Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Céard a dhéanfaidh mé mura dtig liom teacht ar an deimhniú bunaidh breithe/pósta?

Chun calaois a chosc, áitímid go gcaithfidh gach iarratasóir na deimhnithe bunaidh breithe/pósta a chur isteach. Ní ghlacaimid le leaganacha lannaithe ná deimhnithe de na doiciméid sin ná le fótachóipeanna díobh.

Más rud é gur rugadh tú/gur phós tú in Éirinn, déan teagmháil leis an oifig seo a leanas:

An Phríomh-Oifig Chlárúcháin,
Áras an tSeoighigh, 
8-11 Sráid Lombard Thoir,
Baile Átha Cliath 2.

Teil:+353 1 635 40 00

Suíomh idirlín: www.groireland.ie

Más rud é gur rugadh tú/gur phós tú i dTuaisceart Éireann:

General Register Office for Northern Ireland,
Oxford House,
49-55 Chichester Street,
Belfast,
BT1 4HL.

Suíomh idirlín: www.nidirect.gov.uk

Má tá cónaí ort lasmuigh d’Éirinn agus de Thuaisceart Éireann, déan teagmháil, le do thoil, leis na húdaráis clárúcháin chuí i dtír do bhreithe/do phósta.