phas nua?
Seiceáil an dáta a théann do phas reatha as feidhm sula dtéann tú ar aon turas thar lear agus bí cinnte go bhfuil an bhailíocht cheart aige don tír a bhfuil tú chun cuairt a thabhairt uirthi. Ní gá duit fanacht go dtí go dtéann do phas reatha as feidhm chun iarratas a dhéanamh ar cheann nua.
Freisin, tugaimid an deis duit leas a bhaint as seirbhís meabhrúcháin pas a chuirimid ar fáil trína gcuirimid ríomhphost chugat á chur in iúl duit go rachaidh do phas as feidhm i gceann 3 mhí.